Naomh Cainneach, ab: Deireadh Fómhair 11

Is i gceantar Chiannachta/ Dhún Gheimhin i gContae Dhoire a rugadh Naomh Cainneach c.527. Cé go raibh a muintir bocht rinne sé staidéar faoi threoir Naomh Finnian i gCluain Ioraird agus faoi Naomh Mobhí i nGlas Naíon. D’fhás dlúthchairdeas idir é féin agus Naomh Colm Cille agus ar  feadh tamaill d’oibrigh sé i gcomhar le Colm Cille in Albain agus bhunaigh sé roinnt eaglaisí ansin. In Éirinn bhí  a phríomhmhainistir i nAchadh Bó i gContae Laoise. I bhfad ina dhiaidh sin tiomnaiodh eaglais do Naomh Cainneach i gCill Chainnigh. D’éag sé sa bhliain 603.

© Cumann na Sagart 2012