A Ard-Rí a Tháinig chun Stábla | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

1               

A Ard-Rí a Tháinig chun Stábla

A Ard-Rí a tháinig chun stábla lá Nollag go fuar,

‘S do mháthair ar fán ‘s gan áit di ‘na raibh gcodlódh gan ghruaim, 

Ofráilim gach crá croí ‘s gach anró dar iompair lucht siúil,

An páiste gan scáth air ‘s an bhaisteach ag doirteadh anuas.

 

A Cheardaí a shínigh gach Críostaí le síocháin 's le grá,

'S gur sháraigh na mílte do dhlíthe le fíoch is le hár,

Ofráilim gach íobairt 'rinn naoináin a sciobadh chun báis,

Is a máithreacha 'caoineadh san oíche gan faoiseamh le fáil.

 

A Mháistir 'ghlac trua ar na sluaite

 bhí 'tarraingt 'do dhiaidh.

Ó thárla nach flúireach mo chnuasach

  de shaibhreas an tsaoil.

Ofráilim go humhal duit

 mo chúrsaí i gcaitheamh an lae;

Ach go bhfaighe mé a luach go buan

  i bhflaitheas na naoimh.

                  [Fonn: Buachaill ón Eirne mé]

© Cumann na Sagart 2018