AN CHÉAD LÉACHT Seanfhocail 9:1-6
Téanaigí, ithigí mo chuid aráin, agus ólaigí an fíon atá ullamh agam.
Tá a teach tógtha ag an Eagna,
agus a seacht gcolún curtha ina seasamh aici.
Tá sí tar éis a mairt a mharú
a cuid fíona a ullmhú,
agus a bord a chóiriú.
Tá a cuid banseirbhíseach curtha amach aici,
le glaoch amach ó arda na cathrach:
“Cibé ar bith duine atá saonta, casadh sé isteach anseo!”
agus le lucht na díchéille deir sí:
“Téanaigí, ithigí mo chuid aráin,
agus ólaigí an fíon atá ullamh agam.
Tréigigí bhur mbaois agus mairfidh sibh;
siúlaigí ar bhealach na tuisceana.”
SALM LE FREAGRA. Sm 33
Freagra: Blaisigí agus féachaigí a fheabhas atá an Tiarna.
I. Beannóidh mé an Tiarna gach uile thráth,
beidh a mholadh ar mo bhéal de shíor.
Déanann m’anam mórtas as an Tiarna:
cluineadh lucht na huirísle is déanaidls lúcháir. Freagra
2. A mhuintir naofa an Tiarna, gabhadh a eagla sibh.
Bíonn easpa agus ocras ar leoin óga,
ach ní bhíonn easpa ar lucht iarrtha an Tiarna. Freagra
3. Teanaigí, a chlann ó, éistigí liom,
go múinfidh mé daoibh eagla an Tiarna.
Cé hé an duine a shantaíonn an bheatha
agus fad saoil faoi shéan agus shonas? Freagra
4. Coinnigh do theanga ón olc,
agus do bhéal ó bhriathra bréagacha.
Seachain an t-ole agus déan an mhaith;
bí ar lorg na síochána agus lean di. Freagra
AN DARA LÉACHT hEifísigh 5:15-20
Tuigigí go cruinn cad is toil don Tiarna.
A
bhráithre, bígí cúramach faoi bhur gcuid iompair, dá bhrí sin, agus gan a bheith ar nós daoine gan chiall ach ar nós daoine ciallmhara ag cur na huaire chun sochair, mar is olc iad na saolta seo. Ná bíodh aon mhearbhall oraibh, dá bhrí sin, ach tuigigí go cruinn cad is toil don Tiarna. Agus ná bíodh meisce fíona oraibh mar níl ansin ach drabhlás, ach bígí lán den Spiorad, ag rá salm agus iomann agus laoithe spioradálta le chéile, ag cantain agus ag salmaireacht chun an Tiarna in bhur gcroí istigh, ag gabháil buíochais gan stad le Dia an tAthair ar son an uile ní in ainm ár dTiarna Íosa Críost.
Alleluia Véarsa Eo 6: 56
Alleluia, alleluia!
An té a itheann m’fheoil agus a ólann m’fhuil, a deir an Tiarna
cónaíonn sé ionamsa agus cónaímse ann.
AN SOISCÉAL Eoin 6:51-58
Is bia go fíor mo chuid feola agus is deoch go fíor mo chuid fola.
San am sin dúirt Íosa leis na sluaite
Is mise an t-arán beo
a tháinig anuas ó neamh.
Má itheann duine an t-arán seo
mairfidh sé go deo,
agus an t-arán a thabharfaidh mé uaim
is é m’fheoil é [a thabharfar] ar son bheatha an domhain.”
Bhí na Giúdaigh ansin ag aighneas le chéile á rá: “Conas is féidir don duine seo a fheoila thabhairt dúinn le hithe?”
Dúirt Íosa leo:
“Amen, Amen, a deirim libh
mura n-íosfaidh sibh feoil Mhac an Duine,
agus a chuid fola a ól,
ní bheidh beatha agaibh ionaibh.
An té a itheann m’fheoil
agus a olann m’fhuil,
tá an bheatha shíoraí aige,
agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.
Is bia go fíor mo chuid feola
agus is deoch go fíor mo chuid fola.
An té a itheann m’fheoil agus a ólann m’fhuil
cónaíonn sé ionamsa agus cónaímse ann.
Amhail mar a chuir an tAthair beo mise uaidh,
agus mar is beo mise tríd an Athair,
mar an gcéanna, an té a itheann mise,
mairfidh sé tríom.
Is é seo an t-arán a tháinig anuas ó neamh.
Ní ionann is an manna ar ith bhur n-aithreacha é
agus go bhfuil siad marbh;
an té a itheann an t-arán seo,
mairfidh sé go deo.”