Léachtaí an Aifrinn, 25 Deireadh Fómhair 2015 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

AN CHÉAD LÉACHT               Irimia 31:7-9
Tabharfaidh mise sólás an dall agus an bacach agus mé á dtreorú ar ais.

Mar seo mar a deir an Tiarna:

Scairtigí le lúcháir ar son Iacóib!
Tógaigí gártha do cheann na náisiún!

Fógraígí! Molaigí! Gáirigí:
‘Shábháil an Tiarna a phobal, fuíoll Iosrael!’
Féach, tabharfaidh mé ar ais iad
as an tír thuaidh,
agus cruinneoidh mé iad ó na críocha in imigéin;
iad go léir, an dall agus an bacach,
an bhean torrach agus an bhean i dtinneas clainne;
tiocfaidh siad ina gcuideachta mhór ag filleadh.
Is le gol a d’imigh siad,
tabharfaidh mise sólás dóibh agus mé á dtreorú ar ais;
déanfaidh mé eolas an bhóthair dóibh go srutháin uisce,
slí dhíreach in áit nach bhfaighidh siad tuisle.
Óir táim i m’athair ag Iosrael,
agus is é Eafráim mo chéadghin mic.

SALM LE FREAGRA.                Sm 125
Freagra :                                       Rinne an Tiarna éachtaí dúinn:
táimid go lúcháireach.

1. Nuair a thug an Tiarna príosúnaigh Síón abhaile
ba chosúil sinn le daoine ag brionglóidigh.
Ansin líonadh ár mbéal le gáire,
agus ár dteanga le gairdeas.                
Freagra

2. Ansin bhíothas á rá i measc na gciníocha:
‘Rinne an Tiarna éachtaí.’
Rinne an Tiarna éachtaí dúinn:
táimid go lúcháireach.            
              Freagra

3. Cuir sonas orainn arís, a Thiarna,
ar nós na sruthanna san fhásach ó dheas.
An mhuintir a chuireann síol le deora,
bainfidh siad an fómhar le gairdeas. 
Freagra

4. Ag imeacht dóibh imíonn siad ag sileadh na ndeor,
agus iad ag iompar síl chun a scaipthe;
ag teacht dóibh tiocfaidh siad le gairdeas,
agus a bpunanna á n-iompar acu.       
Freagra

AN DARA LÉACHT                 Eabhraig 5:1-6
Is sagart síoraí thú ar nós Mheilcizidic.

G

ach ardsagart a thógtar as na daoine, ceaptar é chun seirbhís a dhéanamh do Dhia thar ceann na ndaoine. Ofrálann sé tabhartais agus íobairtí in éiric peacaí. Is féidir dó trua a ghlacadh do dhaoine atá aineolach agus atá ag dul ar fán de bhrí go bhfuil sé féin lag ó gach taobh. Dá dheasca sin freisin ní foláir dó íobairtí a ofráil in éiric peacaí, ní amháin thar ceann an phobail ach ar a shon féin chomh maith. Agus ní ghabhann aon duine an gradam seo chuige féin mura bhfaigheann sé gairm ó Dhia mar a fuair Árón. Mar an gcéanna níor thug Críost gradam ardsagairt dó féin ach fuair sé é ón té a dúirt leis: “Is tú mo Mhac; ghin mé thú inniu.” Agus in áit eile fós deir sé leis: “Is sagart síoraí thú ar nós Mheilcizidic.”

Alleluia Véarsa                   Eo 8:12                                                                             

Alleluia, alleluia!
Is mise solas an tsaoil, a deir an Tiarna;
an té a leanfaidh mise beidh solas na beatha aige.
Alleluia!

AN SOISCÉAL                     Marcas 10:46-52
Rabúní, mo radharc a bheith agam!

 San am sin tháinig siad go Ireachó; agus ag dul amach as Ireachó d’Íosa fara a dheisceabail agus slua mór, bhí dall, fear déirce, Bairtiméas mac Thiméas, ina shuí le hais an bhóthair. Nuair a chuala sé gurbh é Íosa an Nazairéanach a bhí ann thosaigh sé ar screadach agus ar a rá: “A Mhic Dháiví, a Íosa, déan trócaire orm!” Agus bhagair a lán daoine air a bheith ina thost, ach is ea ba mhó a scread sé: “A Mhic Dháiví, déan trócaire orm.” Stad Íosa agus dúirt: “Glaoigí anseo air.” Agus ghlaoigh siad ar an dall á rá leis: “Bíodh misneach agat! Éirigh! Tá sé ag glaoch ort!” Chaith sé siúd de a bhrat, d’éirigh de phreab, agus tháinig chun Íosa. Ansin labhair Íosa leis: “Cad ab áil leat mé a dhéanamh duit?” ar sé. Dúirt seisean leis: “Rabúní, mo radharc a bheith agam!” Dúirt Íosa leis: “Imigh leat! Shlánaigh do chreideamh thú.” Tháinig a radharc dó láithreach agus lean sé é sa tslí.

© Cumann na Sagart 2020