AN CHÉAD LÉACHT : Gníomhartha na nAspal 2:1-11
Líonadh leis an Spiorad Naomh iad uile, agus thosaigh siad uile ag labhairt.
N
uair a tháinig Lá Cincíse bhí siad go léir le chéile ar aon láthair. Agus de phreib tháinig glor ón spéir mar a bheadh séideán gaoithe móire agus líon sé an teach ar fadina raibh siad ina suí. Agus chonacthas dóibh mar bheadh teangacha tine ag scaradh ó chéile nó gur shuigh an tine ar gach duine acu; agus líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha difriúla de réir mar thug an Spiorad urlabhra dóibh.
Bhí Giúdaigh dhiaganta ó gach cine faoin spéir ag cur fúthu in Iarúsailéim agus nuair a chualathas an glor úd chruinnigh an slua agus iad ar mearbhall de bhrí gur chuala gach duine a theanga féin á labhairt acu san. Bhí ionadh agus alltacht orthu: “Féach,” ar siad, “nach Gailíligh iad seo go léir atá ag caint? Conas a tharlaíonn go gcloiseann gach duine againne iad ag labhairt inár dteanga dhúchais féin? Táimid Pairtigh ann agus Méidigh agus Eilimítigh, áitritheoirí na Measpatáime agus Iúdáia agus Chapadóise, agus Phontais agus na hÁise, Frigia agus Paimfíle, áitritheoirí na hÉigipte agus chríocha na Libia thart faoi Chuiréiné, cuairteoirí ón Róimh idir Ghiúdaigh agus iompaithigh, Créitigh agus Arabaigh, agus cloisimid iad seo ag cur síos in ár dteangacha féin ar éachtaí Dé.”
SALM LE FREAGRA. Sm 137 Freagra: Cuir amach uait do Spiorad, a Thiarna,
agus dean agaidh na talún a athnuachan.
Malairt Freagra : Alleluia!
1. Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom!
A Thiarna Dia, is rómhor thú go dearfa.
tá t’u éadaithe i maorgacht agus maise,
tá tú gléasta le solas mar le fallaing Freagra
2. Nach lionmhar iad d’oibreacha, a Thiarna!
Rinne tú gach aon ní le heagna
Tá an chruinne lán da bhfuil déanta agat.
Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom! Freagra
3. Bíonn siad siúd go léir ag brath ort
chun iad a bheathú in am is a dtráth.
Cruinníon siad le chéile a dtugann tú dóibh:
leathann tú do lámh agus liontar iad. Freagra
4. Má bhaineann tú an anáil díobh, éagann siad
agus casann siad ar an luaithreach arís.
Nuair a chuireann tú do spiorad uait, cruthaítear iad,
agus athnuann tú aghaidh na talún. Freagra
AN DARA LÉACHT: Galataigh 5:16-25
San aon Spiorad amháin is ea a baisteadh isteach in aon chorp amháin sinn go léir.
A bhráithre, mairigí faoi luí an Spioraid, agus níl aon bhaol go ngéillfidh sibh d’ainmhianta na colainne. Tá mianta na colainne bunoscionn le mianta an Spioraid agus tá mianta an Spioraid bunoscionn le mianta na colainne. Téann siad glan in éadan a chéile agus sin é an fáth nach ndéanann sibhse na nithe is áil libh a dhéanamh.
Más é an Spiorad atá do bhur stiúradh níl sibh faoi smacht ag an dlí. Is follas iad gníomhartha na colainne, mar atá drúis gáirsiúlacht agus graostacht; íoladhradh agus asarlaíocht; eascairdeas, achrann, agus formad; fearg, bruíonta, clampar agus faicsin, éad, (murdail,) meisce, ragairne, agus a leithéid eile. Táim ag tabhairt foláirimh anois daoibh faoi mar a thug mé cheana: an mhuintir a dhéanann nithe den sórt sin ní bhfaighidh siad ríocht Dé mar oidhreacht. Is é toradh a thugann an Spiorad uaidh, áfach, grá, lúcháir, síocháin, foighne, cineáltas, dea-chroí, dílseacht, láchas agus measarthacht. Agus níl aon reacht in aghaidh a leithéidí sin! Agus iad siúd a bhaineann le Críost Íosa tá siad tar éis a gcolainn agus a cuid paisean agus mianta a chéasadh ar an gcrois.
Ós é an Spiorad atá dar mbeoú, leanaimis a threoir.
ROSC
Tar-sa chugainn, a Naomh Spioraid,
Tar, a Dhíon na n-easpaitheach,
Só1ásai ró-charthanach,
Sos i measc ár ndeacrachtaí,
A lasair aoibhinn bheannaithe,
Gan do ehumhaeht is d’fhearta-sa
Nigh a bhfuil salach ionainn,
Cuir i mboige ár gerapaitheacht,
Do d’fhíréana tabhairsé,
Tabhair luach saothair maitheasa,
Alleluia, alleluia!
Tar chugainn, a Naomh Spioraid, lion croíthe na gCríostaithe,
agus adhain iontu lasair do ghrá.
Alleluia!
AN SOISCÉAL: Eoin: 15:26-27, 16:12-15
Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, táimse do bhur gcursa uaim freisin. Glacaigí an Spiorad Naomh.
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail
Nuair a thiocfaidh an tAbhcóide
a chuirfidh mé chugaibh ón Athair,
Spiorad na Fírinne a ghluaiseann ón Athair,
déanfaidh sé fianaise orm. Déanann sibhse fianaise freisin,
mar bhí sibh in éineacht liom ó thosach. Tá mórán eile le rá agam libh,
ach ní fhéadann sibh iad a fhulaingt anois;
ach nuair a thiocfaidh sé siúd, Spiorad na Fírinne,
déanfaidh sé eolas daoibh chun an uile fhírinne.
Óir ní as féin a labhróidh;
labhróidh sé na nithe a chuala sé, agus inseoidh sé daoibh na nithe atá le teacht.
Tabharfaidh sé glóir domsa,
óir is de mo chuidse a ghlacfaidh
agus a inseoidh sé daoibh.
An uile ní dá bhfuil ag m’Athair, is liomsa é.
Uime sin a dúirt mé:
‘ Is de mo chuidse a ghlacfaidh
agus a inseoidh sé daoibh.’