Éamann Beannaithe de Rís, duine rialta: Bealtaine 5

Ba as Callann, Co. Chill Chainnigh, do Éamann Iognáid Rís (1766-1844). Fuair a bhean bás óg agus ansin dhíol sé a raibh aige agus rinne a shaol a thíolacadh d’oideachas na mbocht. Chun a aidhm a chur chun cinn bhailigh sé gasra fear a bhí ar aon aigne leis le chéile agus thóg siad móideanna creidimh go saothróidís le chéile ag cur oideachais ar bhuachaillí Caitliceacha. Is eiseamlár é de dhuine a ghlacann go gealgháireach foighneach le cibé cros a thugann Dia dó le hiompar, ba aspal tuata é go firinneach, agus duine a bhí tíolachta go daingean don bheatha rialta. 

© Cumann na Sagart 2012