Léachtaí an Aifrinn, 25 Lúnasa 2015 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

AN CHÉAD LÉACHT          Iósua 24:1-2. 15-18
Déanfaimidne mar an gcéanna fónamh don Tiarna óir is é ár nDia é.”

Chuir Iósua tionól ar threibheanna uile Iosrael go Seicim, agus ghair sé chuige seanóirí agus taoisigh agus breithiúna agus feidhmeannaigh Iosrael, agus tháinig siad i láthair Dé. Ansin dúirt Iósua leis an bpobal uile: “Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Bhí cónaí ar bhur n-aithreacha taobh thall den Abhainn anallód – Tearach, is é sin, athair Abrahám agus Náchór – agus rinneadar fónamh do dhéithe eile. Ach mura mian libh fónamh don Tiarna, déanaigí bhur rogha inniu idir na déithe dá ndearna bhur n-aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn, agus déithe na nAmórach a gcónaíonn sibh ina ndúiche anois, le fónamh dóibh. Maidir liom féin agus le mo theaghlach, ámh, déanfaimid fónamh don Tiarna.”

Dúirt an pobal ansin á fhreagairt: “Nár lige Dia go dtréigfimís an Tiarna chun fónamh do dhéithe eile! Nach é an Tiarna ár nDia a thug sinne agus ár sinsir aníos as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse agus a rinne na héachtaí sin inár bhfianaise, agus a chumhdaigh sinn san uile shlí a ndeachamar, agus i measc na gciníocha go léir trínar ghabhamar? Agus rud eile dhe, is é an Tiarna a thiomáin romhainn na ciníocha sin go
léir, mar aon leis na hAmóraigh a raibh cónaí orthu sa tír. Uime sin a dhéanfaimidne mar an gcéanna fónamh don Tiarna óir is é ár nDia é.”

SALM LE FREAGRA.          Sm33
Freagra :                                 Blaisigí agus féachaigí a fheabhas atá an Tiarna.

I. Beannóidh mé an Tiarna gach uile thráth,
beidh a mholadh ar mo bhéal de shíor.
Déanann m’anam mórtas as an Tiarna:
cluineadh lucht na huirísle is déanaidís lúcháir.         
Freagra

2. Bíonn súile an Tiarna ag féachaint ar na fíréin
agus éisteann a chluasa lena n-éamh.
Bíonn gnúis an Tiarna iompaithe ó lucht déanta an oilc
chun go scriosfadh sé a gcuimhne as an talamh.       
Freagra

3. Glaonn na fíréin ar chabhair, is éisteann an Tiarna leo
agus saorann sé iad óna n-anaeraí go léir.
Is gairid an Tiarna do lucht an chroí bhrúite,
agus tarrthaíonn sé lucht an spioraid bhriste.           
Freagra

4. Is iomaí sin buairt ar an bfíréin
ach fuasclaíonn an Tiarna é uathu go léir.
Cosnaíonn sé a chnámha uile:
ní bhrisfear díobh oiread is ceann amháin.                
Freagra

5. Tiomáinfidh an t-olc an t-éagraifeach chun a bháis,
agus daorfar lucht fuatha an fíréin.
Saorann an Tiarna anamacha a sheirbhíseach,
ní gearrfar pionós ar aon duine a thriallann chuige. 
Freagra

 AN DARA LÉACHT          hEifísigh 5:21-32
Is mór an rúndiamhair í seo, ach is á tagairt atáimse do Chríost agus don Eaglais.

A

bhráithre, bígí géilliúil dá chéile le hómós do Chríost. Bíodh na mná umhal dá gcuid fear mar a bheidís don Tiarna, mar tá an fear ina cheann ar a bhean ar nós mar atá Críost ina cheann ar an Eaglais agus ina shlánaitheoir ar an gcorp. Faoi mar atá an Eaglais faoi smacht Chríost, ar an dála céanná bíodh na mná faoi smacht a gcuid fear I ngach ní.

A fheara, bíodh grá agaibhse do bhur mná faoi mar a bhí grá ag Críost don Eaglais agus thug suas é féin ar a son d’fhonn í a choisreacan do Dhia .  Rinne sé í a íonglanadh le briathar i bhfothragadh an uisce d’fhonn í réiteach dó féin ina hEaglais niamhrach, gan smál ná roc uirthi ná aon ní dá shórt ach í naofa gan cháim. Go deimhin, tá d’fhiacha ar na fir a mná a ghráú mar a ghráíonn siad a gcolainn féin, mar an té a thugann grá dá bhean is dó féin a thugann sé grá. Ní raibh aon duine riamh a thug fuath dá cholainn féin; is amhlaidh a dhéanann sé í a chothú agus a chumhdach faoi mar a dhéanann Críost don Eaglais, de bhrí gur baill dá chorp sinne. “Mar sin de, fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun bheith dlúth i bpáirt lena bhean agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu.”

Is mór an rúndiamhair í seo, ach is á tagairt atáimse do Chríost agus don Eaglais.

Alleluia Véarsa                   Eo 6: 63, 68

Alleluia, alleluia!
Na focail atá ráite agat, a Thiarna, is spiorad agus is beatha iad.
Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
Alleluia! 

AN SOISCÉAL                       Eoin 6:60-69
A Thiarna, cé chuige a rachamaid? Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
.

San am sin dúirt a lán de dheisceabail Íosa:  “Is crua an chaint í seo, agus cé a d’fhéadfadh éisteacht léi?” Bhí a fhios ag Íosa ann féin go raibh a dheisceabail ag cnáimhseáil ina thaobh seo agus dúirt sé leo: “An bhfuil an méid seo ina cheap tuisle agaibh? Ach cad é má fheiceann sibh Mac an Duine ag dul suas mar a raibh sé cheana?

Is é an spiorad a dhéanann beoú,
ní dhéanann an fheoil aon tairbhe.
Na focail atá ráite agam libh,
is spiorad agus is beatha iad.

Ach tá cuid agaibh nach gcreideann.” Óir bhí a fhios ag Íosa ó thús cérbh iad nár chreid agus cé a bhí ar tí é a bhrath. Lean sé air: “Uime sin is ea a dúirt mé libh nach féidir d’aon duine teacht chugam gan sin a bheith tugtha dó ag m’Athair.” Ansin tharraing a lán dá dheisceabail siar agus ní théidís timpeall lena chois a thuilleadh.

Dúirt Íosa dá bhrí sin leis an dáréag: “Cad mar gheall oraibhse, an mian libhse freisin imeacht?” D’fhreagair Síomón Peadar é: “A Thiarna, cé chuige a rachamaid? Is agatsa atá briathra na beatha síoraí, agus chreideamar agus tá a fhios againn gur tusa Neach Naofa Dé.”

© Cumann na Sagart 2020