Bóthar Dé in ár dtriall go leanam | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

Bóthar Dé in ár dtriall go leanam

Briathra Dé in ár mbéal go gcanam.

Grásta Dé in ár gcroí 'sár n-anam,

A soillsiú slí chun Dé dhúinn

 

Cúrfá

Slán, slán a thriath 's a chara.

Slán, slán  ach ní mian liom scaradh.

Slán slán bí a' triall 'nár bhfarra,

Amach ar fud an tsaoil linn.

 

Tráth an cheó 's Tú ár lampa solais,

Réalt na maidne san oíche dorcha,

Long gan briseadh i measc na dtonnta,

Sín do láimh is saor sinn.

 

Tiocfaidh lá nuair a léifear Aifreann,

'S sin ar lár inár luí sa teampall,

Tar, a Árd Rí is tóg ár n-anam

Suas go flaithis Dé leat.

                   [Aifreann Ceolta Tíre T.Ó Fiaich   ACT]

© Cumann na Sagart 2018