CÉAD LÉACHT: Exodus 20:1-17
Tugadh an Dlí trí Mhaois.
Labhair Dia na briathra seo go léir. Dúirt sé: “Mise an Tiarna do Dhia a thug thú
amach as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse.
Ná bíodh aon déithe eile agat i mo láthair.
Ná déan duit féin aon íomhá ghreanta, ná cosúlacht aon ní dá bhfuil ar neamh thuas, ná ar talamh thíos, ná sna huiscí atá faoin talamh. Ná sléacht rompu agus ná déan iad a adhradh. Óir is Dia éadmhar mise, an Tiarna do Dhia, agus déanaim coir an athar a agairt ar an gclann mhac, agus ar chlann a chlainne go dtí an ceathrú glúin díobh siúd ar fuath leo mé, ach déanaim cineáltas buan leis na mílte díobh siúd a thugann grá dom agus a choimeádann m’aitheanta.
Ná luaigh ainm an Tiarna, do Dhia, le mí-úsáid a bhaint as. Óir an té a luafaidh ainm an Tiarna le mí-úsáid a bhaint as, ní fhágfaidh an Tiarna gan phionós é.
Cuimhnigh ar an tsabóid agus coinnigh naofa í. Caithfidh tú sé lá ag obair agus déanfaidh tú do shaothar go léir, ach an seachtú lá, is sabóid é don Tiarna do Dhia. An lá sin ná déan scaob oibre – tú féin ná do mhac, ná d’iníon, ná do dhaor ná do dhaoirseach, ná do stoc ná an deoraí atá faoi do dhíon. Óir is i sé lá a rinne an Tiarna neamh agus talamh agus an fharraige, agus gach a bhfuil iontusan, ach ar an seachtú lá scoir sé ó obair. Uime sin bheannaigh an Tiarna lá na sabóide agus naomhaigh é.
Tabhair do d’athair agus do do mháthair onóir i dtreo go mba fada iad do laethanta
ar an talamh a thug an Tiarna do Dhia duit.
Ná déan marú.
Ná déan adhaltranas.
Ná déan goid.
Ná tabhair fianaise bhréige in aghaidh do chomharsan.
Ná santaigh teach do chomharsan; ná santaigh bean do chomharsan, ná a dhaor ná a dhaoirseach, ná a dhamh ná a asal, ná aon ní is leis.”
SALM LE FREAGRA. Sm 18
Freagra : Is agatsa, a Thiarna, atá briathra na beatha síoraí
I. Tá dlí an Tiarna go foirfe,
tugann sé fortacht don anam;
ta foráil an Tiarna go daingean,
tugann sí teagase do na haineolaigh. Freagra
2. Tá proiceapta an Tiarna go díreach,
cuireann siad áthas ar an gcroí;
tá aithne an Tiarna go glan,
tugann sí solas don tsúil. Freagra
3. Tá eagla an Tiarna go híon
ag maireachtáil de shíor;
Tá breitheanna an Tiarna go fíor
is tá siad uile go cóir. Freagra
4. Is so-mhianaithe iad ná an t-ór,
fiú na mórán mínóir;
is is milse iad na mil,
is ná sileadh an chriathair mheala. Freagra
DARA LÉACT: 1 Coirintigh 1:22-25
CrIost atá céasta atá á fhógairt againne—ceap tuisle do na Giúdaigh, amaidí dar leis na ciníocha; ach dóibh siúd a lean ghairm is é eagna Dé é Criost.
A bhráithre, bíonn na Giúdaigh ag iarraidh “comharthaí” agus na Gréagaigh ag iarraidh “eagna,” ach níl againne á fhógairt ach Críost a céasadh. Col a ghlacann na Giúdaigh leis sin agus is díth céille é dar leis na gintlithe; ach dóibh siúd a bhfuil glaoite orthu, idir Ghiúdaigh agus Ghréagaigh, is é Críost cumhacht Dé agus eagna Dé é. Mar is críonna díth céille Dé ná eagna dhaoine agus is treise laige Dé ná an duine.
Véarsa Mth4: 4
Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine,
ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.
SOISCÉAL: Eoin 2:13-25
Leagaigí an teampall seo, agus i dtrí lá tógfaidh mé suas arís é.
N
uair a bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh Íosa suas go Iarúsailéim dá bhrí sin. Fuair sé sa sanctóir lucht ba agus caoirigh agus colmáin a dhíol, agus lucht airgead a mhalartú ina suí ann. Agus rinne sé sciúirse de théada agus thiomáin sé iad go léir amach as an sanctóir, na caoirigh agus na ba chomh maith; scaip sé airgead an lucht mhalartaithe agus leag sé na boird, agus dúirt sé le lucht na gcolmán a dhíol: “Beirigí na nithe sin as seo agus ná déanaigí teach margaidh de theach m’Athar.” Chuimhnigh a dheisceabail go bhfuil sé scríofa: “Déanfaidh díograis do thí mé a ithe.” D’fhreagair na Giúdaigh ansin: “Cén comhartha,” ar siad leis, “atá á thaispeáint agat dúinn mar bhonn lena bhfuil á dhéanamh agat?” D’fhreagair Íosa: “Leagaigí an teampall seo,” ar sé leo, “agus i dtrí lá tógfaidh mé suas arís é.” Dúirt na Giúdaigh á fhreagairt: “Sé bliana agus daichead atá an Teampall seo á thógáil, agus an dtógfaidh tusa é i dtrí lá?” Ach ar theampall a choirp féin a bhí seisean ag labhairt. Nuair a d’aiséirigh sé ó mhairbh, dá bhrí sin, chuimhnigh a dheisceabail go ndúirt sé an chaint seo agus chreid siad sa scrioptúr agus sa chaint a dúirt Íosa.
Fad bhí sé in Iarúsailéim le linn féile na Cásca chreid a lán ina ainm nuair a chonaic siad na comharthaí a bhí á ndéanamh aige. Ach Íosa féin, níor thug sé é féin ar iontaoibh dóibh mar gurb aithnid dó iad go léir. Agus nach raibh aon ghá aige go dtabharfadh aon duine fianaise dó i dtaobh an duine. Óir bhí fhios aige féin cad a bhí sa duine.