Liturgical Readings for:   Tuesday, 7th September, 2010

Liturgical notes:
None

Next Sunday's Readings
Readings in English



AN CHÉAD LÉACHT:          1 Coirintigh 6:1-11
A bhráithre,nuair a bhíonn cúis ag duine agaibh ar dhuine eile an mbíonn sé d’éadan air an scéal a chur faoi bhreith na neamhfhíréan in ionad na naomh? An é nach dtuigeann sibh gurb iad na naoimh a thabharfaidh breith ar an domhan? Agus más oraibhse atá breith a thabhairt ar an domhan, an amhlaidh nach bhfuil sibh in ann ceisteanna suaracha a réiteach? Nach bhfuil a fhios agaibh go dtabharfaimid breith ar na haingil féin gan trácht ar nithe saolta? Dá bhrí sin má bhíonn cúrsaí saolta le réiteach agaibh, cad ab áil libh iad a chur faoi bhreithiúnas daoine nach bhfuil seasamh ar bith sa phobal Críostaí acu? Mo náire sibh! An amhlaidh nach bhfuil aon duine stuama oraibh féin a d’fhéadfadh réiteach a dhéanamh idir a bhráithre, ach bráthair ag cur dlí ar bhráthair agus é a dhéanamh i láthair ainchreidmheach?

Is locht oraibh a bheith ag dul chun dlí le chéile ar chor ar bith. Cén fáth nach gcuireann sibh suas leis an éagóir? Cén fáth nach bhfulaingíonn sibh leis an bhfeall? Ina ionad sin is amhlaidh a bhíonn sibh féin ag déanamh na héagóra agus an fhill agus is ar bhur mbráithre féin é chomh maith. An é nach dtuigeann sibh nach bhfaighidh
drochdhaoine ríocht Dé mar oidhreacht? Ná bíodh aon dul amú oraibh: drúisigh ná íoltóirí ná adhaltraigh ná piteoga ná sodamaigh ná gadaithe ná santacháin ná meisceoirí ná cáinteoirí ná robálaithe – ní bhfaighidh siad ríocht Dé mar oidhreacht. Agus is mar sin a bhí cuid agaibhse tráth ach tá sibh nite anois, tá sibh coisricthe agus fíréanaithe in ainm an Tiarna Íosa Críost agus i Spiorad ár nDé.

Salm le freagra            Sm 149
Freagra                         Óir tugann an Tiarna taitneamh dá phobal.

1. Canaigí amhrán nua don Tiarna;
    moltar é i gcomhthionól na bhfíréan.
    Déanadh Iosrael gairdeas faoina gcruthaitheoir;
    bíodh ríméad ar chlann Shíón faoina Rí.        Freagra

2.  Molaidís a ainm le rince;
     déanaidís ceol ar an gcláirseach is ar an gcruit.
       Óir tugann an Tiarna taitneamh dá phobal;
     tugann sé an bua do lucht na huirísle.           Freagra

3. Bíodh gairdeas ina nglóir ag na fíréin;
    canaidís le lúcháir ina leapacha.
    Bíodh mórmholtaí Dé ina mbéal acu;
    is í an ghlóir seo atá i ndán dá naoimh uile.   Freagra

AN SOISCÉAL              Lúcás 6:12-19

San am sin chuigh Íosa amach faoin sliabh chun guí, agus thug an oíche go léir ag guí Dé. Agus nuair a bhí ina lá, ghoir sé chuige a dheisceabail, agus thogh dáréag astu agus thug mar ainm orthu, aspail: Síomón, ar ar thug sé Peadar, agus Aindrias a dheartháir, Séamas agus Eoin, Pilib agus Parthalán, Matha agus Tomás, Séamas mac Alfáias, agus Síomón ar a nglaotar an díograiseach, Iúdás mac Shéamais, agus Iúdás Isceiriót a d’iompaigh ina bhrathadóir.

Ar theacht anuas dó in éineacht leo, sheas sé ar thalamh réidh, agus bhí ansin comhthionól mór dá dheisceabail agus slua mór den phobal as Iúdáia go léir agus as Iarúsailéim agus as cósta na Tuíre agus na Síodóine a tháinig ag éisteacht leis agus ag fáil leigheas ar a ngalair; agus iad seo freisin a bhí á gcrá ag spioraid mhíghlana, bhí siad á leigheas. Agus bhí an slua ar fad ag iarraidh baint leis, óir bhí cumhacht ag teacht uaidh agus á leigheas uile.

 


AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart