Céad Glóire, Céad Glóire
Céad glóire do Dhia.
Céad glóire, céad glóire
Do Dhia sna flaithis.
Gabh moladh, gabh móradh,
Gabh buíochas do Dhia.
Gabh moladh, gabh móradh
'Gus míle do Dhia.
A Athair, A Íosa,
A Spiorad Ró Naofa,
Céad moladh, céad moladh
'S Tú Dia Mór na Cruinne.
[Fonn: Bog Braon don t-seanduine]