Céad moladh is glóir duit a Íosa , a Rí,
A Aonmhic an Athar ‘stú a thagann ó Dhia
Ghrá’ Tú ó thus sinn is d’fhuascail ó phian.
A Rí ghil na bhFlaitheas, a Rí ghil mo chroí.
Fan linn, a Íosa chaoin, éist len’ ár nguí,
Is soilsigh ár mbealach chuig tAthair síoraí.
Bi linn is bi romhainn, bí fós in ‘ár ndiaidh,
A Íosa a fhíor-dhílis, bí linn ar an slí
Is Tú a Íosa an Fhírinne, an Solas, an tslí
Rí lochrann sa dorchadas, ‘ár mbeatha ‘sár sciath;
Rí síocháin, ár sonas, ár gcabhair i ndroch chaoi’
A Rí mhír na cruinne, a Rí ghil mo chroí.
‘S Tú a d’fhulaing an Pháis ar ár son, a Chríost, a Rí,
Is (a) d’éirigh ón mbás arís, moladh le Dia.
‘S Tú bia beo na beatha ‘tá linne de shíor,
Ná lig dúinn scaradh leat choíche, a Rí