Naomh Oilibhéar Pluincéid, easpag agus mairtíreach  Comóradh: Iúil 1

Is i gContae na Mí a rugadh Naomh Oilibhéar Pluincéid sa bhliain 1625. Chuaigh sé chun na Róimhe sa bhliain 1647 agus oirníodh ina shagart é sa bhliain 1654. Bhí sé ag teagasc i gColáiste Propoganda Fide ó 1657 go 1669, nuair a ceapadh  é ina Ardeaspag ar Árd Mhacha. Shroich sé Baile Átha Cliath sa bhliain 1670. Chuaigh sé i mbun a dhualgas tréadach láithreach, thionól sé sionaid agus thug sé cuairt thart ar dheoisí agus ar pharóistí i gCúige Árd Mhacha. D’éirigh an ghéarleanúint ar Chaitlicigh níos déine. Gabhadh é sa bhliain 1679 agus cuireadh i bpriosún é i mBaile Átha Cliath. Sa deireadh tugadh chun trialach é i Londain agus daoradh chun báis é. Crochadh é i Tyburn sa bhliain 1681.

© Cumann na Sagart 2012