AN CHÉAD LÉACHT Dainéil 12:1-13
Ach san aimsir sin saorfar do mhuintir.
“San aimsir sin éireoidh Mícheál, an prionsa mór, atá i bhfeighil do mhuintire. Beidh sí ina haimsir
bhuartha nach raibh a leithéid ann ó bhí cine ann i dtosach go dtí sin. Ach san aimsir sin saorfar do mhuintir, gach n-aon a bhfaighfear a ainm scríofa sa leabhar. Dúiseoidh mórán dá gcodlaíonn i smúit na talún, cuid díobh chun na beatha síoraí, cuid eile chun táire agus tarcaisne síoraí. Dealróidh na saoithe mar loinnir na spéire, agus iad siúd a theagasc an fhíréantacht do mhórán mar reanna neimhe ar feadh na síoraíochta.
SALM LE FREAGRA. Sm 15
Freagra : Caomhnaigh mé, a Thiarna, is ortsa a thriallaim
I. Is é an Tiarna is rogha liom: mo chuid de réir oidhreachta,
agus cuid mo chailíse; is ort atá mo sheasamh!
Coimeádaim an Tiarna de shíor os mo choinne:
agus é ar mo dheasláimh ní chorrófar mé choíche. Freagra
2. Tá gairdeas ar mo chroí agus áthas ar m’anam,
gus mairfldh mo cholainn faoi shuaimhneas freisin.
Óir ní fhágfaidh tú m’anam i measc na marbh:
na ní ligfidh tú do do mhuirneach truailliú a fheiceáil. Freagra
3. Taispeánfaidh tú slí na beatha dom,
agus iomlán lúcháire i d’fhianaise,
agus aoibhneas ar do dheasláimh go brách. Freagra
AN DARA LÉACHT Eabhraig 10:11-14. 18
Mar sin de, le haon íobairt amháin tá slánú iomlán síoraí faighte aige do na daoine a naomhaítear.
Téann gach sagart i mbun a chúraimí liotúirgeacha lá i ndiaidh lae. Ofrálann siad na híobairtí céanna go minic ach ní féidir leo sin peacaí a chur ar ceal. Níor ofráil Críost ach an t-aon íobairt shíoraí amháin ar son peacaí. Ansin chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé mar a bhfuil sé ag feitheamh feasta nó go gcuirfear a naimhde mar stóilín faoina chosa. Mar sin de, le haon íobairt amháin tá slánú iomlán síoraí faighte aige do na daoine a naomhaítear. Dá bhrí sin, nuair a bhíonn peacaí maite, ní gá ofráil a dhéanamh ar a son níos mó.
Alleluia Véarsa Mth 24: 42.44
Alleluia, alleluia!
Bígí ag faire, dá bhrí sin agus bígí ullamh,
óir is ar an uair nach síleann sibh
a thiocfaidh Mac an Duine.
Alleluia!
AN SOISCÉAL Marcas 13:24-32
Cuirfidh sé na haingil amach agus baileoidh sé na tofaigh ó na ceithre gaotha.
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail: ‘sna laethanta sin, tar éis na trioblóide sin, dorchófar an ghrian, agus ní thabharfaidh an ghealach a solas, agus beidh na réaltaí ag titim ón spéir, agus beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crith. Agus ansin feicfidh siad Mac an Duine ag teacht sna scamaill le mórchumhacht agus glóir. Agus ansin cuirfidh sé na haingil amach agus baileoidh sé na tofaigh ó na ceithre gaotha, ó imill na talún go himill neimhe. “
Ach ón gcrann fígí foghlaimígí an parabal. Nuair a bhíonn an ghéag úr agus í ag cur na mbachlóg amach, bíonn a fhios agaibh an samhradh a bheith in achmaireacht. Amhlaidh sin daoibh, nuair a fheicfidh sibh na nithe seo ag titim amach, bíodh a fhios agaibh go bhfuil sé in achmaireacht, ar an tairseach. Deirim libh go fírinneach, ní imeoidh an ghlúin seo gan na nithe seo uile a bheith tagtha chun cinn. Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche.
“Ach mar gheall ar an lá sin agus ar an uair, níl a fhios ag duine ar bith, fiú ag na haingil sna flaithis, ná ag an Mac, ach ag an Athair.”