Áiméan a Rí na nDúl
Amen a Rí na nDúl,
Cé gur thugas leat mo chúl,
Is gur ritheas uait ar siúl.
Bí liom a Thiarna.
Is cé minic a rinneas siúd,
Ná tabhair droim do láimhe liúm
Mar is leat atáim ag tnúth,
Bí liom a Thiarna.
Mar is tú amháin mo threoir,
Mar is Tú mo Shlánaitheoir,
Beir leat mé go deo na ndeor,
Is bí liom a Thiarna.
[DSSL]