Ave na h-Oíche
Ave Maria, le teacht an tráthnóna,
Le titim na hoíche, ná raibh imní nó brón orm;
Guidhim síocháin ó Dhia agus suaimhneas go deo orm,
Ave Maria, Ave.
Ave Maria, a réalta na bhflaitheas,
Scail ar mo chroí ar feadh iomlán mo bheatha;
Féach ar an té tá faoi ualach nó lagar.
Ave Maria, Ave.
‘S tusa mo dhídean, a bhanríon ró-bheannaithe;
In oíche mo bháis go mba tusa mo charaid;
Beir ar mo láimh-sa ag réiteach an bheala’,
Ave Maria, Ave.
{Focail: © R.Tobin C.Ss.R.; aistr. P. Ó Maolalaigh C.Ss.R.}