Chugainn do seoladh teachtaire Dé
Rún thar meon á nochtadh don saol.
Sluaite ceoil do chan ins an spéir
"Glóire do Dhia sna harda.”
Aoiri bochta' fiar (faire?) ar a dtréad,
B'iad ar dtús a chuala 'n dea-scéal,
Rith le fonn go bhfuair an mainséar
ls thug moladh do Dhia sna hárda.
Uaimh gan aird ab áras don Ri.
Umhal a stáid san easair ‘na lui,
Crua a chás gan fothain ón ngaith,
Glóire do Dhia sna hárda.
Muire 'mháthair, maighdean gan teimheal.
loseph mánla 's ionadh ina chroi,
Teaghlach neamhai 'gcró na mbeithíoch,
Moladh le Dia sna hárda.
Dia 'na dhuine tháinig 'nár measc,
Soilse Dé ón stábla do leath,
Críoch le réim an áirseor' a theacht,
Glóire do Dhia sna hárda.
Fáilte romhat a Sholais an tSaoil,
'Aonmhic ghlórmhair an Athar shíoraí,
Tú ár dtreoir, ár mbeatha 's ár sli,
Moladh de shíor is de ghnáth leat.
Diarmuid Ó Rian file ceol EÓ Gallchoir
[Fonn eile – Scarboragh Fair]