AN CHÉAD LÉACHT hEagna 7:7-11
I gcóimheas lé Eagna, níl in ór an domhain ach beagán gainimh
Ghuigh mé, mar sin, agus tugadh bua na tuisceana dom;
rinne mé achainí agus tháinig spiorad na heagna chugam.
ba í mo rogha í thar shlata agus thar chathaoireacha ríoga,
agus ba neamhní liom an saibhreas lena hais.
Níor chuir mé cloch lómhar ar aon chéim léi,
mar i gcóimheas léi níl in ór an domhain ach beagán gainimh
agus níl san airgead ach láib i gcomórtas léi.
B’ansa liom í ná an tsláinte nó an áilleacht
agus b’fhearr liom í ná an solas féin
mar ní mheathfaidh a loinnir go deo.
Mar sin féin, tháinig gach maith chugam in éineacht léi
agus fuair mé saibhreas gan áireamh tríthi.
SALM LE FREAGRA. Sm 89
Freagra : Tabhair dúinn ár sáith de do bhuanghrá
is déanfaimid gairdeas.
1. Múin dúinn ár laethanta a áireamh
chun go mbainfimis amach críonnacht chroí.
Fill, a Thiarna!-cá fhad?
agus bí trócaireach le do sheirbhísigh. Freagra
2. Tabhair dúinn go luath ár sáith de do bhuanghrá
is déanfaimid gairdeas is lúcháir de shíor.
Cuir áthas orainn i ndíol na laethanta a bhuair tú sinn,
i ndíol na mblianta ina bhfacamar an t-olc. Freagra
3. Forlsigh do chuid oibre do do sheirbhísigh,
taispeáin do chlú dá gclann.
Bíodh caoinchineáltas an Tiarna anuas orainn.
Bí fabhrach d’obair ár lámh. Freagra
AN DARA LÉACHT Eabhraig 4:12-13
Tá briathar Dé breith ar chlaonta agus ar smaointe an chroí.
A
bhráithre, tá briathar Dé beoúil bríomhar; is géire é ná aon chlaíomh dhá bhéal; téann sé isteach idir anam agus spiorad, idir smior agus smúsach agus tugann sé breith ar chlaonta agus ar smaointe an chroí. Níl créatúr ar bith ann nach follas dó é; mar tá gach ní lom agus nocht do shúile an té sin a gcaithfimid cuntas a thabhairt dó inár ngníomhartha.
Alleluia Véarsa Mt 11:25
Alleluia, alleluia!
Tugaim buíochas duit, a Athair,
a Thiarna neimhe agus talún,
de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus
mar a d’fhoilsigh tú do naíonáin iad.
Alleluia!
AN SOISCÉAL Marcas 10:17-30
Imigh leat, díol a bhfuil agat agus lean mise.
San am sin ag cur chun bóthair d’ Íosa rith duine chuige agus chaith sé é féin ar a ghlúine ina láthair agus d’fhiafraigh sé de: “A Mháistir mhaith, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?” Dúirt Íosa leis: “Cad chuige a ndeir tú maith liom? Ní maith aon neach ach Dia amháin. Is eol duit na haitheanta. ‘Ná déan marú. Ná déan adhaltranas. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige. Ná déan calaois. Tabhair onóir do d’athair agus do do mháthair.’” Dúirt seisean leis: “A Mháistir, choimeád mé iad sin uile ó m’óige.” Dhearc Íosa air agus thug grá dó agus dúirt leis: “Tá aon ní amháin in easnamh ort fós; imigh leat, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh; tar ansin agus lean mise.” Chuir an chaint sin buaireamh air agus d’imigh sé leis go dubhach mar bhí mórán de mhaoin an tsaoil aige.
Bhreathnaigh Íosa ina thimpeall agus dúirt sé lena dheisceabail: “Cad é chomh deacair is a bheidh sé ar lucht an tsaibhris dul isteach i ríocht Dé!” Chuir a bhriathra alltacht ar a dheisceabail, ach d’fhreagair Íosa agus dúirt leo arís: “A chlann liom, cad é chomh deacair is atá sé dóibh siúd a chuireann a muinín i saibhreas dul isteach i ríocht Dé! Óir is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé.” Ba mhó ná sin an t-ionadh a bhí orthu agus dúirt siad lena chéile: “Cé is féidir a shlánú, más ea?” Bhreathnaigh Íosa orthu agus dúirt: “Tá sé seo dodhéanta ag daoine ach níl ag Dia; óir tá an uile ní sodhéanta ag Dia.”
Chrom Peadar ar a rá leis: “Sinne, féach, d’fhágamar an uile ní agus leanamar thusa.” Dúirt Íosa: “Deirim libh go fírinneach nach bhfuil aon duine a d’fhág teach ná deartháireacha, ná deirfiúracha, ná máthair, ná athair, ná clann, ná tailte, mar gheall ormsa agus ar an soiscéal nach bhfaighidh níos mó faoi chéad san aimsir seo anois, tithe agus deartháireacha agus deirfiúracha agus máithreacha agus clann agus tailte, fara géarleanúintí, agus an bheatha shíoraí sa saol atá le teacht.
_______________________________
Is leagan giorraithe
d’SOISCÉAL Marcas 10:17-27