A Dhia Naofa | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

D’ainm mólaimíd a Dhia,

‘Thiarna mhóir umhlaimíd romhatsa,

Tá an domhan seo faoi do riar,

‘S a bhfuil sna Flaithis tugann siad glóir duit,

Mór do chumhacht that mheon, thar chríoch,

Lonnrach buan, do réim shíoraí.

 

Éist le ceol sár aoibhinn, binn,

Cór na nAingeal go humhal dod’ móradh;

Cerubim is Seraphim,

Cantan molta agus glóire,

Canann siad le guth glan glé;

Naofa, naofa, Dia na Naomh.

 

Slánaigh sinn, a Thiarna dhíl,

Sinn atá le guais ‘nár dtimpeall.

Coinnigh saor ó pheacaí sinn,

Deonaigh dúinn go síor do dhídean.

Féach  is ort atá ár ndóigh,

‘Thiarna Dia, bí linn go deo.

     [ DSSL  Aistr.  Holy God we praise thy name]

© Cumann na Sagart 2018