Bí ‘Íosa im' Chroíse | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

Bí ‘Íosa im' Chroíse

 

Bí ‘Íosa im' chroíse 's im' chuimhne gach uair,

Bí ‘Íosa im' chroíse le aithrí go luath.

Bí ‘Íosa im' chroíse le dúthracht go buan.

'S a Íosa Dhia dhílis ná scar choíche uaim.

 

'Sé Íosa mo ríse, mo chara 's mo ghrá,

'Sé Íosa mo dhídean ar pheaca a's ar bhás.

'Sé Íosa mo aoibhneas, mo sheasamh de gnáth.

'S a Íosa Dhia Dhilis ná scar liom go brách.

 

Bí, ‘Íosa go síoraí im' chroí 's im' bhéal.

Bí, ‘Íosa go síoraí im' thuiscint a's im' méin.

Bí, ‘Íosa go síoraí im' mheabhair mar léann.

'S a Íosa Dhia dhílis, ná fág mé liom féin.

                  [Traid; CC;DSSL; VH; IC]

© Cumann na Sagart 2018