Bí Liom de Shíor (Lyte/Monk)
Bí liom de shíor, tá ‘n oích ag druidim liom
Dorcha mo dhomhan a Thiarna bí liom
Fiú nuair a thréigeann sólaistí an tsaoil
Cara na gcráite, ó bí liomsa de shíor.
Níl namhaid sa saol a chuireann eagla orm
Ní dhéanann olc ná brón aon bhuairt dom
Fiú tríd an bháis, an sean-namhaid ‘tá romhainn
Leanfaidh mé thú mo Dhia, má bhíonn tusa liom.
A Thiarna Dia, bíodh radharc na croise romham
Díbrigh an oích’ is bí mar sholas dom
Fan le mo thaobh go breacadh geal an lae
In éineacht liom de shíor, a Íosa, Mac Dé.
[Be still My Soul fonn Sibelius]