|
Na Gníomhartha COMHARTHA NA CROISE In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen. ÁR nATHAIR Ár nAthair, atá ar neamh, go naomhaítear d'ainm. Go dtaga do ríocht. Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh. Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu agus maith dúinn ar bhfiacha mar a mhaithimidne dár bhfeichiúna féin; agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ó olc. Amen.
SÉ DO BHEATHA Sé do bheatha a Mhuire, atá lán de ghrásta; tá an Tiarna leat, is beannaithe thú idir mná agus is beannaithe toradh do bhroinne, Íosa. A NaomhMhuire, a mhathair Dé, guigh orainn na peacaigh, anois agus ar uair ár mbáis. Amen.
GLÓIR DON ATHAIR Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don Spiorad Naomh. Mar a bhí ar dtús, mar atá fós, agus mar a bheidh go brách, le saol na saol. Amen.
CRÉ NA nASPAL Creidim i nDia, an tAthair uilechumhachtach, cruthaitheoir neimhe agus talún; agus in Íosa Críost, a aon mhacsan, ár dTiarna, a gabhadh on Spiorad Naomh, a rugadh ó Mhuire Ógh; a d'fhulaing páis faoi Phontius Píoláit, a céasadh ar chrois, a fuair bás agus a adhlacadh; a chuaigh síos go hifreann, a d'éirigh an treas lá ó mhairbh; a chuaigh suas ar neamh; atá ina shuí ar dheis Dé, an tAthair uilechumhachtach ; as sin tiocfaidh sé chun breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh. Creidim sa Spiorad Naomh, sa NaomhEaglais Chaitliceach, i gcomaoin na naomh; i maithiúnas na bpeacaí, in aiséirí na colainne, agus sa bheatha shíoraí. Amen.
AN FHAOISTIN CHOITEANN Admhaím do Dhia uilechumhachtach, agus daoibhse, a bhráithre, gur pheacaigh mé go trom, le smaoineamh agus le briathar, le gníomh agus le faillí, trí mo choir féin, trí mo choir féin, trí mo mhórchoir féin. Ar an ábhar sin, impím ar NaomhMhuire síorÓgh, ar na haingil agus ar na naoimh, agus oraibhse, a bhráithre, guí ar mo shon chun an Tiarna Dia. NA GNÍOMHARTHA URNAITHE ROIMH NA GNÍOMHARTHA A Dhia shíoraí uile chumhachtaigh, tabhair dúinn méadú creidimh, dóchais agus carthanachta; agus chun go bhfaighimis toradh do gheallúna, tabhair dúinn grásta d'aitheanta a ghráú agus a chomh-líonadh: trí Íosa Críost ár dTiarna. Amen.
GNÍOMH CREIDIMH A Dhia, creidim go daingean gur aon Dhia amháin thú, cruthaitheoir agus Ardthiarna neimhe agus talún, agus go bhfuil do chumhacht agus do mhaitheas gan teorainn. Creidim go daingean go bhfuil ionatsa, an t-aon Dia amháin, trí pearsana diaga, atá idir-dhealaithe agus comhionann i ngach uile ní, an tAthair Mac agus an Spiorad Naomh. Creidim go daingean gur ghlac Dia an Mac, an dara pearsa den trionóid rónaofa, colainn dhaonna; gur gabhadh ón Spiorad Naomh é, gur rugadh é on Maighdean Muire; gur fhulaing sé páis agus go bhfuair sé bás ar an gcrois chun sinne a fhuascailt agus a shlanú; gur éirigh sé an treas lá ó mhairbh; go ndeachaigh sé suas ar neamh; go dtiocfaidh sé i ndeireadh an tsaoil chun breithiúnas a thabhairt ar an gcine daonna; go dtabharfaidh sé aoibhneas síoraí do na dea-dhaoine, agus go ndaorfaidh sé na drochdhaoine chun pianta síoraí ifrinn. Creidim iad seo agus gach uile ní eile a mhúineann an Naomh-Eaglais Chaitliceach dúinn, de bhrí gur thusa, a Dhia, an Fhirinne dhomheallta a d'fhoilsigh iad, agus de bhrí gur ordaigh tú dúinn éisteacht leis an Eaglais, ós i gcolún agus bunchloch na fírinne í. Sa chreideamh seo tá rún daingean agam mo bheatha a chaitheamh agus bás a fháil.
GNÍOMH DÓCHAIS A Dhia, a gheall go trócaireach, trí Íosa Críost, gach tabhartas agus na flaithis féin, don dream a chomh-lionann d'aitheanta, tá muinín agam as do chumh-acht, do mhaitheas, agus do thrócaire gan teorainn, agus as do naomhgheallúna a chomhlíonn tú i gconaí. Dá bhrí sin, tá dóchas láidir agam, go dtabharfaidh tú dom maithiúnas i mo pheacaí uile, agus grásta chun bheith dílis duit ar an saol seo ag déanamh na ndea-oibreacha a d'ordaigh tú, rud is rún liom anois a dhéanamh le do chúnamhsa. Agus tá dóchas agam freisin go dtabharfaidh tú aoibhneas síoraí dom ar an saol eile: trí mo Thiarna agus mo Shlánaitheoir Íosa Críost.
GNÍOMH CARTHANACHTA A Dhia, gráim thú ó mo chroí agus ó m'anam go hiomlán, agus thar gach uile ní de bhrí go bhfuil tú rómhaith agus ró-iomlán, agus go dtuilleann tú mo ghrá uile, agus ar do shonsa gráim mo chomharsa mar a ghráim mé féin. Deonaigh, a Dhia, as ucht do thrócaire, i ndiaigh dom thú a ghráú ar an saol seo, go ngráifinn agus go sealbhóinn thú go síoraí ar neamh. Amen.
GNÍOMH DÓLÁIS A Dhia, tá doilíos croí orm faoi mo pheacaí uile de bhrí go gcuireann siad fearg ortsa an mhaith gan teorainn, agus tá rún daingean agam, le cúnamh do ghrásta, gan fearg a chur ort arís go brách.
PAIDREACHA IN ONÓlR NA MAIGHDINE MUIRE Fáilte an Aingil Tháinig aingeal an Tiarna le scéala chun Muire, Agus gabh sí ón Spiorad Naomh. ‘Sé do bheatha, a Mhuire, etc. Féach mise banóglach an Tiarna, Déantar liom de réir d’fhocail. ‘Sé do bheatha, a Mhuire, etc. Agus ghlac an Briathar colainn dhaonna, agus chónaigh sé inár measc. ‘Sé do bheatha, a Mhuire, etc. Guigh orainn, a Naomh-Mháthair Dé, Ionas go mb’fhiú sinn geallúna Chríost. Guímis Dóirt anuas, impímid, a Thiarna, do ghrásta inár gcroíthe, ionas, Sinne a fuair fios, trí scéala an aingil, Ar theacht Íosa Críost do Mhac i gcolainn dhaonna, go dtiocfaimis, Trí luaíocht a pháise agus a chroise, chun glóir a aiséirí. Tríd an gCríost céanna ár dTiarna. Amen.
Go bhfana cabhair Dé againn de shíor. Agus go bhfaighe anamacha na bhfiréan suaimhneas síoraí trí thrócaire Dé. Amen. REGINA COELI (IN AM CÁSCA) Déan gairdeas, a Bhanríon na bhflaitheas, alleluia, Óir an Té arbh fhiú thú é a iompar, alleluia. D’aiséirigh sé mar a dúirt, alleluia, Guigh orainn chun Dé, alleluia. R. Déan áthas agus gairdeas, a Mhaighdean Mhuire, alleluia, F. Óir d’éirigh an Tiarna go fíor, alleluia. Guímis A Dhia a dheonaigh áthas a thabhairt don domhan trí aiséirí do Mhic, Ár dTiarna Íosa Críost, tabhair dúinn, impímid ort, trí idirghuí na Maighdine Muire, a Mháthair, go bhfaighimis gairdeas na beatha síoraí. Tríd an gCríost céanna ár dTiarna. Amen. AN MAGNIFICAT Mórann m’anam an Tiarna, agus rinne mo spiorad gairdeas i nDia, mo shláinaitheoir; Óir dhearc sé le fabhar ar ísle a bhanóglaigh, Mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom. Óir rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom agus is naofa a ainm. Agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin, dóibh seo ar a mbíonn a eagla. Thaispeáin sé neart a láimhe. Scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí. Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha agus d’ardaigh se daoine ísle. Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe agus chuir sé na saibhre uaidh folamh. D’fhóir sé ar Iosrael, a sheirbhíseach, ag cuimhneamh dó ar a thrócaire de réir mar a gheall sé dár n-aithreacha, d’Abráhám agus dá shliocht go brách. Glóir don Athair agus don mhac agus don Spiorad Naomh; mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bhéas go brách le saol na saol. Amen. AN SALVE REGINA Go mbeannaíthear duit, a Bhanríon, a Mháthair na trócaire, ár mbeatha, ár milseacht agus ár ndóchas, go mbeannaíthear duit. Is ort a ghlaoimid, clann dhíbeartha Éabha. Is chugat a chuirimid suas ár n-urnaí, Ag caoineadh agus ag gol, sa ghleann seo na ndeor. Ar an ábhar sin, ós tú ár n-abhcóide, iompaigh orainn do shúile atá lán de thrua, agus taréis na deoraíochta seo taispeáin dúinn Íosa, toradh beannaithe do bhroinne, A Mhaighdean Mhuire cheansa, ghrámhar, mhilis, Guigh orainn a Naomh-Mháthair Dé, Ionas go mb’fhiú sinn geallúna Chríost.
AN MEMORARE Cuimhnigh, a Mhaighdean Mhuire róghrámhar, Nár chualathas trácht ar éinne riamh a chuir é féin faoi do choimirce ná a d’iarr cabhair ort ná a d’impigh d’idirghuí is gur theip tú air. Lán de mhuinín asat, dá bhrí sin, rithimse chugat, a Mhaighdean na maighdean is a Mháthair. Is chugatsa a thagaim, is os do chomhair a sheasaim, i mo pheacach bocht atuirseach. Ó a Mháthair an AonMhic, ná diúltaigh do m’urnaithe ach éist leo go trócaireach agus freagair iad. Amen. AN PAIDRÍN PÁIRTEACH In ainm an Athar.... Osclóidh tú mo bheola, a Thiarna agus labhróidh mo theanga do mholadh. Crom chun mo chúnaimh, a Dhia. A Thiarna, brostaigh le cabhair chugam. Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh, mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bhéas go brách, le saol na saol. Amen. An Chré (ar an gcrois) An Phaidir (ar na clocha móra) Sé do bheatha , a Mhuire (ar na clocha miona) Na Rúndiamhra Sólásacha 1. Teachtaireacht an Aingil. 2. An fiosrú. 3. Breith ár dTiarna Íosa Críost. 4. Toirbhirt an Linbh Íosa Críost. 5. Fáil an Linbh Íosa sa Teampall. Na Rúndiamhra Dólásacha. 1. An tAllas fola sa gháirdín. 2. An Sciúrsáil ag an bpiléar. 3. An Corónú le deilgne. 4. Íosa ag iompar a chroise. 5. Céasadh ár dTiarna Íosa Críost. Na Rúndiamhra Glórmhara. 1. Aiséirí Chríost ó mhairbh. 2. Deascabháil ár dTiarna. 3. Tuirlingt an Spiorad Naoimh. 4. Deastógáil na Maighdine Beannaithe. 5. Corónú na Maighdine Muire ar neamh. Go mbeannaíthear duit. . . . Guímis: A Dhia arbh é d’AonMhac a cheannaigh dúinn luach saothair na beatha síoraí lena bheatha, lena bhás agus lena aiséirí; tabhair dúinn, impímid, ag machnamh dúinn ar na rúndiamhra sin sa Choróin rónaofa Mhuire, go leanfaimis a bhfuil le fáil iontu agus go bhfaighmis a bhfuil geallta acu; tríd an Íosa Críost céanna ár dTiarna. Amen. Go bhfana cabhair Dé againn i gcónaí. Agus go bhfaighe anamacha na bhfíréan suaimhneas síoraí. Trí Chríost ár dTiarna. Amen. Nóibheine Bhliantúil do Bhantiarna an Chnoic
In Ainm an Athar agus an Mhic agus an Spiorad Naomh. Amen.
Tabhair moladh don Athair Uilechumhachtach, Dá Mhac, Íosa Críost an Tiarna, Don Spiorad a chónaíonn inár gcroíche anois agus le saol na saol. Amen. A Bhantiarna an Chnoic, Banríon na hÉireann, thug tú dóchas do do phobal in aimsir an anachain agus an anró agus sólás dóibh i dtrioblóid. Thug tú inspioráid do thurasóirí gan áireamh, guí le muinín do do Mhac Diaga, ag cuimhneamh dóibh ar A ghealltanas “larraigí agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh”. Cuir in iúl dom i gcónaí gur turasóirí muid uilig ar an mbealach chun na bhFlaitheas. Coinnigh grá agus cúram i mo chroí do mo bhráithre agus mo shiúracha i gCríost, go háirithe, lucht mo theaghlaigh féin. Tabhair sólás dom nuair atá mé tinn, uaigneach ná cráite. Cabhraigh liom páirt níos díograise a ghlacadh san Aifreann Naofa. Méadaigh mo ghrá d’Íosa i Naomh Shacraimint na haltóra. GUÍ orm anois agus ar uair mo bháis. Amen. A Uain Dé, thógas peacaí an domhain: Déan trócaire orainn. A Uain Dé, thógas peacaí an domhain: Déan trócaire orainn. A Uain Dé, thógas peacaí an domhain: Tabhair dúinn síochán. Naomh Iósaef Tofa le Dia mar Chéile Mhuire, Caomhnóir an Teaghlaigh Naofa, Cosantóir na hEaglaise, Caomhnaigh teaghlaigh uilig ina gcuid oibre agus ina gcuid siamsaí agus cosnaigh muid ar ár dturas chun na bhFlaitheas. (Athrá: A Uain Dé 7 rl.) Naomh Eoin Aspal Muirneach an Tiarna, Sagart dílis, Teagascóir Bhriathair Dé, Cabhraigh linn dúil dhíograsach a bheith againn sa Bhriathar, a bheith dílis don Aifreann agus grá a thabhairt don chomharsa. (Athrá: A Uain Dé 7 rl.)
A Bhantiarna an Chnoic Guí orainn A Choimirce na bpeacach
A Bhanríon Deastógtha ins na Flaithis " A Bhanríon na Coróineach Mhuire Ró-Naofa " A Mháthair Nasair " A Bhanríon na Maighdean " A Chúnaimh na gCríostaithe " A Shláinte na nEaslán " A Bhanríon na Síochána " A Bhantiarna, Banríon agus Máthair " A Bhantiarna, Máthair na hEaglaise Guí orainn. Leis na hAingle agus na Naoimh guímis: Tabhair moladh don Athair Uilechumhachtach, Dá Mhac Íosa Críost an Tiarna, Don spiorad a chónaíonn inár gcroíche Anois agus le saol na saol. Amen. (Luaigh do mhian speisialta féin anseo). Treoir: Moltar an Choróin Mhuire nó Aifreann agus Comaoin Naofa gach lá. Paidreacha roimh chomaoineach. A Íosa tar chugam. A Íosa tar chugam agus tabhair dom do ghrá. A Íosa tar chugam agus tabhair dom tú féin. A Íosa, a chara na bpáistí, tar chugam. A Íosa, is tú mo Thiarna agus mo Dhia. Moladh go deo leat, a Thiarna Íosa Críost. Taréis Chomaoineach Go raibh maith agat, a Íosa dhíl, As ucht tú féin a thabhairt dom. Neartaigh mé chun go mbeidh do ghrá le feiceáil ionam gach áit a dtéim. Tá grá agam duit, a Íosa, agus adhraim thú. Is tusa an cara is fearr atá agam. Fáilte romhat, a Íosa dhíl. Mo bhuíochas leat go dtáinig tú. A Íosa, is tusa arán na beatha. Beathaigh mé le hArán na Beatha. Bí in aice liom, a Thiarna Íosa, inniu is go deo. Bí in aice liom agus tabhair dom do ghrá. Beannaigh sinn, do pháistí go léir. Tabhair aire dúinn go dtí go dtéimid chun cónaithe leat ar neamh. Tá mé réidh anois a Íosa, Le méid mo ghrá a thaispeáint duit. Tá mé réidh anois, le do ghrá a thabhairt sa bhaile is in ngach áit eile. EN EGO A Íosa rómhaith, rómhilis, Féach mise ar mo ghlúine os do chomhair, ag impí agus ag iarraidh ort le mórdhíograis m’anama go ndéanfá an creideamh, an dóchas agus an charthanacht a chruthú go beomhar i mo chroí, mar aon le fíoraithrí faoi mo pheacaí agus rún daingean mo bheatha a leasú; Agus mé le dianghrá agus le dólás croí ag cuimhneamh agus ag machnamh ar do chúig chréacht, Agus an focal úd os comhair mo shúl a labhair Dáiví fáidh fadó thar do cheann-sa a Íosa mhaith: Tholl siad mo lámha agus mo chosa, chomairigh siad mo chnámha go léir.
A Athair ghil a cheannaigh sinn agus atá mar ghrian ar muir, go maithe tú gach peaca dúinn a rinneamar riamh 'gus inniu. Ar Neamh go maithe tú, a Dhia, ár gcoir, gur taitneamhach go nglacaimid ár dTiarna inniu.
A Athair-Mhic, do cheapais grian agus muir, tá an peaca seo orm ceangailte fós riamh agus inniu. Scaoil eadrainn do bheannacht, agus go bhfana sí againn, le taitneamh duit go nglacaimid ár dTiarna inniu.
Fuil na martra agus geanmnaíocht na maighdean ba chóir domsa a bheith orm chun an ullmhú seo. A Linbh Íosa, tar i mo chroí agus glac ann seilbh.
A Thiarna Íosa Críost a Shlánaitheoir an domhain, mise an peacach bocht. Ni fiú mé go dtiocfá faoi m' dhíon, ach amháin abair an focal agus beidh m’anam saor.
A Íosa, a mhuirnín dílis, ni suíochán duit mo theanga ná ní lóistín duit mo chroí, ach bronn orm do bheannaitheacht is go bhfana sí agam choích'. Míle fáilte romhat, a Choirp an Tiarna, tá tú agam anois; glan an áit 'na bhfuilir, díbir rúta an pheaca; is a Mhaighdean ghlórmhar, tar i m' choimhdeacht.
Tá tú agam anois, go bhfanair agam go brách! Ó a Neamh ar talamh, maith agus mórshláinte go ndéana tú do m'anam. Íosa mhilis, a dhianghrá, Coimirce m'anam' ar do dheasláimh anois agus ar uair mo bháis, ar eagla, an uair dheireanach, nach dtiocfadh liom é 'rá.
Fáilte mharthanach mhúinte chóir romhat, a Thiarna, fáilte mar an taoile tuile romhat, fáilte an athar roimh an leanbh atá i mbroinn go fóill romhat, fanacht gan imeacht ach fanacht linn féin go deo romhat.
Míle fáilte romhat, Íosa uasail, a Thiarna a d’fhulaing dúinne an Pháis, an tsleá nimhe a dhul trí do thaobh gur tháinig as fuil agus uisce, ó Íosa, Mac Muire, déan trócaire orainn.
Mo ghrá mo Thiarna Íosa Críost! Mo ghrá go daingean é!
A Íosa a cheannaigh mé, a Íosa a bheannaigh mé, le saol na saol go raibh leat i bhFlaitheas mé.
Toirbhrim duitse mé féin, a Chríost, nár scara mé leat a choich' arís; ar uair mo bháis ná lig dom imeacht, 's i ndiaidh mo bháis bím leat i bhfolacht.
A Athair shíoraí bheannaithe, tar éis an aráin seo 'chaitheamar, tabhair dúinn na grásta agus dár ngarda leanfaidh sinn deirc na trócaire mar lón síoraí anama, gach a dtiocfaidh liom is a dtáinig 'bheith páirteach i bParthas.
Dia do bheatha, a Choirp Chríost, Dia do bheatha, a Rí na bhfeart, Dia do bheatha, a Thríonóid Naof' is Dia do bheatha, a Cheart na gceart.
Dia do bheatha, a Rí na ngrás, Dia do bheatha, a fhuil 's a fheoil. A Thríonóid Naofa gan deireadh gan tús, ná bí i bhfeirg liom níos mó. Ná bí i bhfeirg liom níos mó, báigh m'anam i bhfuil do ghrás. A Dhia-Dhuine, céad fáilte romhat anois agus ar uair ár mbáis. Fáilte agus naoi gcéad fáilte romhat, a Thiarna, a ré gheal sholas mo chroí.
A Anam chumhra an Aonmhic, naomhaighse mo mheon, a Chorp gheal Íosa, saor mé 's bí taobh liom i ngach gleo, a Fhuil a shil 'na slaodaibh, tig taodach chugham le n-ól, a uisce ghil a taobh Chríost, ná léig orm aon smól. Neart is díon ó d' Pháis chughainn go brách i ngach treo, Ó a Íosa chaomh na daonnachta, éistse lenár nglór, folaigh sinn i d' chneáibh doimhne, ó bhárthain an tsaoil mhóir, ná scaoil sinn choíche ar fán uait in aon aird ach i d' chomhair. Ón námhaid dubh coimhthíoch craosach beir saor mé go deo, ar uair mo bháis bí taobh liom i m' ghlaoch leat fén ród, chun tíocht chun Flaitheas Dé leat 'measc na naomh is na n-ógh, go síoraí i d' mholadh ar séise i gcathair aolda na gcomhacht.
BEANNU NA gCÉADFAITHE : Naomh Fursa Go raibh cuing reachta Dé ar an ngualainn seo; Go raibh fiosrú an Spioraid Naoimh ar an gceann seo; Go raibh comhartha Chríost san éadan seo; Go raibh éisteacht an Spioraid Naoimh sna cluasa seo; Go raibh boltanú an Spioraid Naoimh sa tsrón seo; Go raibh amharc mhuintir neimhe sna súile seo; Go raibh comhrá mhuintir neimhe sa bhéal seo; Go raibh obair eaglais Dé sna lámha seo; Go raibh leas Dé agus na gcomharsan sna cosa seo. Gurab áit do Dhia an croí seo, Agus gura le Dia, Athair uiler an duine seo. Amen. Lúireach Phádraig. Is ionann Lúireach agus culaith cosanta saighdiúra, agus dá bhrí sin tugtar lúireach freisin ar ortha (urnaí) cosanta. Scríobhadh é seo timpeall na bliana 850 A.D., nó beagán roimhe. Ansin féin bhí daoine a cheap gurab é Pádraic féin a chum é. Ach, munab ea, tá ann spiorad agus spioradáltacht Phádraic, mar tá léirithe ina "fhaoistin". Tá eolas leathan ar an gcuid de a thosaíonn le "Críost liom....". Sa phaidir seo tá achoimre ar bhun-fhírinní ár gcreidimh: creideamh sa Tríonóid Ró-"Naofa : agus ómós do; loncholnú Chríost agus a shaothar slánaítheach; comhoibriú baill naofa Pobail Dé; Dia i láthair i ngach ar chruthaigh sé, agus treoir agus cabhair Dé i ngach gá, i gcoinne cumhachtaí an oilc. Cosaint Chríost freisin, agus muid crioslaithe le Críost, agus é ag coimhlíonadh geallúint a Láithreacht ionainn. Ag deireadh arís ár n-adhradh don Tríonóid. Paidir í seo ar ceart breis eolais a bheith againn faoi, agus níos mó úsáide a bhaint as. Éirím inniu, Tré neart tréan -glaoch ar an Trionóid, Tré creideamh i dTriaracht, Tré admhail Aondacht Cruthaitheoir na Cruthaíochta.
Éirím inniu, Tré neart giniúin Chríost agus a bhaisteadh, A chéasta agus a adhlactha, A aiséirí agus a dheasghabhála, Tré cumhacht a fhilleadh chun breithiúnais. Éirím inniu I neart grá Seirifim, In umhlaíocht aingeal, I bhfreastal Ardaingeal, I ndóchas aiséirí chun luach saothair, In urnaithe uasalaithreacha, I dtairngireacht na bhfáithe, I dteagasc na nAspal, I gcreideamh na gcreidmheach, I neamhchiontacht maighdean, I ngniomhartha na bhfírean. Éirím inniú I gcumhacht na bhFlaitheas, I soillse gréine, I ngile na gealaí, In áilleacht tine, I mire lasrach, I luas gaoithe, I ndoimhneacht farraige, I mbuanseasmhacht talún, I ndaingneacht carraige. Éirím inniú Neart Dé dom' stiúradh, Cumhacht Dé dom' chumhdach, Críonnacht Dé dom' threorú' Súil Dé ag faire dom, Cluas Dé ag éisteacht liom, Briathar Dé ag labhairt liom, Lámh Dé dom' chosaint, Slí Dé dom'tharraingt, Sciath Dé mar dhídem dom, Slua Dé dom'chaomhnú Ar ghaiste diabhal, Ar chathú duáilcí, Ar mhianta mí-ionraic, Ar lucht mo mhillte, I gcéin is i gcóngar, Im aonar nó i gcomhluadar. Glaoim chugam inniú na mór-chumhachtaí In aghaidh náimhde coirp agus anama, In aghaidh asarlaíocht fáithe bréige, In aghaidh droch-dhlíthe págánacha, In aghaidh claon-reachta eiriceach In aghaidh adhradh íola, In aghaidh geasa cailleach, gaibhne agus draoithe, In aghaidh gach eolas a thruaillíonn coirp agus anam duine. Críost do mo chumhdach inniú Ar nimh,ar loscadh, Ar bháthadh, ar ghoineadh, Go dtaga chugam luach mo shaothair. Críost liom, Críost romham, Críost i mo dhiaidh, Críost ionam, Críost fúm, Críost ós mo chionn, Críost ar mo dheis, Críost ar mo chlé, Críost i leithead, Críost i bhfaide, Críost in airde Criost mar a luím, Críost mar a suím, Críost mar a n-éirím, Críost i gcroí gach duine a smaoiníonn orm, Críost i mbéal gach duine a labhraíonn liom, Críost i súil gach duine a fhéachann orm, Críost i gcluas gach duine a éisteann liom. Éirím inniú, Tré neart tréan -glaoch ar an Tríonóid, Tré creideamh i dTriaracht, Tré admhail Aondacht Cruthaitheoir na Cruthaíochta. Is leis an Tiarna an Slánú, is leis an Tiarna an Slánú. Is le Críost an Slánú. Go raibh do Shlánú linn de shíor, a Chríost.
|