Liturgical Readings for: Sunday, 12th September, 2010
Liturgical notes:
The Holy Name of Mary and St Ailbe, bishop are not celebrated this year
Today's Readings
Readings in English
AN CHÉAD LÉACHT: Exodus 32:7-11. 13-14
Dúirt an Tiarna le Maois: “Síos leat! óir an pobal sin agat a thug tú amach as tír na hÉigipte, thruaillíodar iad féin. Is luath atá siad imithe i leataobh ón mbealach a d’ordaigh mé dóibh; rinneadar lao de mhiotal leáite dóibh féin agus d’adhradar é agus rinneadar íobairt dó, agus liúdar: ‘Seo é do dhia, a Iosrael, a thug thú amach as tír na hÉigipte.’” “Is léir dom,” arsa an Tiarna le Maois, “a cheanndáine mar phobal an pobal seo! Lig dom anois más ea agus lasfaidh m’fhearg go dian ina gcoinne á ndísciú; tusa ámh, déanfaidh mé náisiún mór díot.” Ach chrom Maois ar ghuí chun an Tiarna a Dhia: “A Thiarna,” ar sé, “cén fáth go lasfadh do fhearg go dian i gcoinne do phobail féin, an pobal a thug tú amach as tír na hÉigipte le mórchumhacht agus le láimh thréan? Cén fáth é a thabhairt le rá do na hÉigiptigh: ‘I bhfeall a rug sé amach iad, d’fhonn iad a mharú sna sléibhte agus iad a scrios de chlar na cruinne’? Scaoil uait d’fhearg chuthaigh, agus scoir den drochíde seo a thabhairt ar do phobal. Cuimhnigh ar Abrahám, ar Íosác agus ar Iosrael, do shearbhóntaí, dár mhionnaigh tú dar thú féin agus dár gheall tú: ‘Déanfaidh mé bhur síol chomh líonmhar le réaltaí neimhe, agus an tír seo go léir a gheall mé, tabharfaidh mé do bhur sliocht é agus beidh sé ina oidhreacht acu go síoraí.’” Bhog an Tiarna dá bhrí sin, agus níor thug sé ar a phobal an drochíde a bhagair sé.
SALM LE FREAGRA. Sm 50
Freagra : Cuirfidh mé chun bóthair
agus rachaidh mé chun m'athar.
I. Déan trócaire orm, a Dhia, de réir do bhuanghrá;
de réir do mhórthruamhéile scrios amach mo chionta.
Nigh m'urchóid díom go hiomlán
agus glan díom mo pheaca. Freagra
2. Cruthaigh croí glan dom, a Dhia,
agus cuir isteach ionam spiorad daingean.
Ná teilg ó do radharc mé,
agus do spiorad naofa ná bain díom. Freagra
3. A Thiarna, oseail mo bheola
agus foilseoidh mo bhéal do mholadh.
Spiorad brúite, a Dhia, is é sin m'íobairt duit;
de chroí brúite briste ní dhéanfaidh tú neamhshuim, a Dhia. Freagra
Alleluia Véarsa Eo 6: 63, 68
Alleluia, alleluia!
Na focail atá ráite agat, a Thiarna, is spiorad agus is beatha iad.
Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
Alleluia!
AN SOISCÉAL : Lúcás 15:1-10
San am sin na poibleacánaigh agus na peacaigh, bhí siad uile ag teacht ina ghar chun bheith ag éisteacht leis. Agus bhí na Fairisínigh agus na scríobhaithe ag monabhar: “Glacann an duine seo peacaigh chuige,” deiridís, “agus itheann sé ina gcuibhreann.” Agus labhair sé an parabal seo leo: “Cén duine agaibh a mbíonn céad caora aige agus go gcaillfidh sé aon cheann amháin acu, nach bhfágann an naoi nóchad eile san fhásach agus dul ina diaidh siúd a bhí caillte nó go bhfaigheann í? Agus nuair a fhaigheann,
buaileann ar a ghuaillí í go háthasach, agus ar theacht abhaile dó, glaonn sé a chairde agus a chomharsana le chéile, ag rá leo: ‘Déanaigí comhghairdeas liom, óir, an chaora a bhí caillte agam, fuair mé í.’ Deirim libh, is amhlaidh sin a bheidh níos mó áthais sna flaithis faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí ná faoin naoi bhfíréin nóchad nach mbíonn gá le haithrí acu.
“Nó cén bhean a mbíonn deich ndrachma aici, má chailleann sí aon drachma amháin,
nach lasann lampa agus an teach a scuabadh agus léirchuardach a dhéanamh nó go bhfaigheann é? Agus nuair a fhaigheann, glaonn sí a cairde agus mná a comharsan le chéile, ag rá: ‘Déanaigí comhghairdeas liom, óir, an drachma a bhí caillte agam, fuair mé é.’ Is amhlaidh sin, deirim libh, a bhíonn áthas i láthair aingeal Dé faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí.”