Bíonn Tú le mo Taobh
Cúrfá:
Fiú nuair a bhíonn mo shaol faoi bhrón
Nuair a thiteann scáile thar an domhain,
Is nuair a luíonn ceo ar shliabh,
Bíonn tú le mo thaobh.
Má bhím féin is isle brí
Nuair a bhuaileann gruaim mo chroí
Is nuair a luíonn ceo ar shliabh,
Bíonn tú le mo thaobh.
Bíonn tú le mo thaobh
Féach na réalta geala
A nochtann dúinn do ghrá
A lasann dúinn an bealach
Go mairfimid leat go brách.
Is beannaithe iad go deo
A shiúlann i slí na fírinne
Is beannaithe iad go deo
A thugann glóir don Rí.
[Liam Lawton]