CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Irimia, Fáidh. 31:31-34
Déanfaidh mé conradh nua leo agus ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí níos mó.
“Féach, tá na laethanta ag teacht – an Tiarna a labhraíonn – a ndéanfaidh mé conradh nua le teach Iosrael (agus le teach Iúdá), ní ar nós an chonartha a rinne mé lena n-aithreacha an lá ar ghlac mé ar láimh iad á dtabhairt amach as críoch na hÉigipte. Bhriseadar an conradh sin orm, gur thaispeáin mé dóibh cérbh é an máistir – an Tiarna a labhraíonn. Ach is é seo an conradh a dhéanfaidh mé le teach Iosrael nuair a thiocfaidh na laethanta sin – an Tiarna a labhraíonn: Cuirfidh mé mo dhlí iontu istigh agus scríobhfaidh mé ina gcroí é. Beidh mé ansin i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa. Ní bheidh call feasta le duine a bheith ag iarraidh a chomharsa a mhúineadh, ná le deartháir a rá lena dheartháir: ‘Bíodh aithne ar an Tiarna agat!’ Ní hea, beidh aithne acu go léir orm, ón té is lú díobh go dtí an té is mó – an Tiarna a labhraíonn – óir maithfidh mé a n-éigeart dóibh agus ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí níos mó.”
Briathar Dé.
SALM LE FREAGRA. Sm 50
Freagra Cruthaigh croí glan dom, a Dhia
I. Déan trócaire orm, a Dhia, de réir do bhuanghrá;
de réir do mhórthruamhéile scrios amach mo chionta.
Nigh m’urehóid díom go hiomlán
agus glan díom mo pheaca. Freagra
2. Cruthaigh croí glan dom, a Dhia,
agus cuir isteach ionam spiorad daingean.
Ná teilg ó do radharc mé,
agus do spiorad naofa ná bain díom. Freagra
3. Tabhair ar ais dom áthas do shlánaithe
agus tabhair spiorad na díograise dom mar thaca.
Múinfidh mé do shlite do luct na hurchóide,
agus fillfidh na peacaigh ort. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as litir N.Pól chuig na hEabhraig 5:7-9
D’fhoghlaim sé an umhlaíocht agus rinneadh de údar an tslánaithe shíoraí.
Nuair a bhí Críost ar an saol seo chuir sé achainíocha agus urnaithe suas de ghlór ard agus le mórán deor chun an té a bhí in ann é a fhuascailt ón mbás. Éisteadh leis toisc go raibh sé urramach deabhóideach. Ach bíodh gurb é Mac Dé é, d’fhoghlaim sé an umhlaíocht ó na nithe a d’fhulaing sé. Nuair a tháinig sé chun foirfeachta rinneadh údar slánaithe shíoraí de don uile dhuine a bhíonn umhal dó.
Briathar Dé.
Comhgháir an tSoiscéil Eo 12:26,
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar De!
Má dhéanann aon duine friothálamh ormsa, leanadh sé mé, a deir an Tiarna;
agus an áit ina mbimse, is ann a bheidh mo fhriothálai chomh mait.
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar De!
SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 12:20-33
An gráinne arbhair a thit sa talamh, má fhaigheann sé bás, tugann sé toradh mór uaidh.
San am sin bhí Gréagaigh áirithe ar na daoine a chuaigh suas go Iarúsailéim chun adhradh a dhéanamh lá na féile. Tháinig siadsan mar sin go dtí Pilib, an fear ó Bhéatsáide na Gailíle, agus d’iarr siad achainí air: “A thiarna, ba mhaith linn Íosa a fheiceáil,” ar siad. Tháinig Pilib agus d’inis sé d’Aindrias é, agus ansin tháinig Aindrias agus Pilib agus d’inis siad d’Íosa é. D’fhreagair Íosa iad agus dúirt:
“Tá an uair tagtha
chun go ndéanfaí Mac an Duine a ghlóiriú.
Amen, Amen, a deirim libh,
an gráinne arbhair a thit sa talamh,
mura bhfaigheann sé bás, fanann sé leis féin amháin.
Ach má fhaigheann sé bás,
tugann sé toradh mór uaidh.
An té a thugann grá dá anam féin,
caillfidh sé é,
agus an té a thugann fuath dá anam féin ar an saol seo,
déanfaidh sé é a choimeád chun na beatha síoraí.
Má dhéanann aon duine friothálamh ormsa,
leanadh sé mé,
agus an áit ina mbímse,
is ann a bheidh mo fhriothálaí chomh maith.
Má dhéanann aon duine friothálamh ormsa,
tabharfaidh m’Athair onóir dó.
Tá buaireamh ar m’anam anois.
Cad déarfaidh mé?
‘ A Athair, saor mé ón uair seo’?
Ach is chuige sin a tháinig mé chun na huaire seo.
Athair, tabhair glóir do d’ainm!”
Ansin tháinig guth ó neamh: “Thug mé glóir dó, agus tabharfaidh mé glóir dó arís.”Arna chloisteáil don slua a bhí ina seasamh timpeall, dúirt siad gur toirneach a rinneadh; dúirt cuid acu: “Aingeal a labhair leis.”
D’fhreagair Íosa:
“Ní ar mo shonsa,” ar sé, “a
tharla an guth, ach ar bhur sonsa.
Anois atá breith á tabhairt ar an saol seo.
Anois atá prionsa an tsaoil seo le teilgean amach.
Má ardaítear mise ón talamh
tarraingeoidh mé gach duine chugam féin.”
Dúirt sé an méid sin á chur in iúl cén sórt báis a bhí i ndán dó a fháil.
Soiscéal Dé.