Áiméan a Íosa | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

Áiméan a Íosa do cheannaigh go daor mé

                  ar an gcrann Dé hAoine

Is do namhaid i do thraochadh

                  ‘s tú i bhfad ó do ghaolta.

 

Is do bhanaltra taobh leat

                  go cathach ad’ chaoineadh

Agus mise go millteach

                  ó tháinig brí ionam.

 

Ad’ chéasadh ar mo dhícheall

                  is mo chumha céad mile

Do chéadaibh sceimhle –

                  nó bé sin mo dhíol duit.

 

A Íosa ghil aoibhinn,

                  is ‘Athair an Uain,

Do chionn sinn cuibhrithe

                  ceangailte i ngruaim,

 

A Rí mhilis dhaoineachtaigh

                  freagair mo dhuain

Dírigh is díbir an mhallaíocht uainn.

        [Tadhg Ghaelach Ó Suilleabháin 1795 a d’éag]

© Cumann na Sagart 2018