Céad Moladh le Muire bheannaithe | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

Céad Moladh le Muire bheannaithe,     

'Tá sna flaithis os cionn na naomh.

Céad moladh leatsa 'bhanaltra

An Mhic sin a d'fhulaing péin.

De ghnáth i ndéanamh caradais

A chaithis ar fad do shaol,

A Mhaighdean glégeal gheanúil

Dár nanamacha guigh-se féin.

 

Faoi mar gheall an tAthair neamhdha dúinn,

Do cabhairse i dtús an tsaoil,

Nuair a caitheadh Adhamh is Éabha leis

As an ngáirdín de bhall a ngníomh.

Is mar gheall  an tAon Mhac Beannaithe,

Uair duitse 's dod' aspail caoin;

A Mhaighdean glómhar cheannasach,

Dár nanamacha dean-sa díon.

                  [Traid.       VH;  IC;  DSSL]

© Cumann na Sagart 2018