Léachtaí an Aifrinn, 27 Meán Fómhair 2015 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

AN CHÉAD LÉACHT          Uimreacha 11:25-29
An amhlaidh atá formad ort ar mo shonsa? Uch nach fáithe iad pobal an Tiarna ar fad

 

Tháinig an Tiarna anuas sa Néal agus labhair le Maois agus thóg de cuid den spiorad a bhí air agus chuir ar an seachtó seanóir é. Nuair a luigh an spiorad orthu rinneadar fáidheoireacht. ach ní dhearnadar sin arís.

D’fhan beirt fhear sa champa – Ealdad a ba ainm do dhuine díobh agus Méadad a ba ainm don duine eile. Luigh an spiorad orthu; cé nach ndeachadar go dtí an Bhoth cláraíodh a n-ainmneacha leis an gcuid eile. Chromadar ar fháidheoireacht sa champa. Rith an fear óg leis an scéala go Maois: “Féach! seo Ealdad agus Méadad ag fáidheoireacht sa champa!” Ansin dúirt Iósua mac Nún, duine tofa dá chuid a bhíodh ag fónamh do Mhaois: “A Mhaois, a thiarna, cuir cosc leo!” Ach dúirt Maois leis: “An amhlaidh atá formad ort ar mo shonsa? Uch nach fáithe iad pobal an Tiarna ar fad, agus nár chuir an Tiarna a spiorad orthu go léir!”

SALM LE FREAGRA.        Sm 18
Freagra :                                    Cuireann proiceapta an Tiarna áthas ar an gcroí.

I. Tá dlí an Tiarna go foirfe,
tugann sé fortacht don anam,
tá foráil an Tiarna go daingean,
tugann sí teagasc do na haineolaigh.  
Freagra

2.Tá eagla an Tiarna go híon
ag maireachtáil de shíor;
tá breitheanna an Tiarna go fíor,
is tá siad uile go cóir.                                 
Freagra

3. Múineann siad eolas do do ghiolla;
cúis luaíochta a gcomhlíonadh.
Cé a fheadann a chIonta a chomhaireamh?
Glan mé ó pheacaí folaigh.                      
Freagra

4. Caomhnaigh do ghiolla ar an uabhar
sula bhfaighe sé mo bhua.
Ansin is ea a bheidh mé gan smál,
saor ar thrompheaca.                               
Freagra

AN DARA LÉACHT                   Séamus 5:1-6
Tá meirg tagtha ar bhur gcuid óir agus airgid.

A

nois a lucht an tsaibhris, déanaigí gol agus olagón de bharr na dtubaistí atá le teacht sa mhullach oraibh. Chuaigh lobhadh ar bhur saibhreas agus d’ith na leamhain bhur gcuid éadaigh. Tá meirg tagtha ar bhur gcuid óir agus airgid, agus beidh an mheirg orthu ina fianaise in bhur n-aghaidh agus alpfaidh sí bhur gcuid feola mar a dhéanfadh tine. Tá stór curtha i dtaisce agaibh le haghaidh na laethanta deireanacha! Féach, tuarastal na n-oibrithe a bhain fómhar bhur gcuid gort, agus a choinnigh sibh uathu go calaoiseach, tá sé ag éamh os ard; agus tá cluasa Thiarna na Slua sroichte ag éamh na mbuanaithe. Chaith sibh bhur saol ar talamh le só agus le sáile; chuir sibh saill ar bhur gcroí lá an áir. Dhaor sibh an neamhurchóideach agus mharaigh sibh é; ní chuireann sé in bhur gcoinne.

Alleluia Véarsa                        Eo 17: 17  

Alleluia, alleluia!
Is fírinne do bhriathar A Thiarna,
déan sinn a naomhú san fhírinne.
Alleluia!

AN SOISCÉAL                        Marcas 9:38-43. 45.47-48
An té nach bhfuil inár n-aghaidh, tá sé ar ár son.

San am sin dúirt Eoin le h Íosa: “A mháistir, chonaiceamar duine nach leanann sinn ag caitheamh deamhan amach i d’ainmse, agus chuireamar cosc leis mar níor lean sé inár mbuíon.” Dúirt Íosa: “Ná cuirigí aon chosc leis; níl aon duine a dhéanfaidh míorúilt i m’ainmse agus a fhéadfaidh, go luath, an drochfhocal a bheith aige orm;
óir an té nach bhfuil inár n-aghaidh, tá sé ar ár son.

“Má thugann duine ar bith cupán d’fhíoruisce daoibh as ucht gur le Críost sibh,
deirim libh go fírinneach nach mbeidh sé gan a thuarastal a fháil. “

Ach má thugann aon duine scannal do dhuine ar bith de na rudaí beaga seo a chreideann ionamsa, b’fhearr dó go gcuirfí bró mhuilinn faoina mhuineál agus é a chaitheamh san fharraige. Más siocair pheaca duit do lámh, gearr anuas í; is fearr duit dul isteach sa bheatha i do mhairtíneach ná an dá láimh a bheith agat agus tú a dhul go hifreann, an tine nach féidir a mhúchadh (an áit nach n-éagann an phiast acu agus nach múchtar an tine). Agus más siocair pheaca duit do chos, gearr anuas í; is fearr duit dul isteach sa bheatha bacach ná an dá chois a bheith agat agus tú a chaitheamh in ifreann Agus más siocair pheaca duit do shúil, caith uait í; is fearr duit a bheith ar leathshúil ag dul isteach i ríocht Dé ná an dá shúil a bheith agat agus tú a chaitheamh in ifreann, an áit nach n-éagann an phiast acu agus nach múchtar an tine.

© Cumann na Sagart 2020