A Íosa Mhic Mhuire, a Rí ghil na Rithe | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

A Impire an chine dhaonna ‘s a ghrá,

A Chríost mhilis oinigh,

a shoilse lér cumadh riocht neimhe

‘s nithe an tsaoil i dtráth;

Ó díbir ár ndaille, ár mbaois is ár mbuile,

choíche as ár groíthe, a Réiltean na ngrás;

Is id’ íobairtse, a Linbh Ró naofa na croise,

Ó cuimhnigh go dtugais saor sinn id’ pháis.

 

Mo sceimhlese an stoirm

Scíosmhar so, an cluiche

Claonmhar do cuir i ndaorbhroid sliocht Adhaimh;

Do dhilse do bhriseas.

A Naomhsprid, do thuilleas

Pianta uile is tine chraosach dom chrá.

A Rí dhil do rugais

Maois leat ‘s a thrúpaí

Trí chraoschorp na tuile tréine gan bá.

Dá bhrí sin, a Chumainn,

Na Gaeil bhochta coimirc,

‘S go díograiseach cluthar saor sinn id’ bháis.

© Cumann na Sagart 2018