A Athair dhílis an Aon Mhic | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

2                A Athair dhílis an Aon Mhic

 

A Athair dhílis an Aon Mhic,

Ní fiú sinn go dtiocfá 'n ár bpáirt,

'Sgurb annamh lá in ár saol dúinn,

Nach dtugaimid cúl le do ghrá.

I ndíol ár bpeacaí gan áireamh,

Ofrálaimid íobairt gan smál

Ar son na dtréad seo i láthair,

Ar son na mbeo is na marbh

 

Nuair ‘rugadh Íosa in anallód,

Thug saoithe dó túis agus ór,

Ach tig Sé anuas ar an altóir

'S ní thugaimid maoin Dó ná stór.

A Íosa fearaimid fáilte,

Níl againn le bronnadh ach í,

'S an dream i bpeaca bhí báite,

Tar chugainn is cónaigh 'nár gcroí

 

A Naomh Sprid, údar gach sóláis,

Tabhair beannú don íobairt seo uainn,

I gchuimhne pháis Mhic na hÓighe

'S a aiséirigh glórmhar ón uaigh,

In onóir Mhuire síor mhaighdean,

Eoin Baiste is slóite na Naomh;

Go raibh a gcabhair ó na bhflaithis

Ár dtreorú go huile chun Dé.

Ceol: C.Ó Ceallcháin; Focail: T.Ó Fiaich VH;  IC    

© Cumann na Sagart 2018