Dia do bheatha ‘Naí Naoimh

35      

Dia do bheatha ‘Naí Naoimh,

Sa mainséar cé taoi bocht.

Meidhreach saibhir atá Tú

Is glórmhar id’ dhún anocht.

 

Ar neamh riamh gan mháthair duit,

Gan athair ‘nár gcrích anocht,

I t’Fhíor-Dhia ‘riamh atá Tú

Is id dhuine ar dtús anois.

 

Sé do bheatha, a Íosa arís

Sé do bheatha i gclí an Óigh.

A Ghnúis is áille ‘ná an ghrian

Na mílte fáilte, id’ Dhia óig

 

A Mhuire, a Mháthair óg,

Oscail doras an chró dhomh,

Go n-adhrad Ard-Rí na ndúl;

Nach córa dhuinn ‘ná do dhamh?

 

Míle fáilte anocht i gclí

Le mo chroí dom Rí fhial,

I n-ár nádúir ó do chuaigh,

Póg is fáilte uaim do Dhia.

Duanta nollag sean og o t

    Dia bheatha a nai naoimh  le sean o casaide

 

 [Aifreann Sean Ó Casaide]

© Cumann na Sagart 2017