[leagann eile] DSSL
Críost romham
Críost im’ dhiaidh
Críost os mo chionnsa
agus Críost fúm.
Críost ina chónaí i mo chroíse,
Críost fós ó dheas díom
Críost ó thuaidh
Críost i gcluasa gach aon duine
de na daoine chloisfeas mé,
Adhraim, creidim agus glaoim
ar an Trionóid Triúr ‘na nAon.
Ón Tiarna tig slánú,
Ón Tiarna tig slánú.
Go raibh do shlánú a Thiarna
‘nar measc go saol na saol. Aiméain.