6 Eanair 2021 Sollúntas Eipifáine an Tiarna
Freagra don Chreideamh leis an mBíobla
leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC
A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí
B. B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae: Agallamh: Epifáine: Foilsiú rúndiamhair Dé ag dul ar aghaidh in gconai; an soiscéalaíocht nua.
A.. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí
Céad Léacht (Iseáia 60:1-6). Tá glóir an Tiarna tar éis éirí ort. Roghnaítear na léacht ghairid seo ó Leabhar Iseáia le dul leis an sliocht ón Soiscéal a léitear inniu, toisc go labhraíonn sí ar shluaite ar chamaill ag iompair óir agus túise go hIarúsailéim agus ag gabháil moltaí an Tiarna. Measaim go gcabhraíonn sé linn tuiscint níos fearr a bheith againn ar an gcuntas faoi theacht na saoithe, draoithe, na Magi, agus an teachtaireacht atá ag an gcuairt seo dár lá féin, má dhéanaimid machnamh ar an gcéad léacht ina chomhthéaasc bunaidh i Leabhar Iseáia. Bhí an léacht bhunaidh sin dírithe ar phobal Iosrael a raibh pionós trom gearrtha air ó Dhia de bharr a mhídhílseachta, díbeartha go deoraíocht sa Bhaibealóin, áit mar a raibh ach beagán dóchais acu do thodhchai ar bith. Bhí “bród a súl”, an Teampall agus an Chathair Naofa bánaithe. Sin mar a bhí sa bhliain 585 r. Ch. Ansin thart ar an mbliain 545 r. Ch. tháinig an fáidh ar a dtugaimid an Dara Iseáia ar an bhfód agus thug sé fís nua faoi thodhchaí ghlórmar le filleadh caithréimeach (ach síochánta) ar Iarúsailéim agus atógáil an Teampaill. Tugadh uchtach mór do Iosrael de shíor le fís dá leithéid. Ach ba fhada ó chéile cúrsaí an tsaoil ón bhfís a ghealladh dóibh. Dá bharr sin cuireadh cruth nua go minic ar fhís thosaaigh sin Iseáia, agus ceann díobh sin an caibideal sa Leabhar as ar tógadh léacht an lae inniu. Sa leagan nua sa léacht seo samhlaítear an domhan pagánta a bheith sa dorchadas. Díríonn an fáidh léacht seo an lae inniu ar Iarúsailéim. Beidh glóir an Tiarna ag éirí uirthu agus na ciníocha, na naisiúin phagánacha, ag triail ar a solas. Samhlaítear saibhreas na náisiún a bheith ag teacht ina shlaoda go hIarúsailéim ón bhfarraige san Iarthar agus óna tíortha Arabacha san Oirthear. Beidh na sluaite camall ag gluaiseacht uirthi, ó áiteanna san oirthear agus ón oirdheisceart ó Iarúsailéim, a bhfuil ainmneacha tugtha de roinnt díobh: Midián, Éfa, Saba.
Salm le Freagra (Salm 71[72]). Cromfaidh an uile náisiún go talamh i do láthair, a Thiarna.
An Dara Léacht (Eifisigh 3:2-3, 5.6). Tá sé arna nochtadh gur comhoidhrí linne na pagánaigh. Is faoi “eolas na rúndiamhaire” go mór mór an léacht seo. Tugann seo deis dúinn machnamh a dhéanamh ar cad is brí leis an bhfocal “rúndiamhair” san Soiscéal, i scribhínní Phóil, agus fiú i liotúirge na hEaglaise, agus faoi mar ar chóir an Eaglais féin a thuiscint. Sa traidisiún seo ionann rúndiamhair, nó rún, agus téarma teicniúil ar fírinne áirithe, plean, beart, diaga, rún ar fios do Dhia ach a nochtadh do dhaoine daonna trí fhoilsiú, agus trí sin amháin. Maidir le ábhar na rúndiamhaire, a bhfuil ann, is féidir leis seo a athrú ó dhuine go duine, a scríbhneoir amháin go ceann eile. Tá samplaí de na rúndiamhra seo againn cheana sa tSeantiomna, i Leabhar Dhainéil. Ar ndóigh tháinig foilsiú iomlán rúndiamhair Dé i gCríost, a nochtadh ag Íosa féin do na haspail. Mar a duirt Íosa féin leo: “Tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht na bhflaitheas, ach níl sé tugtha do na daoinne eile” (Matha 13:11). Agus tamall ina dhiaidh sin leanann sé ar aghaidh: “Ach is méanar do bhur súilese mar go bhfeiceann said agus do bhur gcluasa mar go n‑éisteann siad. Deirim libh go fírinneach, b’é ba mhian le mórán fáithe agus fíréan na nithe a fheiceáil a fheiceann sibhse agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibhse agus níor chuala siad iad.” (Matha 13:16-17). Ar dhóigh amháin, foilsíodh an rúndiamhair seo in Íosa agus ina ghníomhaíocht. Ach chuaigh foilsiú na rúndiamhaire, sin le rá beart slánaithe Dé, ar aghaidh tar éis bhás agus aiséirí Íosa, trí fhoilsiú ó Dhia agus trí stiúir an Spioraid Naoimh. Roghnaigh Dia Pól le bheith ina aspal do na pagánaigh, na neamh-Ghiúdaigh. B’ionann seo do Phól agus fógairt gan scáth gan eagla go raibh slánú le fáil trí chreideamh in Íosa amháin seachas trí chleachtadh Dhlí Mhaois na nGiúdach. Throid sé go tréan le go mbeadh Giúdach agus gintlí ar chomhchéim san eaglais trí chreideamh in Íosa. De réir dealraimh bhí seo amhlaidh cheana nuair a scríobhadh an litir seo chuig na hEifisigh. Tá céim ar aghaidh suntasach tógtha cheana féin ag beart slánaithe Dé i gCríost, foilsithe, mar a deir an téacs seo, trí na haspail agus na fáithe naofa. Na fáithe i gceist anseo is fáithe den Tiomna Nua iad (iad luaite i ndiaidh na haspail), daoine a raibh tuiscint níos doimhne acu ar bheart slánaithe Dé.
Ní haon dochar a lua anseo gur lean an téarma “rúndiamhair” ar aghaidh san Eaglais, agus is fiú machnamh a dhéanamh ar sin. Cuireann an Bunreacht Dogmach ar an Eaglais de chuid na Comhairle Vatacáin II an teideal seo ar an gcéad chaibideal: “Rúndiamhair na hEaglaise”, agus míníonn an Pápa Pól VI in a aitheasc tosaigh don dara seisiún den Chomhairle mar seo (Meán Fomhair 29, 1963): “Is rúndiamhair í an Eaglais. Is réaltacht í a bhfuil láithreacht fholaithe Dé istigh inti. Leanann as seo, mar sin, gur chuid dilis den Eaglais bheith oscailte i gcónai do fhionnachtana úra agus níos mó”. Tá láithreacht fholaithe seo Dé agsinn sa liotúirge chomh maith, san Eocairist (AIfreann), agus sna Sacraiminti eile agus tá an téarma “rúndiamhair, rúndiamhra” le fáil go minic i dtéacsanna sa Leabhar Aifrinn nua.
Soiscéal (Matha 2:1-12). Thángamar anoir ag déanamh ómóis don rí. Maidir leis an léacht seo is é an rud is tábhachtaí ná coimeád i gcuimnhne cad a bhí mar imní a aigne ag Matha nuair a bhí sé á chur le chéile seachas an bhaint atá nó a bheadh aige le cúrsaí staire. Fuair ann ré Hearóid bás go luath sa bhliain 4 r. Ch. Bhí teist na crúaltachta air agus réidh le haon iomaitheóir dá ríchathaoir a chur chun báis gan trua gan taise. Sa tráth sin i measc na nGiúdach bhí tuairmí agus ráflaí éagsúla ann maidir le ginileach agus nádúr an mhic le Dáiví a rabhthas ag súil le theacht. Bheadh eolas maith ag uachtaráin na sagart agus ag na scríobhaithe ar fhaistine Mioca 5:1-4 (a léadh agus a mhíniodh mar chéad léacht don Cheathrú Domhnach den Aidbhint do Bhliain C). Bheadh sé soiléir cad a bhí ina aigne ag an Rí Hearóid maidir leis an naíonán nuabheirthe. Cuirtear na Magi, na saoithe, i láthair anseo i módh dearafach, seachas mar astralaithe. Tháinig siad ón Oirthear (An Pheirs, Baibealóin nó an Aráb) agus cuirtear i láthair iad mar togha ionaidaithe den eagna ab fhearr den domhan gintlí, a scothaicme spioradálta. Maidir leis an réalta de agus a cuid gluaiseachtai sa spear, measaim nach fiú bheith ar tóir míniu air sa réalteolaíocht. An modh atá ag Matha atá ann gur stiúraíodh na saoithe ag Dia, le cabhair aingil b’fheidir. Samhail iad na saoithe den domhan neamh-Ghiúdach,gintlí, pagánach, a aithin Slánaitheoir an domhain ag a bhreith féin. Cuirfidh Matha clabhsúr lena Shoiscéal féin le ordú an Tiarna Aiséirithe do Aon Deisceabal Déag deisceabail a dhéanamh de na náisiúin uile (Matha 28:16-20).
C. Machnamh agus an Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Agallamh: Epifáine: Foilsiú rúndiamhair Dé ag dul ar aghaidh in gconai; an soiscéalaíocht nua.
Tá Dia gníomhach i gcónaí ag foilsiú rúndiamhair a shlánaithe faoi mar a bhi trid na haoiseanna síos. Bhain céad léacht an lae inniu le fís maidir le hIarúsailéim seachas le Críost. Saothar Dé i gCríost ba rúndiamhair é a bhí folaithe ó na fáithe. Tig linn a mheabhrú chomh maith cé gur thug an fhís sin i gcaibideal 60 de Leabhar Iseáia uchtach nach beag do na Giúdaigh ina tráth féin, níor comhlíonadh í le linn saol an údair féin. Thagair an traidisiún Críostaí na gealltanais a rinneadh do Iarúsailéim, do Shíón sa tseanré, thagair sé iad don Eaglais, an Iarúsailéim Nua. Ach níor comhlíonadh an fhís sa stair Chríostaí ach an oiread. Amharcann Apacailipsis Eoin (Apacailipsis 212:22-27) ar aghaidh lean gcomhlionadh sa Iarúsaileim Nua ag tuirlingt ó neamh ó Dhia, agus glóir Dé aici, agus sin ag deireadh ama. Tugann fís Dé uchtach, cothaíonn sí, fiú mura comhlíontar láithreach bonn í. Bhí réamhthuisacint de shaghas éigin ag na saoithe, na Magi, faoi theachtaireacht Íosa chuig na gintlithe, na pagánaigh, a bhí fós le teacht. Rúndiamhra na ríochta a foilsíodh trí Chríost, agus beart, plean, Dé don domhan neamh-Ghiúdach, foilsíodh iad sin tar éis Chríost i ministreacht Phóil.
Rundiamhair na hEipifáine, foilsiú shlánú Dé do gach glúin, tá sí ar siúl i gcónaí. Ní mór don Eaglais a teachtaireacht a athbhreithniú agus a athrú mar is gá agus mar a cheadítear le bheith dilis don mhisean atá aici. Rinne sí amhlaidh i slí thar an ghnáth i gComhairle Vatacáin II, 1962-1965. Agus bíodh go spreagann doiciméid na Comhairle sin fós ní beag iad na hathraithe a tharla san Eaglais ón mbliain 1965 i leith, ag cur san áireamh na scannail maidir le mí-úsáid leannaí ó bhaill den chléir, díchreideamh ag brú isteach, aos óg gan spéis i gcleachtadh an chreidimh agus a leithéidí Tá an Eaglais gníomhach anois i misean ag iarraidh teachtaireacht slánaithe an tSoiscéil a thabhairt dóibh sin nach bhfuil ceangal ar bith acu le cúrsaí creidimh nó reiligiuin a thuilleadh. Tuigeann sí go maith nach iad scannail maidir le mí-úsáid leannaí, scannail san Eaglais, nó droch-chleachtadh uaithi féin i gcúrsaí tréadacha is bun-chúis leis an scéal mar atá. Ní foláir an dí-eaglaisiú atá ag feidhmiú go tréan a chur san áireamh agus na fórsaí atá ag iarraidh guth na hEaglaise agus an chreidimh a dhíbirt ón dioscúrsa poiblí. Chomh maith leis sin tá daoine áirithe sna meáin phoiblí naimhdeach do theagasc na hEaglais nó ag magadh faoi. Do roinnt díobh sin ní hionann tréaigean an chreidimh agus neamhshuim, ach fiú naimhdeas.
In atmaisféar dá leithéid níl de rogha ag an Eaglais ach bheith gafa i Soiscéalaíocht Nua. Le go mbeadh toradh air seo ní mór don Eaglais i dtús báire éisteacht le guth an phobail; agus an imní a bhíonn air. Cuirtear i leith na h“Eaglaise Institiúdach” go minic nach éisteann sí. Mar fhreagra air sin bíonn “seisiúin éisteachta” i deoisí áirithe agus tá a lán cleachtaí eile ann chomh maith seachas sin agus an aidhm chéanna acu. Tá gairm curtha amach ag an Pápa Proinsias don Soiscéalaíocht Nua seo imlitir Evangelii Gaudium, “Lúcháir an tSoiscéil” (2013). Is cúis lúcháire, áthais, i gcónaí, an Dea-Scéal a fhógairt.