Bíodh Íosa im’ Chroíse ar Maidin
Bíodh Íosa im’ chroíse ar maidin ‘s tráthnóna.
Bíodh Íosa lem thaoibhse i bhfad is i gcóngar.
Bíodh Íosa im intinn ag léiriú mo threo.
’S a Íosa ró dhilis, ná tréig mé go deo.
Gan Íosa im smaointe is baolach dom anam.
Gan Íosa im bhriathra is is bréaga a chanaim,
Gan Íosa im ghníomha, níl iontu ach baois,
Is a Íosa ró dhililis, tar chugamsa arís.
‘Sé Íosa mo thaoiseach thar uaisle thar fhlátha,
Sé Íosa mo dhídean ar ghuaise na beatha,
‘Sé Íosa mo aoibhneas i bhFhlaitheas go buan,
Is a Íosa ródhílis, ná scar thusa uaim.