Machnamh ar léachtaí an Aifrinn, 15 Lúnasa 2021 Deastógáil na Maighdine Beannaithe Muire

15 Lúnasa. Deastógáil na Maighdine Beannaithe Muire



Aifreann na Bigile


Céad Léacht (1 Croinicí 15:3-4, 15-16; 16:1-2). Thug siad áirc Dé isteach agus chuir siad í sa bhoth a  bhí réitithe do Dháiví di. Is faoi Áirc an Chonartha an léacht seo (ar a dtugadh chomh maith Áirc Dé).  Bosca nó ciste iniompartha a bhí ann. Os cionn na háirce bhí pláta óir, agus ba é an t-aistriúchan Béarla de ghnáth ar théarma Eabhraise air sin ná “mercy seat” ( King James Version), agus sa Ghaeilge (Bedell, Bíobla Mháigh Nuad) “cathaoir thrócaire”.  Ar bharr na háirce bhí dhá fhigiúr de ceiribíní. Measadh gurbh é seo an t-ionad in ar bhuail Dia le hIosrael agus in ar fhoilsigh sé a thoil agus a reachta dóibh, agus labhraíodh faoi Dhia mar an Té atá “ina shuí sa chathaoir ríoga ar na ceiribim”. Tar éis  a bheith lonnaithe in áiteanna éagsúla, thug Dáiví sa deireadh thiar go dtí an sanctóir nua in Iarúsailéim í, go dtí a hionad cónaithe buan, mar a insítear i léacht seo an lae inniu.

I Liodáin na Maighdine Muire, idir theidil eile, tugtar “Áirc an Chonartha” ar Mhuire, rud a thaispeánann an léacht seo oiriúnach do Fhéile seo Dheastógáil Mhuire, Áirc an Chonartha, a raibh ionad buan aici ar neamh.


Aifreann an Lae


Céad Léacht (Apacailipsis 11:19; 12:1-6, 10). Bean a raibh an ghrian mar bhrat uimpi agus an ghealach faoina cosa. Leis na céadta bliain anois glacadh leis go bhfuil an téacs seo ag tagairt do Mhuire, máthair an Mheisias agus bhí tionchar ag an tuiscint seo ar an slí inar léiríodh Muire ag ealaíontóirí, dhá réalt déag mar choróin, an ghealach faoina cosa.  Ach ní thugann an tuiscint seo a cheart do bhunbhrí an téacs sa Leabhar seo. Agus i dtráchtaireachtaí Éireannacha den ochtú aois ar an téacs seo tuigtear an bhean a raibh an ghrian mar bhrat uimpi mar shamhail den Eaglais.  Le bunbhhrí an téacs seo a thuiscint tá sé níos fearr é a shuíomh ina chúlra bunaidh i Leabhar an Apacailipsis ar a iomlán. Sa téacs seo, mar atá sé sa leabhar tríd síos, tá Eoin ag tarraingt ar íomháineachas saibhir traidisiúnta bíobalta, Giúdach agus neamh-Ghiúdach.

Mar chúlra atá díreach taobh thiar den téacs seo tá an t-údar Eoin, a bhfuil fís de Theampall Dé ar neamh aige agus Áirc an Chonartha le feiceáil taobh istigh de, ag tabhairt le fios go bhfuil láithreacht Dé ar neamh anois déanta so-fheicthe don fhísí Eoin le go bhfoilseoidh seisean ar talamh í.

An comhartha mór a thaibhsigh sa spéir le go go gcuirfear ar eolas do dhaoine é,  ná bean a raibh an ghrian mar bhrat uimpi. Is dócha gurbh í an bhean atá i gceist ná Iosrael neamhaí, Pobal Dé, atá ar tí breith a thabhairt don Mheisias. An choróin de dhá réalt déag ar a ceann is dócha gur comhartha iad de dhá threibh déag Iosrael.  Bhí an bhean torrach agus ag éamh i dtinneas clainne, ina híona, is é sin na mairgí, na trioblóidí eascaiteolaíocha, a bhí le bheith ann roimh theacht an Mheisias de réir an traidisiúin bhíobalta agus Giúdaigh.

An dara comhartha a thaibhsigh d’Eoin sa spear ná dragún mór dearg le seacht gceanna agus deich n-adharca agus seacht gcoróinn ar a cheann. I gcóir íomhá an dragúin sin d’fhéadfadh Eoin bheith ag tarraingt ó thraidisiún an Bhíobla agus as traidisiún seach-Bhíobalta Baibealóineach, go sonrach don dragan darb ainm Leiviatan, dragan an anoird príomhordúil, a chuir i gcoinne plean Dé don domhan cruthaithe faoi ord. Maíodh i dtraidisiún na Baibealóine go raibh seacht gceanna aige. Tá tagairt dó in Íseáia 27:1: “An lá sin, smachtóidh an Tiarna lena chlaíomh crua mór láidir Leivatan, an nathair éalaitheach, Leiviatan an nathair lúbarnach, maróidh sé dragan na farraige”.  An tagairt do na deich n-adharca b’fhéidir ó Dhainéil 7:7 í, comhartha don cheathrú beithíoch uafar, scéimiúil ón bhfarraige (Antiochus).  Is cuma faoina chúlra do íomhá an dragain, ní fhágann Eoin in aon amhras sinn faoin dragan atá ina aigne aige. Deir sé  in 12:9: “An dragan  mór, an nathair nimhe cianaosta, an té ar a dtugtar an Diabhal agus Sátan, an té a mheallann an saol go léir”. Is é nathair nimhe Genesis 3 é, a mheall an chéad bhean Éabha, agus ta briathar Dé chuig an nathair an tráth sin  fós á chur i gcrích: “Cuirfidh mé naimhdeas idir tusa agus an bhean, idir do shíolsa agus a síolsa.”  Bhí an dragan réidh leis an leanbh a bhí ar tí teacht ar an saol don bhean a shlogadh, an mac a  bhí le cumhacht ríoga mar Mheisias a ghlacadh.  Ach tógadh an mac nuabheirthe suas ar neamh agus d’éalaigh an bhean go hionad sabháilte a bhí ullamh aici ag Dia san fhásach.  Friotal apacailipteach atá anseo, fada i gcéin ó chuntas bhreith Íosa de réir Shoiscéal Lúcáis. An choimhlint leanúnach idir an nathair agus an bhean, agus idir é agus síol na beirte, a gealladh i Genesis 3:15 tá si le feiceáil á himirt nuair a bhfuil iomláine a haimsire sroiste. De réir téacs ón mBíobla atá fágtha ar lár sa léacht seo tógadh an bhean isteach san fhásach le go mbeadh sí cothaithe ansin ar feadh míle dhá chéad agus seasca lá, sin le rá trí bhliain go leith, uimhir shiombalach do thréimhse géarleanúna. B’fhéidir go bhfuil an uimhir ag tagairt go siombalach do ghéarleanúint ar an Eaglais, ar an mbean, ag an dragan ar talamh go dtí go gcloífear é. An téacs a fágadh ar lár sa léacht seo labhraíonn sé faoi chogadh ar neamh ag Mícheál i gcoinne an dragain agus a chuid aingeal agus faoin mbua ar an dragan a teilgeadh amach as an bhflaitheas, ar a leanann an gháir chaithréamach atá againn ag deireadh na léachta faoi bhua Dé agus údarás Chríost.

Mar chríoch ar seo is féidir ceist a chur faoin bhaint atá ag an léacht le Deastógáil na Maighdine agus an fhéile atá á comóradh againn. Mar a dúramar thuas, an tuiscint gurb í Muire an bhean a luadh sa téacs, tháinig sin tar éis fhorás fada. Is cuid í  Muire den naimhdeas idir an nathair agus an cine daonna, an Meisias agus a mháthair, is cuma Iosrael nó Muire an mháthair sin. Is cuid chomh maith Deastógáil na Maighdine de bhua Dé ar an nathair nimhe cianaosta, faoi mar atá le feiscint san ealaíon le Muire agus a cosa ar an nathair.  Agus bua seo Mhuire ar an nathair is fíor é faoi gach creidmheach, mar a luann Pól le Críostaithe na Róimhe (Rómhánaigh 16:20): “Agus déanfaidh Dia Sátan a bhrú faoi bhur gcosa gan mhoill”.



Salm le Freagra (Salm 44[45]).  Tá an bhainríon ar de dheis faoi ór as Ofir.


An Dara Léacht (1 Corantaigh 15:20-26). Críost i dtosach; ansin sn mhuintir a bheidh i bpáirt leo. Cuireann an léacht seo síos ar iomlanú, bailchríoch, ar ríocht Dé ag deireadh an tsaoil. Sa litir chuig na Corantaigh tá an sliocht i gcomhthéacs aiséirí na colainne, mír theagaisc a raibh deacracht ag roinnt de na Coainatigh glacadh lei, deacracht a bhí ar eolas ag a n-aspal Pól. Leagann Pól béim ar cé chomh lárnach is atá an creideamh in aiséirí Chríost don chreideamh. D’uireasa an chreidimh sin níl bun ná barr leis an creideamh Críostaí féin. As an gcreideamh in aiséirí Chriost leanann creideamh in aiséiri na bhfíréan. Ba é Críost na céadtorthaí a tháinig ó na mairbh, an ceannródaí orthu sin atá ar shlí na fírinne. Tháinig an bás isteach sa domhan trí pheaca Ádhaimh. Tugtar an bheatha thar nais do chreidmhigh go spioradálta sa saol seo i gCríost, agus beatha dá gcoirp ag deireadh an tsaoil. An t-aiséirí deiridh seo, agus an peaca agus an bás sáraithe ag Críost, ionann é agus bua iomlán ag ríocht Chríost agus ríocht Dé.

Cuid dá ndeireann Pól sa léacht seo is deacair é a leanúint. Is fiú a mheabhrú go bhfuil mar chúlra dá ndeireann Pól go bhfuil dhá fhórsa ag feidhmiú sa saol, sa domhan. Ceann díobh ná Ádhamh, an chéad Adhamh, trína a tháinig an peaca agus an bás (an bás fisiciúil, bás an choirp, agus an bás morálta) isteach sa domhan. Ba é an dara fórsa, an dara cumhacht, ná Críost, an Dara hÁdhamh, agus a ríocht, óna aiséirí go dtí an Breithiúnas Deiridh agus aiséirí na bhfíréan go léir i gCríost. Tá Críost agus a ríocht ag díothú an pheaca tríd féin agus tríd an Eaglais i rith cúrsa na staire. Beidh Críost ina rí ar feadh na tréimhse seo go léir ag cur ar neamhní a naimhde go léir (an peaca agus fórsaí an oilc). An ceann deiridh díobh seo ná an peaca (pearsantaithe). Is ríocht Chríost í, ach is é Dia an tAthair atá ag feidhmiú trí Chríost, agus ag deireadh tabharfaidh Críost an ríocht suas do Dhia an tAthair.


An Soiscéal (Lúcás 1:39-56). Rinne an té atá cumhachtach nithe móra dom; d’ardaigh sé daoine isle. Tá dhá mhír sa léacht seo, ar dtús cuairt Mhuire ar Eiliosaibeit, agus mar chríoch ar sin caintic Mhuire, an Magnificat. 

I dtosach tá an cuntas faoi chuairt Mhuire go hEiliosaibeit sna cnoic, sa cheantar sléibhteach i Iúdáia. Braitheann an fad idir Nazarat agus Iarúsailéim ar an treo a thógtar, pé acu a théitear direach tríd san tSamáir, nó ar bhealach níos faide soir. Tá an bealach díreach thart ar 120 cilliméadar, nó 75 míle, aistear a thógfadh thart ar ceithre lá. Ní bheadh teach Eiliosaibeit ró-fhada ó Iarúsailéim, bíodh nach eol dúinn go beacht cá raibh sé. (Níl sé deimhin go raibh sé in Ain Karim, an láthair oilithreachta chuige do Chaitlicigh inniu.) Ach níorb spéis do Lúcás nó do chuid mhór againn inniu na ceisteanna sin. Is fianaise an t-aistear seo ar dhaonnacht Mhuire – le comghairdeachas a dhéanamh le Eiliosaibeit agus le cabhrú lei, ag fanacht lei b’fhéidir gur rugadh a mac (Eoin).  Cuireann Lúcás pointí eile os ár gcomhair chomh maith. Ceann díobh ná an réamhtheachtaire Eoin i mbroinn a mháthar ag beannú don Slánaitheoir Íosa, eisean i mbroinn a mháthar chomh maith. Ansin tá Eiliosaibeith ag fógairt dínit Mhuire go hard mar mhathair an tSlánaitheora, in mbriathra Eiliosaibeit mar “mháthair mo Thiarna”, agus fós Muire mar eiseamláir fhoirfe an chreidmhigh Chríostaí, “Is méanar di seo a chreid”, murab ionann agus a fear céile Zachárias a raibh amhras air.

Mar fhreagra ar bhriathra molta Eiliosaibeit fógraíonn Muire le humhlaíocht a buíochas do Dhia leis an caintic iomráiteach an Magnificat¸ gur rinne an Té atá cumhachtach nithe móra di agus go ndéarfaidh na glúine uile feasta gur meanar di. Ní mór eile, agus an ceann deiridh ar talamh, na an |eastógáil chun na bhflaitheas.

Mar a luadh thuas, meastar i draidisiun amhain girbh é Ain Karim láthair na cuairte ar Eiliosabeit. Tá eaglais oilithreachta ag na Poinsiasaigh anois ann aguas sa chlós os a comhair tá an Magnificat  as Gaeilge.



Teachtaireacht na Féile dúinn inniu


Fógraíodh deastógáil chorpartha na Maighidine Muire ar neamh msr dhogma creidimh ag an bPápa Pius XII 1 Samhna 1950.  Tá brí a ailt creidimh seo curtha mar seo ag Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí (alt 966), i dtéacs atá tógtha ar iasacht ó dhoiciméid de chuid na Comhairle Vatacáin II, téacs atá féin faoi thionchar théacs an Phápa a fhógair an dogma: “Ag deireadh, agus a seal saoil caithe aici, rinneadh na Mhaighdean gan small,  a chaomhnaigh Dia ó lorg ar bith de pheaca an tsinsir, a thógáil suas, idir chorp agus anam go glóir na bhflaitheas agus a mhóradh ag an Tiarna mar Bhanríon na cruinne, sa chaoi gurbh amhlaidh ba chomhcosúlka i len Mac, Tiarna na dtiat=rnai, an Té a rug an bua ar an pheaca agus ar an bhás”. Leanann téacs an Chaiticiosma ar aghaidh lena rá gur páirteachas éagsamhalta in Aiséirí a Mic is ea Deasgabháil na Maighdine Beannaithe agus reamhléiriú ar aiséirí na gCríostaithe eile.


© Cumann na Sagart 2020