Sollúntas Corp Chríost
AN CHÉAD LÉACHT: Exodus 24:3-8
Seo fuil an Chonartha a rinne an Tiarna libh.
Tháinig Maois agus d’aithris sé don phobal aitheanta uile an Tiarna agus a reachtanna uile. D’fhreagair an pobal go léir d’aonghuth: “Na haitheanta go léir a thug an Tiarna, déanfaimid iad a chomhlíonadh.” Agus chuir Maois aitheanta uile an Tiarna i scríbhinn agus d’éirigh sé go moch lá arna mhárach agus thóg sé altóir faoi bhun an tsléibhe, le dhá ghallán déag do dhá threibh déag Iosrael. Agus threoraigh sé ógánaigh de phobal Iosrael i mbun ofrálacha loiscthe agus síochána de dhaimh don Tiarna.
Agus thóg Maois leath na fola agus chuir i miasa í, agus dhoirt sé an leath eile ar an altóir. Ansin thóg sé leabhar an chonartha, agus léigh é i gcomhchlos an phobail, agus dúirt siad: “Na haitheanta go léir a thug an Tiarna, déanfaimid iad a chomhlíonadh, agus beimid umhal.” Ansin thóg Maois an fhuil agus chroith ar an bpobal í, agus dúirt: “Seo fuil an chonartha a rinne an Tiarna libh de réir na mbriathra seo go léir.”
SALM LE FREAGRA. Sm 115 Freagra : Glacfaidh mé cupán an tslánaithe;
agus gairfidh mé ar ainm an Tiarna.
Malairt Freagra Alleluia!
1. Cén cúiteamh a dhéanfaidh mé leis an Tiarna
ina ndearna sé dom?
Glacfaidh mé cupán an tslánaithe;
agus gairfidh mé ar ainm an Tiarna. Freagra
2. Is luachmhar i bhfianaise an Tiarna
bás a chuid naomh.
A Thiarna, is mise do ghiolla;
scaoil tú mo chuibhreacha díom. Freagra
3. Ofrálfaidh mé duit íobairt an mholta,
gairfidh mé ar ainm an Tiarna.
Comhlíonfaidh mé ar mhóidigh mé don Tiarna
i láthatr a phobail go léir. Freagra
AN DARA LÉACHT: Eabhraig 9:11-15
Glanfaidh fuil Chríost ár n-anam ó pheacaí marfacha.
A bhráithre, tháinig Críost agus é ina ardsagart a bhféadfaí na maitheasaí uile a bhí [tagtha] a fháil tríd. Ghabh sé trí bhoth a bhí níos mó agus níos foirfe ná an seancheann; mar ní raibh sí lámhdhéanta, is é sin le rá, níor den saol seo í. Chuaigh sé isteach san Áit Rónaofa aon uair amháin ar fad agus ní le cabhair fuil ghabhar agus laonna é ach lena chuid fola dílis féin agus fuair sé slánú síoraí dúinn. Nuair a chroitear fuil ghabhar agus tharbh agus luaithreach bodóige dóite ar dhaoine atá neamhghlan mar gheall ar dheasghnátha an liotúirge, baintear an neamhghlaine dheasghnáthach seo díobh agus naomhaítear iad. Más ea, nach bhfuil fuil Chríost níos cumhachtaí go mór ná é sin? Óir de bharr a spioraid bhuanmharthanaigh d’ofráil Íosa é féin chun Dé ina íobairt gan smál. Glanfaidh sé bhur gcoinsias ó pheacaí marfacha ionas go mbeidh sé ar bhur gcumas seirbhís a dhéanamh do Dhia beo.
Agus is é an fáth a bhfuil sé ina idirghabhálaí ar chonradh nua ná ionas go bhfaigheadh na daoine a bhfuil glaoite orthu an oidhreacht shíoraí atá geallta ag Dia dóibh. Is féidir é seo a tharlú anois ós rud é go bhfuair Críost bás in éiric na gcionta a rinneadh le linn an chéad chonartha.
Rosc
Gabh ag moladh an tSlánaitheora,
Moltar leat le dicheall cr01 é,
Abhar speisialta molta farat
An t-arán is léir gur dáileadh
Moladh iomián dó, moladh ceolmhar,
Mar i gcuimhne chruinn an lae seo
Sa phroinn sin an nuareachta
Chuir an nuaiocht an ruaig ar àrsacht,
An t-éacht a rinne Criost ag bord ann,
Ag géileadh d’ordO an té a thug grá dOinn
Alt dãr gcrideamh fíor go ndéantar
An rud nach bhfeictear is nach smaoinítear
Ceiltear faoi éagsúlacht gnéithe,
Feoil an t-arán, fuil an fíon ann,
An caitheoir, gan roinnt gan pléascadh,
Glacann duine é, glacann míle,
Glacann daoine, an t-oic is an maith, é,
Don dea-fhear beatha, bás don drochihear dáiltear;
An tsacraimint faoi dheoigh ma bhristear,
Ar aon ní ní théann an briseadh,
Féach, arán na n-aingeal
Is lêir a réamhchomharthaí le hinsint:
A Aráin chirt, a Aoire dhiis,
A Rí na gcumhacht, an uile Os léir duit,
Amen! Alleluia!
AN SOISCÉAL: Marcas 14:12-16. 22-26
Is é seo mo chorp. Is .í seo m’fhuil.
Ar an gcéad lá d’fhéile an tSlimaráin, nuair ba ghnách leo an cháisc a íobairt, dúirt a dheisceabail le h Íosa: “Cárbh áil leat go rachaimis agus ullmhú duit chun an cháisc a ithe?” Chuir sé uaidh beirt dá dheisceabail agus dúirt sé leo: “Téigí isteach sa chathair, agus buailfidh fear libh agus próca uisce aige á bhreith leis. Leanaigí é agus cibé áit a dtéann sé isteach, abraigí le fear an tí ‘Deir an máistir: Cá bhfuil mo sheomra aíochta go n-ithinn an cháisc in éineacht le mo dheisceabail?’ Agus taispeánfaidh sé daoibh seomra mór in airde staighre, é feistithe ullamh. Déanaigí an réiteach ansiúd dúinn.” D’imigh na deisceabail leo agus tháinig siad isteach sa chathair, agus fuair siad mar a dúirt sé leo, agus d’ullmhaigh siad an cháisc.
Le linn dóibh a bheith ag ithe, thóg Íosa arán, agus ar a bheannú dó, bhris agus thug dóibh é agus dúirt: “Tógaigí; is é seo mo chorp.” Agus thóg sé an cupa, agus ar altú dó, thug dóibh é, agus d’ól siad go léir as. Agus dúirt sé leo: “Is í seo m’fhuilse an tiomna, atá le doirteadh ar son a lán. Deirim libh go fírinneach, nach n-ólfaidh mé den sú seo na fíniúna a thuilleadh go dtí an lá sin nuair a ólfaidh mé ina fhíon nua é i ríocht Dé.”