Léachtaí an Aifrinn, 6 Meán Fómhair 2015 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

AN CHÉAD LÉACHT           Íseáia 35:4-7
réiteofar cluasa na mbodhar agus teanga an bhalbháin ag gabháil ceoil le lúcháir.

Abraigí le lucht an chroí mhearaithe:
“Músclaígí bhur misneach; ná bíodh eagla oraibh.
Breathnaígí! Is é bhur nDia atá ann,
tá sé chugaibh leis an díoltas atá ag dul daoibh;
Dia atá ann ag agairt a chúitimh,

agus é ag teacht do bhur slánú.”

Déanfar a súile do na daill an uair sin
agus réiteofar cluasa na mbodhar;
beidh an bacach ag léimneach mar a bheadh fia ann
agus teanga an bhalbháin ag gabháil ceoil le lúcháir.

Óir brúchtfaidh uisce aníos san fhásach
agus srutháin i bhfearann an triomaigh;
déanfar linn den talamh spallta
agus toibreacha uisce de thír an tarta.

SALM LE FREAGRA.         Sm 145
Freagra :                               Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom.
Malairt freagra                  Alleluia!

1. Is é an Tiarna a sheasann lena bhriathar de shíor,
agus a dhéanann ceart don drong atá faoi chois;
is é an Tiarna a scaoileann na braighdeanaigh.            Freagra

2. Osclaíonn sé súile na ndall,
tógann sé suas an dream atá crom.
Cumhdaíonn an Tiarna an coimhthíoch,
déanann tacaíocht don dílleachta is don bhaintreach  Freagra

3. Tugann an Tiarna grá don fhíréan,
ach cuireann sé slí na bpeacach trí chéile.
Beidh an Tiarna i réim go brách,
ina Dhia, a Síón, ó ghlúin go glúin.                                   Freagra

AN DARA LÉACHT     Séamus 2:1-5
Thogh Dia an mhuintir atá bocht le bheith ina n-oidhrí ar an ríoch.

Seachain an fabhar sibhse, a bhráithre, a bhfuil creideamh ár dTiarna Íosa Críost, Tiarna na glóire, agaibh. Mar má thag

ann fear faoi fháinní óir agus é dea-ghléast isteach in bhur dtionól, agus má thagann fear eile isteach agus é bocht agus gan ach drochéadach air, agus má thugann sibhse ómós don té a bhfuil an t-éadach maith air agus a rá leis: “Bíodh an suíochán maith anseo agat,” agus a rá leis an bhfear bocht: “Seas ansiúd thall,” nó: “Suigh ar an urlár le hais stól mo chos,” nach bhfuil sibh ag déanamh leathchuma, agus nach bhfuil breithiúna déanta díbh, breithiúna na mbreitheanna éagóra?

Éistigí, a bhráithre ionúine, nach iad an mhuintir atá bocht os comhair an tsaoil a thogh Dia le bheith saibhir sa chreideamh agus le bheith ina n-oidhrí ar an ríocht a gheall sé dóibh siúd a thugann grá dó?

Alleluia Véarsa         1Sam3:9, Eo 6:68.

Alleluia, alleluia!
Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.
Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
Alleluia! 

AN SOISCÉAL          Marcas 7:31-37
Thug sé éisteacht do bhodhráin agus caint do bhalbháin.

S

an am sin ar dhul amach dó arís as críocha na Tuíre, chuaigh Íosa tríd an tSíodón go farraige na Gailíle trí lár chríocha Dheacapoil. Agus thug siad chuige duine bodhar a raibh bascadh ar a chaint agus d’iarr siad air a lámh a chur air. Thug sé i leataobh ón slua é ar leithligh agus chuir a mhéara ina chluasa, le seile as a bhéal bhain sé lena theanga, agus, ag breathnú suas ar neamh dó, rinne sé osna agus dúirt leis: “Eafatá!” – focal a chiallaíonn: “Osclaítear thú.” Agus osclaíodh a chluasa láithreach, agus scaoileadh an sreangán dá theanga agus labhair sé i gceart. Agus d’ordaigh sé dóibh gan a insint do dhuine ar bith, ach dá ghéire a d’ordaigh sé dóibh is ea ba mhó a bhí siad á fhógairt, agus bhí ionadh saoil orthu ag rá: “Rinne sé gach aon ní go maith: thug sé éisteacht do bhodhráin agus caint do bhalbháin.”

© Cumann na Sagart 2020