Léachtaí an Aifrinn, 30 Lúnasa 2015 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

AN CHÉAD LÉACHT          Deotranaimí 4:1-2. 6-8
Ná cuirigí aon bhreis lena n-ordaím daoibh ach coimeádaigí aitheanta an Tiarna

Dúirt Maois leis an bpobal: Más ea, a Iosrael, tabhair aird ar na dlíthe agus na reachtanna a mhúinim daoibh; comhlíonaigí iad i dtreo go mairfeadh sibh agus go rachadh sibh isteach agus seilbh a ghlacadh ar an bhfearann atá an Tiarna, Dia bhur n-aithreacha, á thabhairt daoibh. Ná cuirigí aon bhreis lena n-ordaím daoibh, agus ná bainigí uaidh, ach coimeádaigí aitheanta an Tiarna bhur nDia go beacht mar a ordaím daoibh iad. Coimeádaigí iad agus leanaigí iad, agus taispeánfaidh siad bhur n-eagna agus bhur dtuiscint don saol. Nuair a chluinfidh siad faoi na dlíthe seo go léir, déarfaidh siad: ‘Nach eagnaí agus nach tuisceanach an dream an cine mór seo!’ Agus cén cine mór atá ann a bhfuil a ndéithe chomh gar dóibh agus atá an Tiarna ár nDia dúinne ach glaoch air? Agus cén cine mór a bhfuil comhfhíréan an dlí go léir, a chuir mé romhaibh inniu, de dhlíthe agus de reachtanna acu?

SALM LE FREAGRA.         Sm14
Freagra:                                A Thiarna, cé a dhéanfaidh cónaí i do phuball?

1. Cé a lonnóidh ar do Shliabh Naofa, a Thiarna?
An té a shiúlann gan cháim;
an té a dhéanann firéantacht,
a labhraíonn go díreach óna chroí
agus nach ndéanann tromaíocht lena theanga. 
Freagra

2. An té nach ndéanann olc dá chomharsa
is nach dtugann masla don duine thall;
an té ar beag aige an drochdhuine
agus ar mór aige aos eagla an Tiarna.                
Freagra

3. An té nach ngabhann siar ar a bhriathar,
bíodh gur mhionnaigh sé chun a dhíobhála féin;
an té nach gcuireann a chuid airgid ar úsaireacht
is nach nglacann le breab in aghaidh an neamhchiontaigh.
An té sin a dhéanfaidh amhlaidh,
ní bhainfear dá threoir é go brách.                     
Freagra

AN DARA LÉACHT     Séamus 1:17-18. 21.27
Caithfidh sibh an briathar Dé a chur i ngníomh chomh maith.

A clann ionúin, níl aon dea-thíolacadh, ná aon tabhartas foirfe, nach anuas a thagann sé, ag teacht anuas ó Athair na soilse, nach bhfuil aon mhalartú ina láthair ná aon scáil athraithe. Ghin sé sinn dá dheoin féin trí bhriathar na fírinne ionas go mba céadtoradh ar shlí sinn ar ar chruthaigh sé.

Glacaigí go ceansa le briathar Dé a síoladh ionaibh, an briathar atá in ann bhur n-anam a shlánú. Ná cuirigí dallamullóg oraibh féin; ní hé amháin go gcaithfidh sibh éisteacht leis an mbriathar, caithfidh sibh é a chur i ngníomh chomh maith.

Seo é fíorchleachtadh an chreidimh atá glan agus gan smál i láthair Dé agus an Athar: cuairt a thabhairt ar na dílleachtaí agus ar na baintreacha in am a ngátair agus gan ligean don saol thú féin a thruailliú.

Alleluia Véarsa           Eo 6: 63, 68

Alleluia, alleluia!
Na focail atá ráite agat, a Thiarna, is spiorad agus is beatha iad.
Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
Alleluia!

AN SOISCÉAL             Marcas 7:1-8. 14-15. 21-23
Fágann sibh aithne Dé agus coinníonn sibh traidisiún na ndaoine.

San am sin na Fairisínigh agus cuid de na scríobhaithe a bhí tar éis teacht ó Iarúsailéim, chruinnigh siad le chéile chuige, agus nuair a chonaic siad go raibh cuid dá dheisceabail ag caitheamh a gcoda le lámha neamhghlana, is é sin, le lámha nach raibh nite – óir, na Fairisínigh agus na Giúdaigh uile, ní chaitheann siad a gcuid gan a lámha a ní, ag coinneáil traidisiún na sinsear; agus an rud a thagann ón margadh, ní itheann siad gan uisce a chroitheadh air, agus tá mórán nithe eile a choinníonn siad ó shinsearacht, cupaí a ní agus corcáin agus soithí práis – d’fhiafraigh na Fairisínigh agus na scríobhaithe de: “Cén fáth nach siúlann do dheisceabail de réir thraidisiún na sinsear ach a gcuid bia a chaitheamh le lámha neamhghlana?” Dúirt sé leo: “Is breá an tairngreacht a rinne Íseáia mar gheall oraibhse, bréagchráifigh, mar atá scríofa:

‘ Tugann an pobal seo onóir dom ó bheola
ach is fada uaim atá a gcroí;
is díomhaoin dóibh bheith do m’adhradh
óir níl sa teagasc a mhúineann siad ach aitheanta daonna.’

“Fágann sibh aithne Dé agus coinníonn sibh traidisiún na ndaoine,

Ghlaoigh sé an slua chuige arís agus dúirt sé leo: “Éistigí sibh uile liom agus bainigí meabhair as an méid seo. Níl aon ní lasmuigh den duine a d’fhéadfadh, trí dhul isteach ann, é dhéanamh neamhghlan, ach is iad na nithe a thagann amach as an duine a dhéanann an duine neamhghlan. Óir is ón taobh istigh, amach as croí na ndaoine, a thagann drochsmaointe, bearta drúise, gadaíochtaí, dúnmharuithe, bearta adhaltranais, sainteanna, mallaitheachtaí, cealg, ainriantacht, formad, ithiomrá, díomas, amadántacht. Is ón taobh istigh a thagann na drochnithe sin uile, agus déanann siad neamhghlan an duine.”

© Cumann na Sagart 2020