Clog dhea-scéal an Aingil | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart


Is aoibhinn a cheol,

Ag fógairt ‘s ag freagairt

Is naofacht ‘na ghlór.  Ave, ave

 

Do stiúraigh an tAingeal

An cailín gan cháim

Mar a raibh Muire Mháthair

Os cionn an tsrutháin.

 

Do shéid an tsí gaoithe

‘n timpeall le neart

Is tigeadh don chailin

Go raibhneas ag teacht.

 

Do tháinig an t-Aoibhneas

Ós comhair a dhá súil;

Bhí bean uasal álainn

‘N seasamh go humhal.

 

An solas ‘na timpeall

Ba ghile ná an ghrian

De dhubhsmal an pheaca

Ní raibh  uirthi rian.

 

Bhí loinnir na bhFlaitheas

ar lasadh ‘na scéimh

‘Ná bíodh ort aon eagal’,

Adubhairt sí go séimh.

 

A h-éadan ba ghlaine

Ná lille na dtonn

Thug Bernadette grá dhi

Le croí is le fonn.

 

Trí cheist chuir an cailín

Faoina h-ainm ‘s a cáil

‘S d’fhreagair an Mhaighdean,

‘S mé an Ghiniúint gan Smál.

© Cumann na Sagart 2018