Ag Críost an Síol, ag Críost an Fómhar
Ín iothlann Dé go dtugtar sinn.
Ag Críost an mhuir, ag Críost an t-iasc,
I lionta Dé go gcastar sinn.
Ó fhás go haois, is ó aois go bás
Do dhá láimh a Chríost anall tharainn.
Ó bhás go críoch, ní críoch ach athfhás,
I bParrthas na nGrást go rabhaimid.
[Dán le Fr Ó Síocháin; ‘Riada 1; VH; IC; Fonn eile DSSL]