AN CHÉAD LÉACHT. Rithe 4:42-44
Íosfaidh siad agus beidh fuíoll fágtha acu.
Tháinig fear ó Bhál Seáiliseá agus thug leis chun giolla Dé arán a rinneadh de na céadtorthaí, fiche builín eorna agus arbhar úr [sa dias]. “Tabhair don phobal é le hithe,” arsa Eilíseá. D’fhreagair a sheirbhíseach: “Conas is féidir liom é seo a roinnt ar chéad duine?” “Tabhair don phobal é le hithe,” ar seisean go daingean, “óir seo mar a deir an Tiarna: ‘Íosfaidh siad agus beidh fuíoll fágtha acu.’” Roinn sé orthu é. D’ith siad agus bhí fuíoll fágtha acu, mar a dúirt an Tiarna.
SALM LE FREAGRA. Sm144
Freagra: Osclaíonn tú do lámh a Thiarna agus sásaíonn tú sinn.
1. Ceiliúrfaidh d’oibreacha thú, a Thiarna,
agus beannóidh do dhaoine naofa thú.
Canfaidh siad glóir do ríochta,
agus foilseoidh siad do chumhacht. Freagra
2. Bíonn súile cách ag feitheamh ort,
agus tugann tú bia dóibh in am tráth.
Osclaíonn tú do lámh
is sásaíonn tú a bhfuil beo le do chinéaltas Freagra
3. Is fíréanta an Tiarna ina shlite uile
is is naofa é ina oibreacha go léir.
Is gairid an Tiarna dá ngaireann air,
dá ngaireann air go fírinneach. Freagra
AN DARA LÉACHT . hEifísigh 4:1-6
Aon chorp amháin, aon Tiarna amháin, aon chreideamh amháin agus aon bhaisteadh amháin.
A bhráithre, táim ag impí oraibh, dá bhrí sin, agus mé i mo ghéibheannach ag an Tiarna, bhur saol a thabhairt go cuí de réir na gairme atá faighte agaibh agus sibh a bheith lán d’uirísle, de láchas agus d’fhoighne. Cuirigí suas go carthanach le chéile agus déanaigí bhur ndícheall chun an aontacht a thagann ón Spiorad a choimeád faoi cheangal na síochána. Aon chorp amháin agus aon Spiorad amháin atá ionaibh faoi mar nach bhfuil ach aon dóchas amháin agaibh ó fuair sibh bhur ngairm ó Dhia. Níl ann ach aon Tiarna amháin, aon chreideamh amháin agus aon bhaisteadh amháin. Níl ann ach aon Dia amháin atá ina Athair ag cách: é os cionn cách agus ag gníomhú i gcách agus istigh i gcách uile.
Alleluia Véarsa . Eo 6: 63, 68
Alleluia, alleluia!
Na focail atá ráite agat, a Thiarna, is spiorad agus is beatha iad.
Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
Alleluia!
AN SOISCÉAL. Marcas 6:1-15
Roinn Íosa oiread agus ab áil leo ar na daoine agus iad ina suí.
San am sin d’imigh Íosa anonn thar farraige na Gailíle, is é sin, farraige Thibirias. Lean slua mór é mar chonaic siad na comharthaí a bhí sé a dhéanamh ar lucht tinnis. Ghabh Íosa an sliabh suas agus shuigh ansiúd in éineacht lena dheisceabail.
Bhí féile na nGiúdach, an Cháisc, in achmaireacht.
Nuair a d’ardaigh Íosa a shúile, mar sin, agus nuair a chonaic go raibh slua mór ag teacht chuige, dúirt sé le Pilib: “Cá gceannóimid arán chun go mbeadh bia acu seo?” Ag baint trialach as a dúirt sé é sin, mar bhí a fhios aige féin cad a bhí sé chun a dhéanamh. D’fhreagair Pilib é: “Níor leor luach dhá chéad déanar d’arán chun go mbeadh greim an duine acu.” Dúirt duine dá dheisceabail leis – ba é Aindrias é, deartháir Shíomóin Peadar: “Tá ógánach anseo a bhfuil cúig builíní eorna aige, agus dhá iasc, ach cá rachadh an méid sin ar oiread daoine?” Dúirt Íosa: “Cuirigí na daoine ina suí” – bhí mórán féir san áit. Shuigh siad síos mar sin, timpeall cúig mhíle duine. Agus thóg Íosa na builíní, d’altaigh, agus roinn iad ar na daoine agus iad ina suí; agus mar an gcéanna oiread agus a b’áil leo de na héisc. Nuair a bhí siad sách, dúirt sé lena dheisceabail: “Bailígí an bruscar fuíligh chun nach rachadh aon ní amú.” Bhailigh siad ansin lán dhá chiseán déag de bhruscar as na cúig builíní eorna, a d’fhág na daoine a fuair an béile. Nuair a chonaic na daoine, mar sin, cad é mar chomhartha a bhí déanta ag Íosa, dúirt siad: “Is é seo go dearfa an fáidh atá le teacht ar an saol.” Agus ó bhí a fhios ag Íosa go raibh ar aigne acu teacht á fhuadach chun rí a dhéanamh de, chuaigh sé i leataobh arís faoin sliabh ina aonar.