|
Féilire Naoimh na hÉireann EANAIR FEABHRA MÁRTA AIBREÁN BEALTAINE MEITHEAMH IÚIL LÚNASA MEÁN FÓMHAIR DEIREADH FÓMHAIR SAMHAIN
Mí na NOLLAG Nóta: Tá dhá chineál chomórtha ann, cinn atá éigeantach agus cinn atá roghnach. Tá comóradh breactha síos os comhair na gceann atá éigeantach agus is i gcló iodáileach atá na cinn roghnacha Féilire Naoimh na hÉireann Eanair Eanair 3: Naomh Mainchín, Easpag Níl de eolas againn faoi Naomh Mainchín ach an méid atá le fáil i nginealaigh Dhál gCais. Deirtear gur shíolraigh sé ó Shéanna, mac Cais. Sa seachtú aois tugadh Inis Sibton dó in Inbhear na Sionainne (Luimnigh) ainneoin gur rugadh é, de réir cosúlachta, i gceantar Dhál gCais mar a raibh paróiste agus seanreilig Chill Mhainchín. Eanair 15: Naomh Íde, maighdean Sna déise a rugadh Naomh Íde. Ba de shliocht ríoga í. Go luath ina saol, agus gí gur cuireadh ina héadan, bhí rún daingean aici go mbeadh sí ina maighdean de chuid Chríost. Bhunaigh sí mainistir i gCill Íde i gContae Luimnigh agus chaith a lán daoine óga seal ansin mar dhaltaí dá cuid. D’éag sí sa bhliain 570. Eanair 16: Naomh Fursa, ab Ní mó ná go bhfuil aon eolas beacht le fáil faoi chúlra Naomh Fursa. D’fhág sé Éire agus chuaigh sé chun cónaithe mar dhíthreabhach lena dheartháireacha Faolán agus Ultán in Anglia Thoir. Ach siocair gur lean a lán daoine de bheith ag teacht ar cuairt chuige ansin is amhlaidh a d’fhág sé a dheartháir, Faolán, mar ab san áit agus lorg sé tearmann san Fhrainc c.644. Thug pátrún dá chuid díthreabh dó i Lagny i ngar don abhainn Marne. D’éag sé c.650 i Mezerolles agus é ar thuras. Cuireadh a chorp i bPeronne agus ina dhiaidh sin bhí Peronne ina lárionad deabhóide dó. Eanair 30: Naomh Aodhán (Maodhóg), easpag De réir dealraimh is i mBréifne, i gContae an Chabháin, a rugadh Naomh Aodhán c. 550. Aodh an t-ainm baiste a bhí air ach thugtaí M’Aodhóg mar ainm ceana air. Thug a athair é mar ghiall do Ainmire, Rí na hÉireann, a bhí chomh sásta sin leis gur thug sé a saoirse dó féin agus do na gialla eile. Rinne sé staidéar faoi Naomh Dáibhí sa Bhreatain Bheag. Nuair a d’fhill sé, bhunaigh sé mainistir i bhFearna. Rinneadh easpag ansin de agus bhí cáil na naofachta agus na féile air. D’éag sé sa bhliain 626 agus dearbhaíonn na Beathaí a scríobhadh faoi gur mhór an urraim a bhí ag an bpobal dó i ndeoisí Chille Móire agus Fhearna. Feabhra Feabhra 1: Naomh Bríd, ban-ab
Tá cáil ar Naomh Bríd ar son a féile, a déirce agus a cúraim d’easlán. Ba mhaith lena hathair cleamhnas fóirstineach a dhéanamh di ach dhearbhaigh sí gur theastaigh uaithi a maighdeanas a choisreacadh do Dhia. Ba ó Niamh Mel a fuair sí an fial agus de réir cosúlachta ba eisean a bhí i mbun a hoiliúna spioradálta fosta. Lean daoine eile a heiseamlár agus spreag seo í le mainistir dhúbailte a bhunú i gCill Dara le cabhair an easpaig, Conlaodh. D’éag sí sa bhliain 524 agus tá a cultas scaipthe go forleathan ní hé amháin in Éirinn ach i dtíortha de chuid Mhór-Roinn na hEorpa freisin. Feabhra 7: Naomh Mel, easpag D’éag Naomh Mel sa bhliain 488. Deirtear gur Bhriotanach a bhí ann a tháinig go hÉirinn in éineacht le Naomh Pádraig ar oibrigh sé leis go dtí gur oirníodh é in Ardach. Tá sé ar dhuine de na chéad naoimh Éireannacha agus ba eisean a thug an fial agus a hoiliúint spioradálta do Naomh Bríd. Feabhra 11: Naomh Gobnait, ban-ab Deirtear gur theith Naomh Gobnait óna baile dúchais i gContae an Chláir go hÁrainn. Dá ainneoin sin chaith sí an mhórchuid dá saol i mBaile Bhuirne i gContae Chorcaí, áit a raibh deabhóid mhór riamh ag muintir na háite di. Gné shuntasach dá cultas ar feadh na gcianta ba ea an tslí inar thug sí cúram do na heasláin agus mar a leigheas sí iad. Feabhra 17: Naomh Fiontan, ab. Is i gCúige Laighean a rugadh Naomh Fiontan. Fuair sé a oiliúint dhiaga i dTír Dhá Ghlas i gContae Thiobraid Árann faoi threoir an ab Colm agus chuaigh deasghnátha aithrí agus dianriail a oide go mór i bhfeidhm air. Bhunaigh sé a mhainistir féin i gCluain Eidhneach i gContae Laoise. D’éag sé sa bhliain 603. Márta Márta 1: Naomh Dáibhí, easpag
Mhair éarlamh na Breataine Bige, Naomh Dáibhí, san seú aois. Deirtear gur bhunaigh sé roinnt mainistreacha le riail dhian. Bhí roinnt de naoimh na hÉireann mar dhaltaí aige agus de réir dealraimh bhí tionchar aige ar an manachas in Éirinn. D’éag sé thart ar 601, ach mhair a chuimhne in Éirinn agus luaitear é i bhFéilire Oengusa agus in nGinealaigh Naomh Éireann. Márta 5: Naomh Ciarán, easpag Is i nOileán Cléire i gContae Chorcaí a rugadh Naomh Ciarán Saighre. Áiritear é mar dhuine de na naoimh a bhí in Éirinn sula dtáinig Naomh Pádraig. Chuaigh sé go dtí an Mhór-Roinn, áit ar baisteadh é agus inar oirníodh é ina shagart agus ina easpag. D’fhill sé ar Osraí, ceantar dúchais a athar, agus chaith sé seal ina dhíthreabhach ach bhailigh deisceabail timpeall air agus i gceann tamaill bhí mórchlú ar an mainistir sin a bhí i Saighir. Márta 8: Naomh Seanán, easpag Is in aice le Cill Rois i gContae an Chláir a rugadh Naomh Seanán. Feirmeoirí rathúla a bhí ina mhuintir. De réir cosúlachta ba iad na heachtraí contúirteacha ar muiras a dtáinig sé slán a spreag é le dul faoi chuing chrábhaidh. I dtús báire chaith sé seal mar mhac léinn i mainistir Chill na Manach. In Inis Cathaigh i ngar do Chill Rois a bhí a phríomhmhainistir. Bhí sé ina anamchara ag Naomh Bréanainn agus ag Naomh Ciarán Chluain Mhic Nóis agus d’éag sé sa bhliain 544. Márta 11: Naomh Aonghas, easpag Bhí Naomh Aonghas ina mhanach i gCluain Eidhneach i gContae Laoise agus ansin tháinig sé go dtí mainistir Thamhlachta um dheireadh an ochtú haois le linn do Mhaolruain bheith ina ab ansin, d’fhonn tréimhse a chaitheamh faoina threoir. Scríobh sé dhá fhéilire, rud a thaispeánann dúinn an mhórdheabhóid a bhí aige don na naoimh Éireannacha agus do na naoimh a bhain le tíortha iasachta. D’fhill sé ar Chluain Eidhneach, áit ina ndearnadh easpag agus ab de. Is cosúil gur i dtrátha na bliana 830 a d’éag sé. Márta 17: Naomh Pádraig, easpag Príomhéarlamh na hÉireann Sollúntas Is cosúil gur rugadh Naomh Pádraig sa bhretain i ndeireadh an cheathrú haois. Tugadh go hÉirinn é mar chime nuair a bhí sé sé bhliain déag d’aois, agus d’oibrigh sé mar sclábhaí.Bhí tionchar nár bheag ag a thréimhse bhraighdeanais ar a shaol spioradálta. D’éalaigh sé abhaile nuair a bhí sé fiche a dó bliain d’aois. Ba léir dó go raibh Dia ag glaoch air filleadh go hÉirinn chun an Chríostaíocht a chraobhscaoileadh i measc mhuintir na tíre sin. Rinne sé staidéar ar an Mór_Roinn; d’fhill sé ar Éirinn agus d’éirigh leis a lán daoine a iompú chun an chreidimh. Tá cuntas ar oilithreacht a anama ina “Fhaoistin”. Márta 21: Naomh Éanna, ab Ba mhac Ainmire é Éanna agus thainig sé i gcomharbacht a athar sa ríocht bheag a bhí aige. Ba í a dheirfiúr Faenche, a bhí ina bean rialta, a chuir ar dtús é ag machnamh ar chuing chrábhaidh a ghabháil. Bhunaigh sé comhthionól beag i gCill Aine i gContae Lú. D’éirigh le Faenche freisin a chur ina luí air a thuilleadh staidéir a dhéanamh, rud a rinne sé faoi threoir Naomh Ninian i Candida Casa. Nuair a d’fhill sé ar Éirinn bhunaigh sé cúpla comhthionól in abhanntrach na Bóinne. De bharr spreagadh Fhaenche chuaigh sé go hInis Mhór Árainn. Áirítear a mhainistreacha mar eiseamláirí luatha den aiséiteachas manachúil in Éirinn. Is cosúil gur sa bhliain 520 a fuair sé bás. Márta 24: Naomh Mac Cairthinn, easpag Baineann Naomh Mac Cairthinn le glúin an-luath de naoimh na hÉireann. Deirtear gurbh é Naomh Pádraig a cheap é mar easpag ar chlochar. Tugtar ‘fear láidir’ Naomh Pádraig air de bharr a dheabhóide agus a dhílseachta. Aibreán Aibreán 1: Naomh Ceallach, easpag Rugadh Ceallach (Celsus) sa bhliain 1080. Ceapadh mar ab ar Ard Mhacha é sa bhliain 1105 agus rinneadh sagart de. Chuaigh an leasú eaglasta a bhí faoi lánseol sa Mhumhain san am sin go mór i bhfeidhm air. Nuair a d’éag Easpag Ard Mhacha de bharr “shocrú fear nÉireann” oirníodh ina easpag ar Ard Mhacha é. Ba é a bhí i gceannas an tSionaid leasaithigh a tionóladh i Ráth Bhreasail sa bhliain 1111. Sa bhliain 1129, le linn dó bheith ar cuairt tréadaireachta sa Mhumhain shíothlaigh sé in Ard Phádraig agus ar a iarratas féin cuireadh i Lios Mór é. Aibreán 18: Naomh Laisrian (Molaise), easpag Naomh tábhachtach de chuid an tseachtú haois ba ea Naomh Laisrian (Molaise nó Mo-laisse) a shaothraigh in Éirinn agus in Albain. Rinne sé staidéar faoi threoir Naomh Munnu agus níos déanaí chuaigh sé isteach sa mhainistir i Leithghlinn, áit ina ndearnadh ab de. Ghlac sé le nósanna rialaithe na hEaglaise mar a cleachtadh sa Róimh iad. D’fhéach sé chuige go nglacfaí leis an dáta Rómhánach do cheiliúradh na Cásca. D’éag sé sa bhliain 639. Aibreán 27: Naomh Asach, easpag. Ba é Naomh Asach ceardaí oilte Naomh Pádraig sa mhiotalóireacht agus thaistil sé in éineacht leis ar a chuid turasanna. Cuireadh é i mbun na heaglaise a deirtear a bhunaigh Pádraig in Ail Finn. Bealtaine Bealtaine 4: Naomh Conlaodh, easpag Deirtear gur i gContae Chill Mhantáin a rugadh Naomh Conlaodh. Le linn dó bheith ina chónaí mar dhíthreabhach d’éirigh le Naomh Bríd a áiteamh air gníomhú mar shagart dá comhthionól i gCill Dara. Thugtaí urraim dó mar naomh tábhachtach agus ina shaothar Vita Sanctae Brigidae tagríonn Cogitosus dó mar easpag agus ab manach Chill Dara. Adhlacadh é le taobh Naomh Bríd sa teampall mór i gCill Dara. Bealtaine 5: Éamann Beannaithe de Rís, duine rialta Ba as Callann, Co. Chill Chainnigh, do Éamann Iognáid Rís (1766-1844). Fuair a bhean bás óg agus ansin dhíol sé a raibh aige agus rinne a shaol a thíolacadh d’oideachas na mbocht. Chun a aidhm a chur chun cinn bhailigh sé gasra fear a bhí ar aon aigne leis le chéile agus thóg siad móideanna creidimh go saothróidís le chéile ag cur oideachais ar bhuachaillí Caitliceacha. Is eiseamlár é de dhuine a ghlacann go gealgháireach foighneach le cibé cros a thugann Dia dó le hiompar, ba aspal tuata é go firinneach, agus duine a bhí tíolachta go daingean don bheatha rialta. Bealtaine 10: Naomh Comhghall, ab. Is é i gContae Aontroma a rugadh Naomh Comhghall c.516. Ba shaighdiúir a athair agus theastaigh uaidh go leanfadh a mhac an cheird chéanna sin. Ach ba mhaith le Comhghall bheith ina shaighdiúir i seirbhís Chríost. De réir dealraimh rinne sé a chuid staidéir faoi threoir Naomh Finnian i Maigh Bhile. Siocair go raibh sé faoi bhrú ag cathuithe agus faoi chian agus chumha shocraigh sé féin agus a ab ar dhul i muinín na paidreoireachta. Tar éis don easpag Lughaidh é a agairt go mór oirníodh ina shagart é. Bhunaigh sé mainistir i mBeannchar c. 555-558, mainistir a mheall chuici daoine mar Naomh Columbán ina phríomhoide inti tamall ina dhiaidh sin. Bhunaigh sé mainistir in oileán Tír Iodh in Albain chomh maith. Tar éis dó tinneas fada pianmhar a fhulaingt go foighdeach d’éag sé ar Fhéile na Cincíse sa bhliain 602 nó 605. Bealtaine 15: Naomh Cárthach, easpag Ba bhall de theaghlach saibhir é Naomh Cárthach (Mochuda) a raibh cónaí orthu i gCiarraí. Toisc gur thaitin canadh na salm go mór leis le linn a óige bheartaigh an rí áitiúil go ndéanfaí sagart de. Tar éis dó bliain a chaitheamh i mainistir Bheannchair bhunaigh sé a mhainistir féin i Raithean sa bhliain 595. D’fhás an fhondúireacht seo go tapa. Ach timpeall na bliana 637 de bharr fhreasúra éigin a bhí ina éadan thug sé a aghaidh ó dheas. Sa deireadh shroich sé féin, mar aon leis na céadta manach agus a n-othair ón gcóilíneacht lobhar a bhí faoin a chúram an Lios Mór mar a bhunaigh sé mainistir. D’éag sé sa bhliain 638. Bealtaine 16: Naomh Bréanainn, ab. Ba Chiarraíoch é Bréanainn a rugadh sa bhliain 486. Rinne sé staidéar i mainistir Chluain Ioraird faoi Naomh Finnian. Sa seanchas tá dlúthbhaint ag a ainm lena lán áiteanna i gContae Chiarraí, mar atá Ard Fhearta, Cnoc Bréanainn, Tobar Bhréanainn, na blascaodaí agus Oileán Dairbhre. Thug sé cuairt ar Albain agus shroich sé Inse Ghall agus, b’fhéidir áiteanna níos faide i gcéin. Bhunaigh sé mainistir i gCluain Fearta sa bhliain 576 agus d’éag sé ansin sa bhliain 578. Meitheamh Meitheamh 3: Naomh Caoimhín, ab Comóradh
Tógadh Naomh Caoimhín i gCill na Manach, i Laighin, mar ar oirnigh an tEaspag Lughaidh é. Lonnaigh sé mar dhíthreabhach i nGleann Dá Loch. De réir a chéile bhailigh deisceabail timpeall air. Le himeacht aimsire d’fhás an comhthionól manachúil seo tar éis bhás an naoimh sa bhliain 618 sa dóigh is gur leathnaigh sé ar fud an ghleanna. Meitheamh 6: Naomh Iarlaith, easpag Is fíorbheag an méid eolais atá againn faoi Naomh Iarlaith. Chuir sé a chéad chomhthionól ar bun i gCluain Fois i gcomharsanacht Thuama. Níos déanaí bhunaigh sé mainistir i dTuaim. Deirtear go raibh sé ina oide múinte ag Bréanainn Chluain Fearta agus ag Colmán Chluain Uamha. Meitheamh 7: Naomh Colmán, easpag Níl mórán eolais againn faoi Cholmán (Mocholmóc) a raibh baint aige le Droim Mór i gContae an Dúin. De réir cosúlachta chaith sé bunús a shaoil sa cheantar sin. B’fhéidir go ndearna sé staidéar faoi Chaetan i Naoi nDroim i gContae an Dúin agus d’éirigh le Naomh Mac Níse a áiteamh air socrú síos i nDroim Mór c. 514. Tá a chultas le fáil freisin in Albain agus sa Bhreatain Bheag. Meitheamh 9: Naomh Colm Cille, ab. Leaséarlamh na hÉireann. Féile Is i nGartán i gContae Dhún na nGall a rugadh Colm Cille sa bhliain 521 agus ba de shliocht ríoga é. Rinne sé staidéar faoi Naomh Finnian Mhá Bhile agus Naomh Finnian Chluain Ioraird. Bhunaigh sé mainistreacha i nDoire, i nDair Mhá (Darú), Oileán Í agus b’fhéidir, i gCeanannas. Ar Oileán Í a bhí a phríomhmhainistir. Ó Óileán Í chuaigh misinéirí le muintir Northumbria a iompú chun an chreidimh. Tá sé ar an naomh Éireannach is mó a bhfuil gnaoi air de bharr an ghrá a bhí aige do achan chineál idir neacha daonna agus ainmhithe. D’éag sé sa bhliain 597. Meitheamh 14: Naomh Damhnait, maighdean. De réir cosúlachta is i gceartlár Shliabh Beatha i gContae Mhuineacháin a mhair Naomh Damhnait agus is ann a d’éag sí. Meitheamh 20: Martair na hÉireann. Comóradh Cuireadh seachtar déag martar Éireannach chun báis ar son an chreidimh Chaitlicigh idir 1579 agus 1654. Rinne an Pápa Eoin Pól 11 iadsan a chur ar liosta na mbeannaithe in 1992. Bhí seisear Caitliceach a rugadh in Éirinn, nó a raibh ceangal acu le hÉirinn, agus a cuireadh chun báis ar son an chreidimh i Sasana, ar an liosta sin ó na blianta 1929 agus 1987. Iúil Iúil 1: Naomh Oilibhéar Pluincéid, easpag agus mairtíreach Comóradh
Is i gContae na Mí a rugadh Naomh Oilibhéar Pluincéid sa bhliain 1625. Chuaigh sé chun na Róimhe sa bhliain 1647 agus oirníodh ina shagart é sa bhliain 1654. Bhí sé ag teagasc i gColáiste Propoganda Fide ó 1657 go 1669, nuair a ceapadh é ina Ardeaspag ar Árd Mhacha. Shroich sé Baile Átha Cliath sa bhliain 1670. Chuaigh sé i mbun a dhualgas tréadach láithreach, thionól sé sionaid agus thug sé cuairt thart ar dheoisí agus ar pharóistí i gCúige Árd Mhacha. D’éirigh an ghéarleanúint ar Chaitlicigh níos déine. Gabhadh é sa bhliain 1679 agus cuireadh i bpriosún é i mBaile Átha Cliath. Sa deireadh tugadh chun trialach é i Londain agus daoradh chun báis é. Crochadh é i Tyburn sa bhliain 1681. Iúil 6: Naomh Moninne Chill Shléibhe, ban-ab. Bhí Naomh Moninne ar dhuine de chéad ban-naoimh na hÉireann. Thug sagart teagasc di faoi bhunphrionsabail na beatha chrábhaidh agus d’éirigh léi comhthionól rialta a bhunú ag Sliabh gCuilinn i gContae Árd Mhacha a raibh ochtar maighdean, agus baintreach lena naíonán ina mbaill de. Chaith siad saol díthreabhach a bhí bunaithe ar shampla Éilias agus Eoin Bhaiste. D’éag sí sa bhliain 517/518. Iúil 7: Naomh Maolruain, easpag agus ab. Is cosúil gur i gcomharsanacht Lortha i gContae Thiobraid Árann a rugadh Naomh Maolruain. Bhunaigh sé mainistir Thamhlachta i gContae Bhaile Átha Cliath sa bhliain 774 agus sa mhainistir sin cuireadh tús le leasú eaglasta chun “cleachtaí áirithe de chuid na seaneaglaisí” a cheartú, go háirid, is dócha, i dtaca le bochtaineacht agus dianrialacha de. Bhí tionchar aige ar mhórchuid mainistreacha. Thagadh manaigh go Tamhlacht le seal a chaitheamh faoina cheannas agus ansin d’fhilleadh siad ar a mainistreacha féin. De bharr na gluaiseachta seo ar a dtugtaí Leasú na gCeilí Dé cuireadh le chéile scríbhinní tábhachtacha liotúirgeacha agus spioradálta. D’éag sé sa bhliain 792. Iúil 8: Naomh Cillian, easpag agus mairtíreach. I bparóiste an Mhullaigh i gContae an Chabháin i ndeoise Chille Móire a rugadh Naomh Cillian, de réir dealraimh. In éineacht le haon chompánach déag d’fhág sé Éire agus le himeacht aimsire shroich sé Wurzburg sa Ghearmáinm, áit ar cuireadh fáilte chroíúil roimhe ag an Diúc Gozbert. Thugtaí aspal Thuringia agus Franconia Thoir air. Dá ainneoin sin bhí sé an-mhíshásta le caighdeán moráltachta chúirt an Diúic, rud a chuir se in iúl go poiblí, agus mar gheall ar seo cuireadh é féin agus beirt eile chun báis c.688. Tá deabhóid mhór dó go fóill i Wurzburg, áit ina bhfuil a chorp adhlactha, agus ar fud cheantar na Baváire chomh maith. Iúil 24: Naomh Déaglán, easpag. Áirítear Naomh Déaglán mar dhuine de na naoimh a bhí in Éirinn roimh theacht Naomh Pádraig. Ba de shliocht uasal é. Rinne Colmán, sagart áitiúil, é a bhaisteadh. Tar éis dó bheith ina dhalta ag a uncail cuireadh chuig Díoma é, “duine a chaith tréimhse fhada thar lear ag déanamh staidéir.” Níos déanaí chuaigh Déaglán go dtí an Eoraip le leanúint ar aghaidh lena chuid staidéir agus oirníodh ina shagart ansin é, agus b’fhéidir ina easpag. Bhain sé faoi in Aird Mhór agus shíolaigh sé an creideamh i gceantar na nDéise. Mhair cuid mhór fear agus ban faoina riail. Lúnasa Lúnasa 9: Naomh Naithí, easpag. Deirtear gur i gCúige Chonnacht i mBarúntacht Luighne i gContae Shligigh a rugadh Naomh Naithí. Bhunaigh sé comhthionól in Achadh Conaire agus tháinig a lán mac léinn chuige. I bhFéilire Óengusa insítear dúinn gur in Achadh Cain atá sé adhlactha. Toisc go raibh caidreamh ag Naomh Feichín leis caithfidh gur i ndeireadh an 6ú haois nó i dtús an seachtú haois a mhair sé. Lúnasa 9: Naomh Féilim, easpag. Is cosúil gur mhair Naomh Féilim sa séú haois agus gur bhain sé le Bréifne. I dtús a bheatha chrábhaidh chuaigh sé chun cónaithe san iargúltacht mar dhíthreabhach in aice le Cill Mhór i gContae an Chabháin. Níos faide anonn bhunaigh sé mainistir i gCill Mhór agus rinneadh éarlamh dheoise Chille Móire de. Lúnasa 12: Naomh Muiríoch, easpag. De réir cosúlachta ba é Naomh Muiríoch a bhunaigh an eaglais i gCill Ala. B’fhéidir fosta gurbh é a bhunaigh agus a bhí mar éarlamh ar mhainistir Inis Mhuirígh atá suite amach ó chósta Chontae Shligigh. Lúnasa 12: Naomh Athracht, maighdean. Is cosúil gur mhair Naomh Athracht sa séú nó sa seachtú haois. De réir an traidisiúin áitiúil bhí bua mór leighis aici. Bhí cáil ar a mainistir mar gheall ar a féile le lucht taistil. Cé go bhfuil a lán áiteanna san deoise ainmnithe aisti de réir dealraimh is i gCúl Ó bhFinn a bhí a príomhfhondúireacht agus thugtaí Cill Saile ar a príomheaglais. Lúnasa 12: Naomh Lile, maighdean. Is é atá san ainm Lile nó Lelia ná leagan Laidne den ainm Liadain. Bhí séipéal aici i gCill Lile in aice le Droichead Thuamhan i Luimneach. Deirtear gur bhaist Naomh Pádraig í i bhFaingeal. De réir a ginealaigh shíolraigh sí, dála Mhainchín, ó Chormac Cas. Lúnasa 13: Naomh Fachtna, easpag. Tugann Naomh Aonghas ina fhéilire “mac an tsaoir Mangach” ar Naomh Fachtna. Is in Iarthar Chorcaí a rugadh é agus deirtear go raibh Naomh Íde mar oide aige. Bhunaigh sé mainistir Ros Ailithir. D’éag sé c.600. Ba í a mhainistir an phríomhmhainistir in Iarthar Chorcaí san am, agus níos déanaí bhí scoil mhórchlú inti ina ndéantaí staidéar ar an Scrioptúr. Lúnasa 23: Naomh Eoghan, easpag. Ba é Naomh Eoghan bunaitheoir Mhainistir Ard Sratha i gContae aThír Eoghain sa séú haois. Ba Laighneach é a athair, Cainneach, agus ba Ultach a mháthair, Muindeach. Deirtear gur thug foghlaithe mara Eoghan go dtí an Bhreatain. Nuair a ligeadh saor é chuaigh sé a dhéanamh staidéir i mainistir Candida Casa. Nuair a d’fhill sé ar Éirinn bhunaigh sé comhthionól i gCill na Manach i measc chnoc Cill Mhantáin, ach ba í an mhainistir in Ard Sratha a phríomhfhondúireacht. Lúnasa 30: Naomh Fiachra, manach. Ba Éireannach é Naomh Fiachra a chuaigh thar lear ar lorg díthreibhe. Thaistil sé tríd an Normainn agus sa deireadh tharla gur casadh Naomh Faro air ag Meaux. Fuair Faro díthreabh do Fhiachra in aice le Breuil, áit inar fhan sé go dtí gur éag sé sa bhliain 670. Tá deabhóid dó go forleathan san Fhrainc go fóill. Lúnasa 31: Naomh Aodhán Lindisfarne, easpag agus misinéir rialta. Ba de shliocht Éireannach é Naomh Aodhán agus bhí sé ina mhanach de chomhthionól Oileán Í. Nuair a díbríodh Oswald, Rí Northumbria, as a ríocht tháinig sé ar lorg tearmainn i mainistir Oileán Í agus nuair a d’fhill sé abhaile chun dul arís i gcoróin thug sé cuireadh do Naomh Aodhán teacht leis lena mhuintir a aisiompú chun an chreidimh. Lonnaigh Aodhán i Lindisfarne agus is ansin a bhí a lárionad misinéireachta. Le cuidiú an Rí, a bhí mar theangaire aige, d’éirigh go han-mhaith leis an misean. D’éag sé sa bhliain 651. Meán Fómhair Meán Fómhair 4: Naomh Mac Níse, easpag. Óna mháthair Cnes nó Ness a fuair Naomh Mac Níse a ainm. Deirtear gurbh é Naomh Pádraig a bhaist é agus a mhúin na sailm dó. De réir cosúlachta bhí sé ar na chéad daoine a d’iompaigh ina gCríostaithe. Roghnaigh sé díseart Choinnire mar dhíthreabh dó féin ach níos déanaí rinneadh easpag ar a thuath de. D’éag sé go luath sa séú haois. Meán Fómhair 9: Naomh Ciarán, ab. Comóradh. Is i gContae Ros Comáin a rugadh Naomh Ciarán timpeall na bliana 512. Saor adhmaid a bhí ina athair, Beoit. Ba de bhunadh Chiarraí a mháthair, Darerca. Baisteadh agus hoileadh é ag an deochain, Diarmaid. Chuaigh sé isteach i mainistir Chluain Ioraird sa bhliain 529. Chaith sé tréimhse fosta le Ninnidh, le hÉanna agus le Seanán agus bhunaigh sé mainistir in Inis Ainghin i Loch Rí. I mí Eanair 545 tháinig sé go Cluain Mhic Nóis, áit ar bhunaigh sé mainistir a raibh sé i ndán di bheith ar cheann de na mainistreacha ba mhó cáil sa Eoraip. D’éag sé nuair a bhí sé 33 bhliain d’aois agus nuair a bhí an mhainistir dá tógáil. Meán Fómhair 12: Naomh Ailbhe, easpag. Áirítear Naomh Ailbhe mar dhuine de na naoimh a bhí in Éirinn sular tháinig Naomh Pádraig ach deirtear sna hAnnála gur éag sé sa bhliain 528. Tá traidisiún ann go ndeachaigh sé chun na Róimhe agur gur oirnigh an Pápa ina easpag é. Bhunaigh sé mainistir in Imleach a bhí ina dhiaidh sin ar cheann de mhórmhainistreacha na Mumhan. Tá riail de chuid an naoú haois ann, Riail Ailbhe, a chuirtear ina leith. Meán Fómhair 23: Naomh Adhamhnán, ab. Is i dTír Chonaill a rugadh Naomh Adhamhnán timpeall na bliana 624. Rinneadh manach de i mainistir Oileán Í agus ceapadh ina ab ansiúd é sa bhliain 679. Bhí sé ar feadh tamaill ina cheann ar na mainistreacha uilig a bhain le paruchia Cholm Cille agus lena chois sin d’fhág sé ina dhiaidh scríbhinní tábhachtacha agus ina measc an saothar clúiteach Vita Columbae, nó Beatha Cholm Cille. Ba fhear fónta eagnaí é a bhí an-fhoghlamtha sa Scrioptúr Naofa. Meán Fómhair 25: Naomh Fionnbarra, easpag. Is dócha gur i mbaile fearainn na nGarrán láimh le Droichead na Bandan a rugadh Naomh Fionnbarra sa seachtú haois. Thriall sé leis go Loch Irce (Gabhagán Barra) agus de réir cosúlachta chaith sé seal ansin ina dhíthreabhach. Nuair a bhailigh deisceabail timpeall air d’aistrigh sé go Corcaigh, áit ar bhunaigh sé mainistir a bhí ina dhiaidh sin ina lár-ionad mórcháiliúil léinn. Deireadh Fómhair Deireadh Fómhair 11: Naomh Cainneach, ab. Is i gceantar Chiannachta/ Dhún Gheimhin i gContae Dhoire a rugadh Naomh Cainneach c.527. Cé go raibh a muintir bocht rinne sé staidéar faoi threoir Naomh Finnian i gCluain Ioraird agus faoi Naomh Mobhí i nGlas Naíon. D’fhás dlúthchairdeas idir é féin agus Naomh Colm Cille agus ar feadh tamaill d’oibrigh sé i gcomhar le Colm Cille in Albain agus bhunaigh sé roinnt eaglaisí ansin. In Éirinn bhí a phríomhmhainistir i nAchadh Bó i gContae Laoise. I bhfad ina dhiaidh sin tiomnaiodh eaglais do Naomh Cainneach i gCill Chainnigh. D’éag sé sa bhliain 603. Deireadh Fómhair 16: Naomh Gall, ab. Tháinig Naomh Gall isteach mar mhanach i mainistir Bheannchair agus tamall ina dhiaidh sin chuaigh sé in éineacht le Naomh Columbán go dtí an Mhór-Roinn. Nuair a díbríodh Columbán as an Fhrainc thaistil Gall ina chuideachta go Bregenz ar bhruach Loch Constance. Nuair a thrasnaigh Columbán na hAlpa ó dheas go dtí an Iodáil d’fhan Gall san Eilbhéis. Chónaigh sé i ndíthreabh, áit a raibh mainistir Naomh Gallen ina dhiaidh sin. Tugadh mórurraim dó lena linn. D’éag sé c.630. Deireadh Fómhair 27: Naomh Odhrán, manach. Shíolraigh Naomh Odhrán ó Chonall Gulban agus glactar leis de ghnáth gurbh ionann é agus an Naomh Odhrán a bhí in Oileán Í sula dtáinig Naomh Colm Cille go dtí an áit sin. D’éag sé sa bhliain 548 agus thugtaí urraim mhór dá uaigh a bhí in Oileán Í. Roghnaigh Uigingí Phort Láirge é mar naomhéarlamh a gcathrach sa bhliain 1096 agus mar éarlamh na deoise ina dhiaidh sin. Deireadh Fómhair 29: Naomh Colmán, easpag. Is i gCill Mhic Duach, i gContae an Chláir a rugadh Naomh Colmán sa seachtú haois. Tar éis dó staidéar a dhéanamh in Árainn, áit inar bhunaigh sé dhá theampall in Inis Mhór, d’fhill sé ó dheas le bheith ina dhíthreabhach in aice le Cinn Mhara. Ina dhiaidh sin spreagadh é le dul le manachas agus bhunaigh sé mainistir i gCill Mhic Duach. Deirtear gurbh eisean a céad ab agus easpag. Samhain Samhain 3: Naomh Maolmhaodhóg, easpag. Comóradh. Is in aice le hArd Mhacha a rugadh Naomh Maolmhaodhóg sa bhliain 1094. Thogh Ceallach, easpag Ard Mhacha agus leasaitheoir, é mar bhiocáire agus níos déanaí ina ab ar mhainistir Ard Mhacha. Oirníodh é freisin ina easpag ar Choinnire. Ba leasaitheoir díograiseach é mar ab agus mar easpag. Rinneadh easpag ar Ard Mhacha de. Ba eisean a thug na Cistéirsigh agus na Canónaigh Rialta isteach i ndeoise Ard Mhacha. Ag filleadh ón Róimh dó sa bhliain 1148 thug sé athchuairt ar Clairvaux, áit inar bhuail taom fiabhrais é agus d’éag sé i mbarróg Naomh Bearnard ar an 1 /2 Samhain. Tá an bheirt acu curtha in aon uaigh i Clairvaux. Samhain 6: Naoimh Uile na hÉireann Féile. Tá deabhóid do naoimh na hÉireann bunaithe go daingean ar a bhfuil d’eolas le fáil fúthú sna Féilirí agus i Leabhar Aifrinn Stowe. Samhain 7: Naomh Willibrord, easpag agus misinéir Is i Northumbria a rugadh Naomh Willibrord sa bhliain 658. Chuaigh sé isteach mar mhanach i mainistir Bheinidicteach Ripon. Cuireadh go Ráth Melsige in Éirinn é le staidéar a dhéanamh. Oirníodh ina shagart é agus seoladh é mar aon le haon chompánach déag eile thar lear le muintir na Freaslainne a thabhairt chun creidimh. Bhunaigh sé misean in Utrecht. Oirníodh é ina easpag ar Utrecht sa bhliain 695 ag an Phápa Sergius 1. Bhunaigh sé mainistir in Echrernach i Luxembairg i 700 agus d’éag ansiúd i 739. Ba é Willibrord an chéad duine de na misinéirí clúiteacha Angla-Sacsanacha a chuaigh chun na Mór-Roinne. Samhain 14: Naomh Lorcán ó Tuathail, easpag Rugadh Naomh Lorcán ó Tuathail sa bhliain 1123 i gCúige Laighean. Rinne sé a chuid staidéir i nGleann Dá Loch agus rinneadh ab de ar an mainistir ansin sa bhliain 1148. Sa bhliain 1162 toghadh é mar chéad ardeaspag dúchais ar Bhaile átha Cliath. Lean sé modhanna leasaithe Ceallach agus Maolmhaodhóg agus ba eisean a thug na Canónaigh Rialta isteach i mBaile Átha Cliath den chéad uair agus lean sé féin a riail. D’fhill sé ó Chomhchomhairle Lateran 111 ina leagáid de chuid an Phápa agus thionól sé sionaid chun an leasú eaglasta a chur ar aghaidh. D’éag sé in Eu sa Bhriotáin sa bhliain 1180, áit a ndeachaigh sé chun síocháin a athbhunú idir ríthe na hÉireann agus Rí Shasana. Samhain 23: Naomh Columbán, ab. Is i gCúige Laighean a rugadh Naomh Columbán. Chuaigh sé isteach mar mhanach i mainistir Bheannchair. I gceann tamaill bhí sé ina phríomhoide ansin. Sa bhliain 591, ar an ábhar gur theastaigh uaidh dul ar “oilithreacht ar son Chríost”, d’fhág sé Beannchar in éineacht le beirt chompánach déag agus tháinig sé fhad leis an Bhurguin. Bhunaigh sé mainistreacha in Annegray, Luxeuil agus Fontaine agus bhí an riail dhian Éireannach i bhfeidhm iontu go léir. Toisc gur cháin sé go mór caighdeán morálta chúirt an rí díbríodh ón dúiche sin é. D’éirigh leis a bhealach a dhéanamh tríd an Eilbhéis agus bhunaigh sé mainistir i mBregenz. Thrasnaigh sé Sliabh Alpa agus bhunaigh sé a mhainistir dheireanach agus an ceann ba mhó clú i mBobbio, áit ar éag sé sa bhliain 615. Tá cáil ar a scríbhinní luachmhara diaga. Luaitear é ar an manaigh mhiseanta ba thábhachtaí de chuid na hÉireann. Samhain 25: Naomh Colmán, easpag. Is in Iarthar Chorcaí is dócha a rugadh Naomh Colmán mac Léiníne c.530. Ba fhile é de réir gairme. Deirtear gurbh é Naomh Bréanainn a spreag é le bheith ina shagart. Ba in Oirthear Chorcaí is mó a rinne sé a shaothar aspalda agus is i gCluain Uamha a bhí a phríomhmhainistir. D’éag sé sa bhliain 606. Samhain 27: Naomh Fearghal, easpag. Chaith Naomh Fearghal seal san Fhrainc agus chuaigh ansin go dtí an Bhaváir. Bhunaigh sé mainistir Chiemsee sa Bhaváir Uachtarach. Rinneadh easpag ar Salzburg de Fhearghal timpeall na bliana 754. D’éag sé sa bhliain 784 agus ba mhór an cháil a bhí air de thairbhe a léinn agus a naofachta de. Nollaig Nollaig 12: Naomh Finnian, easpag. Ba in Uí Dróna (Contae Ceatharlach) a thosnaigh Naomh Finnian sé a dhéanamh staidéir ar dtús. Ansin chuaigh sé go dtí an Bhreatain Bheag. Nuair a d’fhill sé ar Éirinn lonnaigh sé i gCluain Ioraird timpeall na bliana 520, áit ar bhunaigh sé scoil iomráiteach. I measc a chuid daltaí bhí Colm Cille, Cainneach, Bréanainn agus a lán eile. Ba iad na daltaí seo a chuir tús le fás mór an mhanachais in Éirinn. D’éag sé sa bhliain 549 agus maireann a chuimhne mar oide Naoimh Éireann. Nollaig 18: Naomh Flannán, easpag. Mac le rí Thuamhan ab ea Naomh Flannán. Mhair sé sa seachtú haois. Chuaigh sé isteach i mainistir Naomh Molua i gCill Dalua agus de réir cosúlachta rinneadh ab de sa mhainistir sin tar éis tamaill. Bhí cáil air as a chuid seanmóireachta. Nollaig 20: Naomh Fachanán, easpag. Is beag eolas cinnte atá againn faoi Naomh Fachanán, ach ceanglaíonn traidisiún ársa é le Cill Fhionnúrach. Deirtear gur bhunaigh sé eaglais nó mainistir ann sa séú haois. Meastar gur éag sé agus gur adhlacadh é i gCill Fhionnúrach agus tugtar ómós dó mar éarlamh na deoise. |