Naomh Bréanainn, ab

Ba Chiarraíoch é Bréanainn a rugadh sa bhliain 486. Rinne sé staidéar i mainistir Chluain Ioraird faoi Naomh Finnian. Sa seanchas tá dlúthbhaint ag a ainm lena lán áiteanna i gContae Chiarraí, mar atá Ard Fhearta, Cnoc Bréanainn, Tobar Bhréanainn, na blascaodaí agus Oileán Dairbhre. Thug sé cuairt ar Albain agus shroich sé Inse Ghall agus, b’fhéidir áiteanna níos faide i gcéin. Bhunaigh sé mainistir i gCluain Fearta sa bhliain 576 agus d’éag sé ansin sa bhliain 578.

© Cumann na Sagart 2012