Bíodh Tusa ‘mo shúile a Rí mhór na nDúil | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

Bíodh Tusa ‘mo shúile a Rí mhór na nDúil

Líon thusa mo bheatha mo chéadfaí ‘s mo  stuaim.

Bíodh Tusa i m’ aigne gach oíche ‘s gach lá.

Im chodladh nó im dhúiseacht, ó líon mé led ghrá.

                                                    

Bíodh tusa ‘m threorú i mbriathar ‘s i mbeart.

Fan thusa go deo liom is coinnigh mé ceart.

Glac cúram mar Athair, is éist le mo ghuí.

Tabhair domsa áit cónaí istigh i do chroí.

                  [T.Ó Fiaich  féach ACT; DSSL]

© Cumann na Sagart 2018