AN DARA DOMNACH DEN AIDBHINT
AN CHÉAD LÉACHT: Barúch5:1-9
Óir taispeánfaidh Dia do bhreáthacht do gach náisiún faoin spéir.
Bain díot, a Iarúsailéim,
do róba dobróin agus ainnise
agus bíodh niamhracht ghlóir Dé
á caitheamh agat go brách.
Cóirigh thú féin faoi bhrat na fíréantachta
a thagann ó Dhia;
cuir ar do cheann coróin ghlóir an Neach Shíoraí.
Óir taispeánfaidh Dia do bhreáthacht
do gach náisiún faoin spéir.
Is é an t-ainm a thabharfaidh Dia ort feasta:
An tSíocháin a Ghineann an Fhíréantacht,
An Ghlóir a Eascraíonn ón gCráifeacht.
Éirigh, a Iarúsailéim, agus seas ar na harda
agus breathnaigh soir, go bhfeice tú do chlann
agus iad bailithe le chéile anoir agus aniar,
ar ordú an Neach Naofa
agus iad ag déanamh lúcháire
de bhrí go bhfuil Dia tar éis cuimhneamh orthu.
Óir, d’imigh siad amach uait de shiúl a gcos
agus iad á dtiomáint ag a naimhde.
Ach tá Dia á dtabhairt ar ais chugat
agus iad á n-iompar go glórmhar
mar fhlatha ríoga.
Mar tá Dia tar éis ordú a thabhairt
go n-ísleofaí gach cnoc ard agus na sléibhte síoraí,
agus go líonfaí isteach na gleannta, ina machaire réidh,
chun go bhféadfadh Iosrael siúl go sábháilte slán faoi ghlóir Dé.
Tabharfaidh na coillte agus gach crann cumhra
scáth d’Iosrael ar ordú Dé.
Óir treoróidh Dia Iosrael go lúcháireach
agus leis an trócaire agus leis an ionracas is dual dó.
SALM LE FREAGRA. Sm 125 Freagra : Rinne an Tiarna éachtaí dúinn:
táimid go lúcháireach.
1. Nuair a thug an Tiarna príosúnaigh Síón abhaile
ba chosúil sinn le daoine ag brionglóidigh.
Ansin líonadh ár mbéal le gáire,
agus ár dteanga le gairdeas. Freagra
2. Ansin bhíothas á rá i measc na gciníocha:
‘Rinne an Tiarna éachtaí.’
Rinne an Tiarna éachtaí dúinn:
táimid go lúcháireach. Freagra
3. Cuir sonas orainn arís, a Thiarna,
ar nós sruthanna san fhásach ó dheas.
An mhuintir a chuireann síol le deora,
bainfidh siad an fómhar le gairdeas. Freagra
4. Ag imeacht dóibh imíonn siad ag sileadh na ndeor,
agus iad ag iompar síl chun a scaipthe;
ag teacht dóibh tiocfaidh siad le gairdeas,
agus a bpunanna á n-iompar acu. Freagra
AN DARA LÉACHT: 1Filipigh1:3-6. 8-11
Go mbeidh sibh glan gan locht i gcomhair lá Chríost.
A bhráithre, gach uair dá gcuimhním oraibh gabhaim buíochas le mo Dhia agus gach uair a bhím ag guí déanaim guí oraibh uile go lúcháireach, mar gheall ar an bpáirt a bhí agaibh sa dea-scéal ón gcéad lá riamh go dtí inniu.
Agus táim cinnte den mhéid seo: an té a thosaigh an dea-obair in bhur measc go leanfaidh sé á chur i gcrích go dtí lá Íosa Críost. Is maith is ceart dom an aigne seo a bheith agam in bhur dtaobh go léir, de bhrí go bhfuil sibh i gcochall mo chroí agam agus a rá go bhfuil sibh go léir rannpháirteach sa ghrásta a bhronn Dia orm, cibé acu a bhím i gcuibhreacha nó ag cosaint agus ag daingniú an dea-scéil. Tá a fhios ag Dia go bhfuilim ag tnúth libh uile le cion Íosa Críost féin. Is é mo ghuí go rachaidh bhur ngrá dá chéile i méid agus i méid le barr eolais agus tuisceana, sa tslí go mba rogha libh na nithe is fearr agus go mbeidh sibh glan gan locht i gcomhair lá Chríost agus go mbeidh sibh lán de thorthaí na fíréantachta sin a thagann trí Íosa Críost, chun moladh agus glóire Dé.
Alleluia Véarsa Lc 3:4, 6
Alleluia, alleluia!
Ullmhaigí bóthar an Tiarna,
déanaigi díreach a chosáin.
Agus feicfidh an uile cholainn shánú Dé.
Alleluia!
AN SOISCÉAL : Lúcás 3:1-6
Feicfidh an uile cholainn slánú Dé.
Sa chúigiú bliain déag de réimeas Thibir Céasar, nuair a bhí Pointias Pioláit ina ghobharnóir ar Iúdáia, agus Héaród ina rí cúige ar an nGailíl, agus Pilib a dheartháir ina rí cúige ar cheantar Iotúráia agus Treachóinítis, agus Lusáinias ina rí cúige ar Aibiléiné, faoi ardsagartacht Annas agus Cháiafas, tháinig briathar Dé chun Eoin mac Zachairias san fhásach. Agus ghabh sé ar fud na tíre go léir timpeall na Iordáine ag fógairt bhaiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh, mar atá scríofa i leabhar ráite Íseáia fáidh:
“Glór duine ag éamh san fhásach:
‘ Réitígí bóthar an Tiarna,
déanaigí díreach a chasáin.
Líonfar gach cumar,
agus ísleofar gach sliabh agus cnocán;
déanfar na camshlite díreach
agus na bóithre anacra réidh,
agus feicfidh an uile cholainn slánú Dé.