Creidim i nDia an t-Athair,
a chruthaigh neamh is talamh
‘S in Íosa Críost a Mhacsan
a rugadh ó Mhuire Ógh,
A d’fhulaing páis is peannaid
faoi Phointias Piolóid sealad,
Do céasadh is do ghradadh
ar ardchrois gan ghó.
Fuair bas de bharr an pheaca
a rinne Éabha chlaon is Ádhamh,
Chuaigh faoi dhéin na n-anam
go hIfreannn na mbrón.
Ar theacht don triú maidin
d’éirigh tréan ó thalamh,
Is tá ina shuí go dearbh
ar dheasláimh Dé na gcomhacht
As san arís a thagann
ag marcaíocht ar na scamaill
Chun breith a thabhairt ar mhairbh
is ná déanfaidh sé éagóir.
Don Naomh Spiorad géillim feasta,
is do theampall naofa Pheadair
Tá suite dlúth ar charraig
agus ná luascfaidh go deo..
Go bhfuil an diabhail is a aingil
ag iarrraidh choíche feacadh
Do bhaint is leagann aisti
gan buachaint dar ndóigh.
I gComaoine na Naomh is na nAingeal
i maithiúnas na bpeacaí
In aiséirí na marbh
agus sa tsíoraocht gan ghó.