A Dhia na Farraige | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart


Na Fir:

A Dhia na Farraige, ‘s Mhuire glan gan smál

Táimid ag fágáil is ag ionsa´bharrglas na dtonn.

Tabhair sólás dár muintir is d’ár gcolainne

                                                      tá óg gan cháim

Agus sábháil muide gur ar talamh slán

                                             a bhéas ár mbonn.

 

Na Mná:

Tá siad dár bhfágáil, a Réaltóig an aigéin mhóir.

Ó sábháil iad uile agus coinnigh iad faoi do threoir.

Bí leofa go bhfilleadh siad thar bharra cúr-bhán na dtonn

Is a Réata na Mara, go stiúraigh tú a dtriall anonn.

 

Na leanaí:

A Athair dhil Neimhe, is a Mháthair Ard Rí na nDúl,

Iarraimid cuidiú dá n-aithreacha atá ar siúl

Ar bhrollach na mara le muide a choinneáil beo,

Go sroiche siad baile agus lastaí éisc ina mbádaí leo.

                  [Fonn: Ag Úr Chill a Ch.]  DDD

© Cumann na Sagart 2018