Céad moladh don Tríonóid
Céad moladh don Tríonóid
sna Flaithis go hard.
Céad moladh don Athair
a chruthaigh muir is tir;
Céad moladh don Aon-Mhac
a shlánaigh ár dtréad.
Céad moladh don Naomh-Spr'rid
a lonnaíonn 'nár croí.
Seo glóire don Athair,
don Mhac 's don Sp'rid Naomh,
Seo glóire thar chuimse
don Tíonóid Aon Dia;
Mar a bhí ann ó thosach,
mar atá 'nár ré féin;
Mar a bhéas ann go brách,
go suthain síoraí.
[Téacs Sr.Colmcille] Mis.