Aistrithe go nua-gaeilge ag Dubhghlas de hÍde.
** Tá an ceol ag dul do na bhéarsaí seo ar fáil i Dánta Dé le Úna ní Ógáin
Féach Slí chun Dé le Mairéad Ní Bhuachalla lch. 55.
Cúrfá:
Críost liom, Críost romham,
Críost i mo dhiaidh, Críost ionam,
Críost fúm, Críost os mo chionn,
Críost ar mo lámh chlé, Críost ar mo dheis,
Críost i leithead, Críost i bhfad,
Críost in airde, Críost le mo chois,
Críost i gcluas gach aon duine
de na daoine a éisteas liom,
Críost i súile gach aon duine
de na daoine a fhéachas orm.
**Críost liom, Críost romham, Críost im’ dhiaidh,
Críost os mo chionn-sa, agus Críost fúm.
Críost ina chónaí i mo chroí-se,
Críost fós ó dheas díom,
Críost ó thuaidh.
**Críost i gcluasa gach aon duine
de na daoine a chloiseas mé,
Éirím, creidim agus glaoim
ar an Trínóid, Triúr in aon.
Ón Tiarna tig slánú, Ón Tiarna tig slánú,
Go raibh do shlánú, a Thiarna
‘N ár measc go saol na saol. Áiméan