Léachtaí an Aifrinn, 17 Eanáir 2021

CÉAD LÉACHT         

Sliocht as an dara leabhar Samúéil                    3:3-10. 19
“Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.”


Bhí Samúéil ina luí i dteampall an Tiarna mar a raibh áirc Dé. Ansin ghlaoigh an Tiarna: “A Shamúéil!” D’fhreagair seisean: “Seo anseo mé,” agus rith sé leis go dtí Éilí agus dúirt: “Seo anseo mé, mar ghlaoigh tú orm.” Ach dúirt seisean: “Níor ghlaoigh mé ort; luigh síos arís.” D’imigh sé mar sin, agus luigh síos.

Ghlaoigh an Tiarna arís. “A Shamúéil!” D’éirigh Samúéil agus chuaigh go dtí Éilí agus dúirt: “Seo anseo mé mar ghlaoigh tú orm.” Agus d’fhreagair seisean: “Níor ghlaoigh mé ort, a mhic; luigh síos arís.” Ní raibh aon aithne fós ag Samúéil ar an Tiarna, ná níor foilsíodh briathar an Tiarna dó fós. Ghlaoigh an Tiarna ar Shamúéil den tríú huair. D’éirigh seisean agus chuaigh go dtí Éilí agus dúirt: “Seo anseo mé, mar ghlaoigh tú orm.” Thuig Éilí ansin gurbh é an Tiarna a bhí ag glaoch ar an ngasúr. Dúirt sé le Samúéil: “Imigh agus luigh síos, agus má ghlaonn aon duine ort abair: ‘Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.’” D’imigh Samúéil mar sin agus luigh sé síos ina áit féin.

Tháinig an Tiarna ansin agus sheas ansiúd agus ghlaoigh mar a rinne roimhe sin: “A Shamúéil! A Shamúéil!” D’fhreagair Samúéil: “Labhair, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.”

D’fhás Samúéil agus bhí an Tiarna maille leis agus níor lig sé d’aon fhocal dá chuid titim ar lár.

Briathar Dé.  

Salm le Freagra                      Sm 39
Freagra                                       Féach, táim ag teacht, a Thiarna, chun do thoil a dhéanamh.

1. Bhí dóchas agam, bhí dóchas agam sa Tiarna,
agus chlaon sé a chluas chugam
agus d’éist le m’éamh.
Chuir sé amhrán nua i mo bhéal,
amhrán molta dár nDia.                                    
Freagra

2.

Íobairt ná ofráil níor thoil leat,
ach d’oscail tú cluasa dom.
Ioscadh níor theastaigh uait, ná íobairt in éiric an pheaca.
Ansin dúirt mé: ‘Féach, táim ag teacht.’       
Freagra

3. ‘I rolla an leabhair tá scríofa I mo thaobh:
is áil liom do thoil a dhéanamh, a Dhia,
agus tá do dlí go domhain i mo chroí’         
Freagra

4. D’fhoilsigh mé d’fhíréantacht sa mhórdháil.
Féach, níor chuir mé cosc le mo bheola:
is eol duitse é, a Thiarna.                                 
Freagra


DARA LÉACHT           

Sliocht as an céad litir N.Pól chuig na Coirintigh             6:13-15. 17-20
Nach bhfuil a fhios agaibh gur baill bheatha de Chríost bhur gcoirp?

A bhráithre, ní don drúis atá an corp ann, áfach, ach don Tiarna agus is don chorp atá an Tiarna ann. Mar ní amháin gur thóg Dia an Tiarna ó mhairbh ach tógfaidh sé sinne ó mhairbh lena chumhacht chomh maith. Nach bhfuil a fhios agaibh gur baill bheatha de Chríost bhur gcoirp? Más ea, an bhfuilim chun baill bheatha Chríost a thógáil agus baill bheatha mheirdrí a dhéanamh díobh? Nár lige Dia sin! An té a bhíonn go dlúth i bpáirt leis an Tiarna áfach, bíonn sé d’aon spiorad leis.

Seachnaígí an drúis dá réir sin. Gach peaca eile dá ndéanann an duine, is lasmuigh dá chorp a bhíonn sé, ach is in aghaidh a choirp féin a pheacaíonn fear na drúise. Nach bhfuil a fhios agaibh gur teampall bhur gcorp ag an Spiorad Naomh atá istigh ionaibh mar bhronn Dia oraibh é? Ní libh féin sibh mar gur daor a ceannaíodh sibh. Más ea, tugaigí glóir do Dhia le bhur gcorp.

Briathar Dé.

Alleluia Véarsa                 Gnomh 16: 14
Alleluia, alleluia!
Oscail ár gcroí,A Thiarna,
Cun aird a thabhairt ar bhraithra do Mhic
Alleluia!

SOISCÉAL                     

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Eoin           1:35-42
Tháinig siad agus d’fhan siad fairis an lá sin

San am sin bhí Eoin ina sheasamh ansiúd agus beirt dá dheisceabail. Agus ag stánadh dó ar Íosa ag gabháil thart dúirt sé: “Seo é Uan Dé.” Chuala an bheirt deisceabal é ag rá na cainte agus lean siad Íosa. D’iompaigh Íosa, chonaic iad á leanúint agus dúirt sé leo: “Cad tá uaibh?” D’fhreagair siad é: “A raibí” – is é sin le rá “a mháistir” – “Cá bhfuil cónaí ort?” “Tagaigí agus feicigí,” ar sé leo. Tháinig siad dá bhrí sin agus chonaic siad cá raibh cónaí air, agus d’fhan siad fairis an lá sin. Bhí sé timpeall an deichiú huair.

Duine den bheirt a chuala Eoin agus a lean Íosa a ba ea Aindrias, deartháir Shíomóin Peadar. Fuair seisean ar dtús a dheartháir féin Síomón agus dúirt sé leis: “Fuaireamar an Meisias” – is é sín le rá an tUngthach. Thug sé leis é chun Íosa. D’fhéach Íosa go grinn air agus dúirt: “Is tú Síomón mac Eoin. Tabharfar ort Céafas” – focal a chiallaíonn Carraig.

Soiscéal Dé.

© Cumann na Sagart 2020